An Teampall Nua rogha na n-údar ach d’fhéadfadh go seasfaidh taithí na Gaeltachta leo

Ó fuair an Ghaeltacht an ceann is fearr orthu sa chluiche ceannais cúpla bliain ó shin, beidh an Teampall Nua ag iarraidh díoltas a bhaint amach nuair a chasfaidh na foirne ar a chéile arís i gcluiche ceannais chraobh idirmheánach peile Chiarraí i dTrá Lí inniu

An Teampall Nua rogha na n-údar ach d’fhéadfadh go seasfaidh taithí na Gaeltachta leo

Pádraig Óg Ó Sé (An Ghaeltacht). Pictiúr: Seán Ó Mainnín/Tuairisc.ie

An Ghaeltacht v An Teampall Nua – Páirc Aibhistín de Staic, 3.30pm

Má bhí siad chun craobh idirmheánach peile Chiarraí na bliana seo a bhuachan, bhí a fhios ag an nGaeltacht go raibh seans maith ann go mbeadh orthu an ceann is fearr a fháil ar an Teampall Nua.

Sin mar a tharla agus beidh na foirne ag tabhairt aghaidh ar a chéile i gcluiche ceannais na craoibhe tráthnóna, an dara huair le trí bliana anuas go raibh an dá fhoireann seo in aghaidh a chéile sa bhabhta deireanach.

An Ghaeltacht a bhuaigh an choimhlint eatarthu in 2017 nuair a d’éirigh le fir Chorca Dhuibhne an cluiche ceannais a bhuachan le haon phointe amháin. Ar an drochuair, bhí an ar an nGaeltacht an obair go léir a dhéanamh an athuair  éis dóibh titim ó ghrád na sinsear anuraidh.

Tá cuid mhaith den obair sin déanta anois. Tháinig siad slán ó Ghrúpa 3 sa chraobh mar ar bhuadar gach ceann dá gcluichí. Bhaineadar áit amach i gcluiche ceannais an lae inniu tar éis dóibh Piarsaigh na Dromad a chloí an deireadh seachtaine seo caite.

Níl aon amhras ar éinne, áfach, ach gur tráthnóna inniu is mó atá dúshlán rompu.

Ní bheidh aon easpa údar spreagtha ag an Teampall Nua, a chaill sa chluiche ceannais in 2016 agus in 2017 agus sa chluiche leathcheannais anuraidh. Beidh siad meáite ar ghreim a fháil ar chraobh an chontae faoi dheireadh.

Cinnte is iad an fhoireann ab fhearr a léirigh a gcumas sa chraobh go dtí seo. Bhuail siad greadadh ar Ghleann Fleisce sa bhabhta leathcheannais an deireadh seachtaine seo caite agus tá scata imreoirí acu atá ar phainéal Chiarraí faoi láthair.

Sa líne leathchúil amháin, tá beirt imreoirí idirchontae acu, Tadhg Morley agus Gavin Crowley. Is iontach an fuinneamh atá léirithe ag Adrian Spillane i lár páirce agus i measc na dtosaithe, tá leithéidí Brian Crowley, Stephen O’Sullivan agus go háirithe Killian Spillane breá ábalta scóranna a aimsiú.

É sin ráite, tá an Ghaeltacht an-láidir ó cheann ceann na páirce chomh maith. Is cosantóirí den scoth iad Brian Ó Beaglaoich agus Cathal Ó Lúing agus is féidir le Roibeard Ó Sé agus Éanna Ó Conchúir an-tionchar a bheith acu ar an imirt i lár páirce. Is mór an chailliúint é Tomás Ó Sé don Ghaeltacht ach tá Dara Ó Sé, Seán M. Ó Conchúir, Óigí Ó Sé agus a leithéidí sách cruinn chun na scóranna a bheidh ag teastáil a fháil.

Is iad an Teampall Nua rogha na n-údar roimh chluiche an lae inniu ach is beag atá idir na foirne. Níl aon dabht ach go ndearnadh tástáil níos crua ar an nGaeltacht ina gcluichí go dtí seo, go háirithe sa chluiche leathcheannais an deireadh seachtaine seo caite. Nuair a thiocfaidh an crú ar an tairne tráthnóna, d’fhéadfadh an taithí sin a bheith cinniúnach.

Rogha Tuairisc.ie: An Ghaeltacht

Fág freagra ar 'An Teampall Nua rogha na n-údar ach d’fhéadfadh go seasfaidh taithí na Gaeltachta leo'