‘An t-uafás atá imeartha ag Iosrael ar Gaza’ cáinte i litir ó bhaill foirne agus mic léinn i UCC

Deirtear i litir atá sínithe ag 1,300 duine ó Choláiste na hOllscoile, Corcaigh go bhfuil an dlí idirnáisiúnta á shárú ag Iosrael in aghaidh an lae in Gaza agus go bhfuil an t-ord domhanda faoi bhagairt dá réir

‘An t-uafás atá imeartha ag Iosrael ar Gaza’ cáinte i litir ó bhaill foirne agus mic léinn i UCC

Tá litir oscailte in aghaidh an chogaidh ar Gaza sínithe ag breis is 300 ball foirne agus nach mór míle mac léinn ó Choláiste na hOllscoile, Corcaigh.

Deirtear sa litir gur “le huafás agus le sceimhle” atá lucht a sínithe “ag féachaint agus ag faire ar an uafás atá imeartha ag Iosrael ar Gaza” le ceithre mhí anuas.

“Maraíodh ar a laghad 30,000 Palaistíneach, ina measc siúd, 13,000 páistí. Tugaimid dár n-aire go ndeir An Chúirt Bhreithiúnais Idirnáisiúnta go bhfuil cás sochreidte go bhfuil coir in aghaidh cine déanta ag Iosrael i gcoinne phobal na Palaistíne.

“Dá réir sin, toisc go bhfuil an dlí idirnáisiúnta daonnachta á shárú ag Iosrael in aghaidh an lae, tuigtear dúinn go bhfuil an t-ord domhanda faoi bhagairt ag ionsaí Iosrael.”

Éilítear sa ráiteas sos cogaidh láithreach in Stráice Gaza agus “i ngach aon cheann de na fearainn atá faoi ghabháil”.

“Chuige sin, táimid ar aon fhocal le buíonta cearta daonna agus le saineolaithe eile ar fud an domhain, ina n-áirímid Rúnaí Ginearálta na Náisiún Aontaithe agus Coiste Náisiúnta um Chearta an Linbh.

“Éilímid, leis, go scaoilfí saor a bhfuil d’Iosraelaigh agus d’eachtrannaigh á gcoimeád i ngéibheann i nGaza, agus na mílte Palaistíneach atá ina gcimí i bpríosúin, ar a bhfuil na céadta páistí ina measc.”

Luaitear leis sa litir oscailte an tslí ar fhreagair muintir Ollscoil Chorcaí d’ionsaí na Rúise ar an Úcráin, agus go bhfuil siad mórálach as an tslí gur tugadh tearmann dóibh san ollscoil mar theifigh i saol an léinn.

Maítear sa ráiteas go bhfuil mar aidhm ag an ollscoil go ndéanfaí saoránaigh de chuid an domhain de mhic léinn agus go n-oirfeadh seasamh ar son na bPalaistíneach mar chéim sa ghnó sin.

Sa litir chomh maith, cuirtear treise leis an tslí gur scriosadh, nó gur déanadh dochar do gach aon cheann de dháréag ollscoil in Gaza, agus deirtear gur d’aon ghnó a tharla seo.

Tugtar fianaise, i measc samplaí eile, ar an tslí gur caitheadh leis an Dr Ahmed Hamdi Abu Absa, Déan Choláiste Ollscoil na Palaistíne, mar ar striopáladh é, mar ar diancheistíodh é, mar ar scaoileadh saor é, agus mar ar dúnmharaíodh é go gairid ina dhiaidh sin.

Cuirtear mar fhianaise bhreise sa litir ráitis ón Uachtarán, ón Taoiseach, ón Tánaiste, agus go deimhin ó Uachtarán Ollscoil na Gaillimhe, an tOllamh Ciarán Ó hÓgartaigh, agus iad ar fad ag éileamh sos cogaidh agus go gcloífí le breith na Cúirte Breithiúnais Idirnáisiúnta.

Iarann údair na litreach sos cogaidh láithreach, cáineadh ar an ár agus ar an scrios agus ar an marú atá á dhéanamh ag arm Iosrael, glacadh le rialú an ICJ, cead cabhrach a ligean isteach do Gaza, athbhreithniú ar cheangail idir an coláiste agus forais acadúla nó tionsclaíochta in Iosrael, agus a leanann díobh sin.

Fág freagra ar '‘An t-uafás atá imeartha ag Iosrael ar Gaza’ cáinte i litir ó bhaill foirne agus mic léinn i UCC'

  • jpmorley0@gmail.com

    Mo ghraidhin sibh a bhaill foirne agus a neacha léinn UCC. Eiseamláir an-mhaith go léir í an leitir seo do gach n-aon. Níor mhiste í a sheoladh ‘dtí Ambasáid Iosrael chomh maith. Caithfear sos cogaidh a ghairm in Gaza anois agus STOP a chur leis an ndanarthacht seo.

  • Pádraig

    Is léir go bhfuil lucht léinn UCC an-bhuartha faoi chearta daonna i gcríocha ciana. Is maith sin. Ach tá sé aisteach nár chualamar faic uathu faoi ghéarleanúint na nUigiúrach sa tSín, go háirithe nuair atá institiúid Confucius lonnaithe ar champas UCC. Tá os cionn milliún Uigiúrach curtha i gcampaí géibhinn ag rialtas na Síne ó 2014 i leith agus sin déanta gan triail cheart a thabhairt do dhuine ar bith acu. I measc na sáruithe eile ar chearta daonna na nÚigiúrach sa tSín tá an saothar éigeantais, steiriliú éigeantais, frithghiniúint éigeantais agus ginmhilleadh éigeantais. Tá na mílte mosc scriosta ag rialtas na Síne freisin (is Moslamaigh Thuirciceacha iad an pobal Uigiúrach den chuid is mó) agus fuadaítear na mílte páiste Uigiúrach óna dtuistí gach bliain agus cuirtear iad chuig scoileanna cónaithe nó dílleachtlanna ar mhaithe le ‘hathoideachas’ a chur orthu. Bíonn an leatrom céanna á imirt ar na Tibéadaigh freisin (go deimhin, tá na céadta míle Tibéadach tar éis bás a fháil ó 1950 i leith mar gheall ar an gcos ar bolg – idir ocras agus foréigean).

    Deir Rushan Abbas, duine de na gníomhaithe is mó a bhíonn ag troid ar son na nUigiúrach, go bhfuil rialtas na Síne ag caitheamh go leor airgid ar fheachtas domhanda mífhaisnéise a bhfuil sé mar aidhm aige na huafáis atá á n-imirt ar an bpobal Uigiúrach agus Tibéadach a cheilt, agus gur dlúthcuid den fheachtas sin iad na hinstitiúidí Confucius.

    Díol suime é, mar sin, nach bhfuil againn ach tost ó lucht léinn UCC ar cheist na nUigiúrach ach go bhfuil siad chomh fíochmhar sin ag damnú Iosrael. Sin in ainneoin go bhfuil nasc níos láidre ag a n-ollscoil le rialtas na Síne (mar gheall ar an insitiúid Confucius) ná mar atá aici le rialtas Iosrael. Is ait an mac an saol.