An tAE le tairiscint a dhéanamh go gcuirfí an Breatimeacht siar go dtí an 22 Bealtaine

Is amhlaidh go bhfuil ag treisiú ar an mbrú atá á chur ag an AE ar an mBreatain agus ar fheisirí Pharlaimint Westminster go háirithe

An tAE le tairiscint a dhéanamh go gcuirfí an Breatimeacht siar go dtí an 22 Bealtaine

Tuairiscítear gur síneadh ama ar an mBreatimeacht go dtí an 22 Bealtaine is dóichí a thabharfar don Bhreatain.

Tá ceannairí na mballstát sa Bhruiséil inniu le plé a dhéanamh ar iarratas Theresa May go gcuirfí an Breatimeacht siar go dtí an 30 Meitheamh, ach de réir tuairiscí tráthnóna is é an dréacht-tairiscint atá á meá ná síneadh go dtí an 22 Bealtaine, an lá roimh thoghcháin na hEorpa.

Is ar an gcoinníoll go nglacfar leis an margadh Breatimeachta i bParlaimint Westminster a dhéanfar síneadh ama a thairiscint do May.

Tuairiscítear chomh maith go léirítear amhras sa dréacht-tairiscint ar phlean Theresa May moltaí nua faoin gcúlstop a chur faoi bhráid an DUP agus na Breatimeachtóirí eile is diongbháilte i gcoinne a margaidh chun iad a mhealladh.

Moltaí iad seo nach mbeadh ach beannacht Rialtas na Breataine amháin acu, ach tuairiscítear go ndeirtear sa dréacht-tairiscint gur chóir d’aon ráiteas aontaobhach cloí leis an margadh aistarraingthe.

Is amhlaidh go bhfuil ag treisiú ar an mbrú atá á chur ag an AE ar an mBreatain agus ar fheisirí Pharlaimint Westminster go háirithe.

Dúirt Uachtarán na Fraince Emmanuel Macron níos túisce tráthnóna gur “Breatimeacht gan mhargadh atá i ndán dúinn” má dhiúltaíonn Parlaimint na Breataine an tríú huair don mhargadh Breatimeachta.

Roimh thús an phlé sa Bhruiséil, dúirt Macron nach mbeadh aon fhadhb aige le síneadh ama gearr teicniúil a cheadú don Bhreatain, ach rinne sé cur síos lom ar an rogha atá fágtha, dar leis.

“Sa chás go ndiúltaítear dó [Margadh May] i bParlaimint na Breataine,  Breatimeacht gan mhargadh atá i ndán dúinn. Tá a fhios againn ar fad é sin.

“Is den riachtanas é a bheith soiléir na laethanta agus na nóiméid seo, mar ceist í seo a bhaineann le dea-fheidhmiú an AE. Ní féidir glacadh leis an rud a dtabharfainnse síneadh ama rófhada air, rud a dhéanfadh dochar dár gcumas cinneadh agus gníomh a dhéanamh,” arsa Emmanuel Macron.

Meastar anois go n-aontóidh an tAE i bprionsabal síneadh ama gearr a cheadú ar an gcoinníoll go nglacfar in Westminster leis an margadh. 

Dúirt Theresa May aréir gur “údar mór aifeála” di go raibh uirthi a leithéid a lorg agus nach mbeifí ag fágáil an Aontais an tseachtain seo chugainn mar a bhí beartaithe.

Mhaígh May gur ar “thaobh an phobail” a bhí sí féin agus gur ar fheisirí parlaiminte a bhí an locht as an tsáinn ina bhfuil an Breatimeacht.

Rinneadh cáineadh go leor ar an ráiteas sin, ach táthar á chur anois leis an mbrú atá ar fheisirí Westminster Breatimeacht gan mhargadh a sheachaint.

Dúirt an Taoiseach Leo Varadkar níos túisce inniu gur rogha don Bhreatain amháin é cé acu an mbeidh nó nach mbeidh Breatimeacht gan mhargadh ann. 

Dúirt Jean-Claude Juncker, Uachtarán an Choimisiúin Eorpaigh, go mbeadh cruinniú mullaigh eile ann an tseachtain seo chugainn má dhiúltaítear do mhargadh May nuair a chuirfear faoi bhráid na parlaiminte arís é an tseachtain seo chugainn. 

Agus gan ach ocht lá fágtha go dtí lá an Bhreatimeachta seachtain ón lá amárach, tá Príomh-Aire na Breataine sa Bhruiséil inniu chun a hiarratas ar shíneadh ama a phlé le ceannairí eile na hEorpa. Caithfidh na ceannairí go léir aontú d’aon ghuth chun go gceadófaí síneadh ama.

Dúirt Uachtarán na Comhairle Eorpaí Donald Tusk inné go gceadóidh an tAE síneadh gearr le hAirteagal 50 ach go gcaithfidh parlaimint na Breataine glacadh ar dtús leis an margadh Breatimeachta.

Fág freagra ar 'An tAE le tairiscint a dhéanamh go gcuirfí an Breatimeacht siar go dtí an 22 Bealtaine'