An Swami a bhí 300 bliain d’aois nuair a cailleadh é

Ba é a chreid an Swami nach bhfuil aon difríocht idir éinne ná aon ní

An Swami

Rud atá comónta idir an tír seo – oileán na naomh is na mbard – agus an India ná saibhreas mór an naomhsheanchais sa dá thír. Is beag duine againn a d’fhéadfadh an deichiú cuid de naoimh uile na hÉireann a ainmniú, déarfainn. Is é an scéal céanna san India é. Ba liosta le háireamh iad líon na naomh Indiach.

Duine acu, Swami Trailanga, mhair sé go dtí go raibh sé 300 bliain d’aois de réir an tseanchais. Déarfadh sé féin nár cailleadh riamh é, is nár rugadh riamh é! Naomh mór ab ea é ar go leor slite. Mar is léir ón ngrianghraf, fear mór ab ea é, 300 punt a mheáchan, punt le haghaidh gach bliain dá shaol – cé nár nós leis riamh mórán a ithe.

Mar chuid dá oiliúint spioradálta, chaith sé scór blianta san ionad créamtha. Go dtí an lá inniu féin, tagann daoine go dtí Benares chun go ndófaí iad tar éis a mbáis. Is ann a scaipeadh luaithreach George Harrison roinnt blianta ó shin.

Luid níor chaith an Swami riamh. Bhí go maith is ní raibh go holc ach ní raibh na póilíní in Benares – nó Varanasi mar a thugtar, leis, ar an gcathair bheannaithe sin – róthógtha leis an nochtacht agus caitheadh i gcarcair níos mó ná uair amháin é. (Bhí taithí ag Indiaigh ar dhaoine naofa a bheith lomnocht ach bhí na Sasanaigh i gcumhacht an uair úd agus, mar atá a fhios againn féin go dóite, níl meas madra ag an gcoilíneach ar chultúr daoine eile). Ar aon nós, níor tógadh an cillín fós a theanntódh an Swami agus nuair a sheiceáladh na gardaí air, thuas ar dhíon an phríosúin a bhíodh sé, é ina shuí ansin agus é ag machnamh. Ba mhinic ar eadarbhuas, leis é – ar snámh san aer.

Fuinneamh comhdhlúite atá sa cholainn agus tá máistrí áirithe in ann an fuinneamh sin a láimhseáil agus an bás a chur ar an méar fhada, is cosúil. Ní raibh aon spéis aige i mbia ach ó am go a chéile, bheadh babhla breá de bhainne clabair aige. Tharla, lá, go raibh sceipteach éigin ag iarraidh bob a bhualadh ar an Swami agus cad a thug sé dó in áit an bhainne clabair ach babhla aoil. D’ól an Swami go fonnmhar é ainneoin go raibh sé in ann aigne cham an duine eile a léamh mar a léifeása an nuachtán seo.

An chéad rud eile, an pleidhce a thug an t-aol dó le hól, riastradh uime agus chloisfeá ag scréachaíl in Iar-Chonnachta é, an fear bocht.

‘Faire go deo,’ arsa an Swami leis, ‘an é nach dtuigeann tú gur Aon is ea sinn go léir agus an t-aol atá im’ bholgsa, tusa atá dóite anois aige.’ Níor cailleadh ceachtar díobh den iarraidh sin. Is amhlaidh a leigheas briathra an Swami é.

Chuala giúistís áirithe faoin dearcadh seo ag an Swami, is é sin nach bhfuil aon difríocht idir éinne ná aon ní. Thug sé cuireadh chun béile dó. ‘Íosfaidh tú an bia a réiteoidh mise dhuit,’ arsa an giúistís. ‘Íosfad, ambaiste,’ arsa an Swami, ‘má itheann tusa an bia a thabharfaidh mise dhuit!’ Bhí a fhios ag an ngiúistís go mbeadh an Swami i bponc mar cad a bhí réitithe aige dó ach feoil – agus, mar is eol dúinn, tá an fheoil crosta ar an Hiondúch.

‘Seo dhuit anois,’ arsa an giúistis. Cad a dhein an Swami ach an fheoil a alpadh. Bhí iontas ar an ngiúistís. An chéad rud eile, chrom an Swami ar a ghogaide agus chac an fheoil ar a dhearna is thairg an ‘bia’ don Ghiúistís.

Sin é anois agaibh é – an Swami Trailanga. Níor labhair sé mórán ach ba é a theagasc, go hachomair, ná d’aigne féin a bheith agat mar ionad oilithreachta.

Fág freagra ar 'An Swami a bhí 300 bliain d’aois nuair a cailleadh é'