An t-arán tur laethúil á scrúdú in úrscéal álainn Bernard MacLaverty

Cuireann Bernard MacLaverty radharcanna romhat nach bhfeicfeadh an dara húdar ina úrscéal nua Midwinter Break

An t-arán tur laethúil á scrúdú in úrscéal álainn Bernard MacLaverty

Ní haithne go haontíos, a deirtear. Seo úrscéal nua le Bernard MacLaverty, Midwinter Break (Jonathan Cape) faoi bheirt atá in aontíos le fada fada an bhliain – Gerry agus Stella Gilmore. Tá siad beirt beo ar a bpinsean – iar-ailtire eisean agus iarmhúinteoir ise. Tugann siad cuairt lár an gheimhridh ar Amstardam agus scrúdaíonn siad a gcaidreamh fada le chéile idir na hiarsmalanna agus Teach Anne Frank.

Is Caitlicigh de chuid an Tuaiscirt iad ach tá siad ina gcónaí i nGlaschú le fada. Is teifigh ar bhealach iad agus is daoine iad ar fhág foréigean an Tuaiscirt rian dubh dorcha ar a n-aigne agus rian fisiciúil ar cholainn Stella ach go háirithe.

Baineann siad leis an ghlúin sin Chaitliceach a d’fhulaing leatrom agus foréigean ach nach ndearna paidir chapaill de. Ní íobartaigh ‘ghairmiúla’ iad; ní chaitheann siad a saol ag caint ar a gcás ach is íobartaigh iad mar sin féin nó shéan na Trioblóidí saol socair seascair orthu. Baineann siad leis an ghlúin sin Chaitliceach a rinne iarracht dul chun cinn a dhéanamh sa tsaol, an chéad ghlúin le greim a fháil ar ghairm bheatha – murab ionann glúin a dtuismitheoirí féin, glúin an lucht oibre, glúin cibé cén obair a tháinig ina mbealach.

Mura leor an t-ualach sin, tú ualach an éadóchais agus na haoise ina luí orthu. Ólann Gerry barraíocht – ach séanann sé an greim atá ag an uisce beatha air. Urnaí atá i mbéal Stella chomh minic céanna agus atá uisce beatha i lámh Gerry. Is é an tAifreann, an Eaglais, Dia, a cosán. Tá sí ag iarraidh bheith cráifeach – bíodh is go bhfuil a pósadh ar an dé deiridh.

Tugann MacLaverty léargas ar dóigh ar chreideamh Stella agus ar chreideamh a glúine, idir fhir agus mhná. Baineann Stella le glúin dhílis gan sárú. Ní biogóidí ná antoiscigh iad ach dream a fheiceann lámh Dé sa tsaol laethúil, pobal a mhúsclaíonn ar maidin agus a théann a chodladh san oíche le paidir ar a mbeola. Glacann siad leis gurb ann do Dhia; níl amhras ar bith orthu faoi sin.

Baineann Gerry leis an dream a tógadh mar Chaitlicigh ach nach n-éisteann an tAifreann ach amháin Lá Nollag. Is san ailtireacht agus is san ealaín a aimsíonn seisean an Spiorad. Amharcann seisean ar bhrící agus feiceann sé cruthaitheoir eile, an fear, an duine féin. Frustrachas atá air nár éirigh leis foirgneamh ar bith a thógáil a chuirfeadh a ainm i mbéal an phobail – ‘Thóg an fear seo teach/Is an fear úd  /Claí nó fál /A mhair ina dhiaidh /Is a choinnigh a chuimhne buan.’

(Nach maith mar a thuig Ó Direáin cás an ailtire?)

Ag machnamh faoina gcroí a bhíonn siad beirt faoina n-oidhreacht. Níl sólás le fáil ag ceachtar acu sna blianta atá caite le chéile acu go dtí seo. Tosaíonn siad beirt a chogaint ar chnámh na cuimhne agus iad ag spaisteoireacht faoi Amstardam. Oilithreacht atá ann i ngan fhios dóibh féin beagnach. Tagann siad ar chomhréiteach sa deireadh idir na béilte deasa, saothar Rembrandt, striapacha sna fuinneoga, ár na hÉireann agus uafás an Uileloiscthe.

Ní leabhar glórach ná bladhmannach ná faiseanta é seo. Níl pléascadh ar bith mothúchán ná feirge ann. Seans, mura mbíonn foighid agat, seans nach dtaitneodh sé leat ar chor ar bith. An saol laethúil atá anseo, an saol mar a chaitheann daoine fásta é, an saol a thugann ort géilleadh, a cheart a thabhairt do do chéile, an saol a bhronnann slí bheatha gan ghlóir ort, an t-arán tur laethúil agus iad ag géilleadh ‘Don smacht, don reacht, don teampall daoineach/Don bhfocal bocht coitianta/Don am faoi leith…’

Ach tá grá ann fosta, grá gonta buan, grá idir daoine fásta, an solas i ndúlaíocht an gheimhridh.

Tá tabhairt faoi deara agus scrúdú anama i bprós MacLaverty nach bhfuil ag mórán scríbhneoirí eile. Tá ainmneacha baiste na beirte foirfe nó is ainm an-choitianta é Gerry agus Stella i measc glúine áirithe sa Tuaisceart. Tá greann dóite an Tuaiscirt ann – Gerry ag caint ina aigne féin faoin difear idir uisce beatha ‘Protastúnach’ Bushmills agus uisce beatha ‘Caitliceach’ Jamesons! Lena chois sin, cuireann MacLaverty radharcanna romhat nach bhfeicfeadh an dara húdar; samhlaíonn sé beirt rothaithe os comhair tram in Amstardam mar dheilfeanna os comhair báid.

Íomhá álainn as measc mórán íomhánna áille.

Fág freagra ar 'An t-arán tur laethúil á scrúdú in úrscéal álainn Bernard MacLaverty'