Síneadh ama le plé sa Bhruiséil agus an Breatimeacht ‘i lámha Dé’

Agus gan ach ocht lá fágtha go dtí an Breatimeacht pléifear iarratas Theresa May ar shíneadh ama ag cruinniú mullaigh inniu

Síneadh ama le plé sa Bhruiséil agus an Breatimeacht ‘i lámha Dé’

Déanfaidh ceannairí na 27 ballstát eile plé inniu sa Bhruiséil ar iarratas Theresa May go gcuirfí an Breatimeacht siar go dtí an 30 Meitheamh.

D’fhéadfadh go n-aontódh an tAE i bprionsabal inniu an síneadh ama sin a cheadú, ach dúirt Príomh-Aire na Breataine aréir gur “údar mór aifeála” di go raibh uirthi a leithéid a lorg agus nach mbeifí ag fágáil an Aontais an tseachtain seo chugainn.

“Tá dhá bhliain caite agus níor éirigh le feisirí parlaiminte teacht ar aontú faoin mbealach ar chóir imeacht na Ríochta Aontaithe a chur i gcrích.
“Dá bharr sin, ní bheimid anois ag imeacht in am ar an 29 Márta agus margadh againn. Is údar mór aiféala dom féin an mhoill seo. Agus táim lánchinnte faoi seo – sibhse an pobal, tá bhur sáith agaibh. Tá bhur sáith agaibh den achrann inmheánach.Tá bur sáith agaibh de na cluichí polaitiúla agus den aighneas faoi nósanna ársa imeachta” arsa Theresa May.

Mhaígh May gur ar “thaobh an phobail” a bhí sí féin agus gur ar fheisirí parlaiminte a bhí an locht as an tsáinn ina bhfuil an Breatimeacht.

Agus gan ach ocht lá fágtha go dtí lá an Bhreatimeachta seachtain ón lá amárach, rachaidh Príomh-Aire na Breataine chun na Bruiséile inniu chun a hiarratas ar shíneadh ama a phlé le ceannairí eile na hEorpa. Caithfidh na ceannairí go léir aontú d’aon ghuth chun go gceadófaí síneadh ama.

Dúirt Uachtarán na Comhairle Eorpaí Donald Tusk go gceadóidh an tAE síneadh gearr le hAirteagal 50 ach go gcaithfidh parlaimint na Breataine glacadh ar dtús leis an margadh Breatimeachta.

Bíodh margadh ann nó ná bíodh, fágfaidh an Bhreatain an tAE ar an 29 Márta mura socraítear síneadh ama roimhe sin.

De réir cháipéis de chuid Choimisiún na hEorpa a sceitheadh leis na meáin, moltar nach dtabharfadh an tAE ach síneadh ama amháin don Bhreatain ar eagla go bhfágfaí an tAontas i ngalar na gcás de bharr síneadh ama sa mhullach ar shíneadh ama. Deirtear chomh maith go mbeadh ar an mBreatain páirt a ghlacadh sna toghcháin Eorpacha má bhíonn sí fós ina ball den AE ar an 23 Bealtaine.

Scríobh Príomh-Aire na Breataine, ar diúltaíodh dá margadh imeachta faoi dhó in Westminster cheana, chuig Tusk ag iarraidh go gcuirfí an dáta Breatimeachta siar go dtí deireadh mhí an Mheithimh.

Dúirt Donald Tusk gurbh é is dóichí ná go n-aontóidh na ceannairí go dtabharfaí síneadh ama don Bhreatain go dtí an 23 Bealtaine nó an 30 Meitheamh sa chás go n-éireodh le Theresa May an margadh imeachta a chur tríd an bparlaimint faoi dheireadh.

Tuairiscítear nach bhfuil aon chinneadh déanta go fóill ag Uachtarán na Fraince Emanuel Macron faoin iarratas ar shíneadh ama.

Tuairiscítear chomh maith go bhfuil lucht na Bruiséile den tuairim go lorgóidh an Bhreatain síneadh ama níos faide má theipeann den tríú huair ar mhargadh May in Westminster.

Níl ráite ag Theresa May fós cad a tharlódh sa chás go ndiúltófaí arís don mhargadh. Ach dúirt sí inné nach mbeadh síneadh ama níos faide ná an 30 Meitheamh ann fad is a bheadh sí féin i gceannas, rud a tharraing caint go n-éireodh sí as mura n-éireodh lena plean is déanaí.

Faoin bparlaimint a bheadh sé an cúrsa a leagan amach sa chás go ndiultófaí dá margadh arís an tseachtain seo chugainn, a dúirt May.

Cé go bhfuil síneadh ama fada curtha as an áireamh anois aici, thug May le fios cheana go mbeadh a leithéid ag teastáil sa chás go ndiúltófaí arís dá margadh.

Sa chás go n-aontaítear síneadh ama, déanfaidh May iarracht eile a margadh a chur tríd an bparlaimint an tseachtain seo chugainn. Cé go bhfuil ráite ag Spéicéir Pharlaimint na Breataine, John Bercow, nach gceadófar an tríú vóta faoin margadh d’uireasa athrú suntasach a bheith déanta air, bheifí ag súil go bhféadfaí teacht timpeall ar an rialú sin.

Bheadh vóta chomh maith ag feisirí agus tiarnaí faoi aon síneadh ama a cheadófaí.

Thug May le fios go gcuirfeadh sí moltaí nua faoi bhráid an DUP agus na Breatimeachtóirí eile is diongbháilte i gcoinne a margaidh chun iad a mhealladh, ach tuairiscíodh aréir gur beag rath a bhí ar an gcruinniú is déanaí a bhí aici leis an DUP.

Moltaí iad seo nach mbeadh ach beannacht Rialtas na Breataine amháin acu agus é dearbhaithe arís eile ag ceannairí an AE inné nach ndéanfaí aon ath-idirbheartaíocht ar an margadh ná aon leasú ar an gcúlstop atá ann ar mhaithe le teorainn chrua in Éirinn a sheachaint.

D’fhéadfadh go mbeadh May ag brath sa deireadh ar thacaíocht a fháil ón DUP agus ó scata feisirí de chuid Pháirtí an Lucht Oibre más léi a margadh a chur tríd. Meastar gur chrann taca deilgneach go maith a bheadh ansin.

Má theipeann arís ar an margadh in Westminster bheadh cruinniú urghnách eile ag ceannairí an AE. A dúirt Donald Tusk inné.

Ba léir roimh chruinniú an lae inniu go bhfuil lucht an AE bailithe go maith faoin éiginnteacht agus an ghuagacht a bhaineann le cur chuige Rialtas na Breataine i leith an Bhreatimeachta. Dúirt Uachtarán Choimisiún na hEorpa Jean-Claude Juncker inné go raibh “an-sheans” ann nach bhfágfadh an Bhreatain an AE ar an 29 Márta.

“I lámha Dé atáimid chomh fada is a bhaineann sé leis an mBreatimeacht agus tá teora le foighne Dé féin,”arsa Juncker.

Fág freagra ar 'Síneadh ama le plé sa Bhruiséil agus an Breatimeacht ‘i lámha Dé’'

  • Aodán Ó Sé

    Spéicéir na parlaiminte? An é nach naithníonn Tuairisc an focal Urlabhraí?