An Taoiseach ag súil le ‘comhoibriú’ le Liz Truss agus í ceaptha ina príomh-aire

Is í Truss, a bhíodh den tuairim tráth den saol gur cheart deireadh a chur leis an monarcacht, an 15ú príomh-aire ó corónaíodh an Bhanríon Eilís II

An Taoiseach ag súil le ‘comhoibriú’ le Liz Truss agus í ceaptha ina príomh-aire

Pictiúr: Twitter/@RoyalFamily

Tá Liz Truss ceaptha ina Príomh-Aire ag Banríon Shasana.

Is í Truss, a bhíodh den tuairim tráth den saol gur cheart deireadh a chur leis an monarcacht, an 15ú príomh-aire ó corónaíodh an Bhanríon Eilís II.

Is í Truss an ceathrú príomh-aire ó na Tóraithe le sé bliana anuas.

Ceann de na dúshláin is mó atá roimpi ná an scoilt mhór atá ina páirtí, atá go mór chun deiridh sna pobalbhreitheanna.

Rinne an Taoiseach Micheál Martin comhghairdeachas le Truss agus dúirt sé go raibh sé ag súil le bheith ag comhoibriú léi. Bhí súil aige leis, a dúirt sé, go bhféadfaí “leas a bhaint as an tréimhse romhainn” chun teacht “ar chomhaontú” faoi “na ceisteanna” a bhain le cur i bhfeidhm an Phrótacail don Tuaisceart.

Ag labhairt dó le hiriseoirí ina dhiaidh sin, shéan Michéal Martin go raibh sé soineanta a bheith ag súil le feabhas ar an gcaidreamh Angla-Éireannach agus an té a bhrúigh chun cinn an reachtaíocht chun fáil réidh le gnéithe de Phrótacal an Tuaiscirt anois ina príomh-aire.

Beidh polaiteoirí agus lucht taidhleoireachta in Éirinn ag éisteacht go cáiréiseach le Truss as seo go ceann cúpla lá féachaint an dtabharfaidh sí aon leid faoina bhfuil i gceist aici a dhéanamh faoi Phrótacal Thuaisceart Éireann.

Chuirfeadh an reachtaíocht a bhrúigh sí féin chun cinn deireadh go haontaobhach le go leor den phrótacal, an comhaontú a rinne an tAontas Eorpach le Rialtas na Breataine chun teorainn chrua a sheachaint ar oileán na hÉireann.

Má tá rún ag Truss i gcónaí an reachtaíocht chonspóideach a thabhairt isteach d’fhéadfadh go dtógfadh sé tamall uirthi agus go leor i dTeach na Tiarnaí atá ina coinne.

Idir an dá linn, d’fhéadfadh sí feidhm a thabhairt d’Alt 16 den phrótacal, gníomh a chuirfeadh stop le go leor de na seiceálacha ar earraí a sheoltar as an mBreatain go dtí an Tuaisceart.

Más mian léi feidhm a thabhairt d’Alt 16 níl ag Truss ach go dtí an 15 Meán Fómhair chun sin a dhéanamh.

Tá Truss tagtha i gcomharbacht ar Boris Johnson a thug ráiteas lasmuigh de Shráid Downing ar maidin sula ndeachaigh sé go dtí caisleán Bhaile Morail in Obar Dheathain na hAlban chun éirí as.

Timpeall meán lae a chuir Johnson in iúl go hoifigiúil don Bhanríon Eilís go raibh sé ag éirí as. Chas Truss leis an mBanríon ansin agus tugadh cuireadh do cheannaire nua na dTóraithe a bheith ina príomh-aire agus rialtas nua a bhunú.

Tá deacrachtaí siúil ag an mBanríon agus seo an chéad uair nach ndearna sí an dualgas áirithe seo a chomhlíonadh i bPálás Buckingham.

Tabharfaidh Truss a céad óráid mar phríomh-aire ó Shráid Downing ag timpeall 4pm tráthnóna.

Ceann de na chéad chúraimí a bheidh ar Truss ná a hairí rialtais a fhógairt, rud a dhéanfaidh sí tráthnóna. D’fhéadfadh, den chéad uair riamh, nach mbeidh aon fhear geal in aon cheann de na ceithre oifig stáit is sinsearaí.

Meastar gurb í an Rúnaí Gnó Kwasi Kwarteng, cara mór de chuid Truss, a cheapfar ina seansailéir.  Tuairiscítear gurb í Suella Braverman a roghnóidh Truss mar rúnaí baile agus gur James Cleverly a thiocfaidh i gcomharbacht ar an gceannaire nua mar rúnaí gnóthaí eachtracha.

Tá sé i gceist ag Truss ciorruithe cánach a thabhairt isteach agus tuairiscítear chomh maith go bhfuil rún aici billí fuinnimh a choinneáil mar atá agus gan aon ardú eile a cheadú ar phraghsanna.

Fág freagra ar 'An Taoiseach ag súil le ‘comhoibriú’ le Liz Truss agus í ceaptha ina príomh-aire'

  • Billie/Billings --Dónall Mór

    ***********************************************************************************
    http://artpickle.com/index.cfm?artpage=webhome&webtab=testsite&webid=11059
    ***********************************************************************************

    ———–‘Maggie Nua’ tofa ag ciorcal capitileach na dTóraigh agus lucht na maoine ——-

    ——-‘ Dúisigh a Mhaggie tá rud eigin a chaithfidh mé a rá leat’, mar a deir an t-amhrán —–

    An dallamhullóg nua curtha arís ar muintir na Breataine ag na Tóraithe agus fiú amháin ar mhuintir na Sé Chontae na bí ag caint faoin Taoiseach.

    ‘S Liz Truss a bhfuil rún aici an córas caipitileach a bhainistiú ar son lucht an tsaibhris agus an gnáth duine fágtha ar an trá folamh gan aige/aici óna lámh go dtí a b(h)éal faoi bhoilsciú a choinníonn an brabus ag fás agus do chosa fuar.

    Cluas bodhair tugtha acu d’Éirinn agus a cás faoi athaontú na tíre lena seasamh láidir chun fáil réidh le gnéithe de Phrótacal/Nós-imeachta an ‘Tuaiscirt’.

    ‘Alt 16’ a chur i bhfeidhm agus teorainn nua a chruthú ag na Sasanaigh arís gan bacadh le Ceannasaíocht na Tíre seo.

    Níorbh féidir comhaontú a shocrú le dream ar bith de chineál na dToraithe anois go bhfuil ‘Maggie’ nua aimsithe acu.

    Tabhair bata is bóthar dóibh chun a’ bhaile go dtí an Bhreatain mar a d’fhoglaim muid ó Stair na Tíre seo.

    Is mise
    Dónall Mór Mac Billings
    Mac na Reablóide Teanga agus Polaitíochtaí

    An Ghaeltacht,
    Bloc E
    Ardán 1

    Príosún Phort Laoise

    Éire

    ***********************************************************************************
    http://artpickle.com/Index.cfm?artpage=artistdetail&ID=11059
    ***********************************************************************************

  • An Teanga Bheo

    Rialtas nua Cailleach an Airgid tofa ag an Liz

  • Fearn

    Ó thigh an deamhain go tigh an diabhail, gan aon agó.

    Bhí Johnson folamh ó thaobh moráltachta agus eitice, ach bhí caithis aige. Níl fiú caithis ag Truss.
    Caithfear ní ba mheasa le hÉirinn.