An ‘Súil Eile’ agus ár scéalta féin a theastaíonn i ré Netflix

Coinnímis an t-ionracas, an tsamhlaíocht agus an bhéim ar ár scéalta féin. Nó gearrfar níos mó ná an corda…

An ‘Súil Eile’ agus ár scéalta féin a theastaíonn i ré Netflix

Nuair bhí mé ag fás aníos i mBealach an Doirín bhíodh go leor seanirisí agus sean-nuachtáin sa teach. Bhíodar an-úsáideach an lá a mbeifeá tinn agus sa mbaile ón scoil. Is cuimhin liom ceann amháin a bhí coinnithe ag mo mháthair ón uair a phós Banphrionsa Eilís Shasana. Bhí cúig mhíle réiltín bróidnithe ar a caille bhrídeoige. Nach aisteach na rudaí a fhanann i d’intinn?

(Agus mé i mbun taighde, fuair mé amach go raibh 10,000 péarla uirthi ach fós cloím le mo chuimhne ar na réaltaí).

Ansin nuair a tháinig an teilifís den chéad uair chun an bhaile, ba thúisce a tháinig bealaí na Breataine ná an ceann Éireannach- Telefís Eireann, Bealach a Seacht-nuair a leaindeáil sé. Bhí an-chur amach againn ar na carachtair i Coronation Street agus ar na hamhráin ‘pop’ ó Juke Box Jury. Chaithfeá aeróg a chrochadh ar an díon le teacht ar an gcomhartha teilifíse. Siombail de do stádas sóisialta a bhí ann má bhí aeróg bhreá ard greamaithe den simléar. Bhí an ceann ab airde ar fad, ar ndóigh, ag an Teachta Dála áitiúil, Seán Flanagan.

Gach tráthnóna bhíodh slua beag daoine cruinnithe le chéile ag fuinneog an tsiopa earraí leictreacha, Kelly’s, agus iad ag féachaint ar phictiúir gan fuaim ar na teilifíseáin sa bhfuinneog.

Dóibh siúd nach bhfuil mioneolas ná mionchuimhní ar bhainis an Bhanphrionsa Eilís acu, anois tá Netflix ann. Sea, ceann de na sraitheanna is mó tóir ar an tseirbhís shruthaithe, ná The Crown. Dhá shraith – agus deich gclár sa tsraith – atá déanta go dtí seo agus é i gceist acu 60 clár ar fad a dhéanamh chun muid a thabhairt suas chun dáta.

Ceann de na rudaí ba shuimiúla a bhraith mé féin faoi The Crown (…er…b’éigean dom breathnú ar an gcéad dá shraith ar son taighde, bíodh a fhios agat) ná cé chomh mór is atá sé ina shraith staire freisin.

Ceann de na cláracha ab fhearr sa dara sraith, bhain sé le Príomh-Aire na Breataine Winston Churchill agus é ag dul in aois. Agus ba é an bealach ar inis siad an scéal áirithe seo, ná trí scéal a phortráide leis an ealaíontóir aitheanta Graham Sutherland a insint. Níor thuig Churchill go raibh an tsean-aois buailte leis go dtí go bhfaca sé an phortráid. (Níor mhair an phortráid ach an oiread).

Céim ar chéim le scéal an teaghlaigh ríoga i Sasana san aois seo caite, insítear stair na Breataine chomh maith – na Príomh-Airí, an pholaitíocht, na scannail, na mórimeachtaí, deireadh na hImpireachta agus mar sin de.

Agus insítear scéal na staire le cruinneas agus le samhlaíocht. Ceart go leor, bíonn beagán solúbthachta i gceist le cuid de na scéalta- nuair ba léir nach bhféadfaidís rudaí áirithe a chruthú- scéal Jackie Kennedy agus an Bhanríon mar shampla. Ach tá cruinneas d’ardchaighdeán ag baint le cur i láthair na radharcanna sráide, na héadaí, na carranna, na heitleáin agus an troscán a bhí ann sna réanna éagsúla inar mhair sí. Cosnaíonn sé sin airgead – airgead mór.

De réir na dtuairiscí chosain sé idir seacht agus deich milliún dollar, in aghaidh an chláir.

Sin an bhagairt is mó a tháinig i dtreo na ngnáthstáisiún teilifíse ariamh. Níl airgead den chineál sin á chaitheamh ag aon cheann acu ar dhrámaí. Ceaptar gur ocht mbilliún dollar a chaithfeas Netflix ar chláracha i mbliana.

Nuair a éisteann tú le daoine ag caint ar a bhfaca siad ar an scáileán aréir, is mó seans go mbeidh siad ag caint ar Netflix ná a mhalairt. Deirtear gur gearr gur mbeidh níos mó síntiúsóirí ag Netflix ná a bheidh ag seirbhísí teilifíse cábla sna Stáit Aontaithe. Go minic bíonn an dá rogha le chéile ag daoine – cábla agus seirbhísí sruthaithe ar nós Netflix. Ach tá níos mó cainte anois faoi ‘gearradh an chorda’ – is é sin, fáil réidh ar fad leis an tseirbhís cábla.

Is féidir é sin a dhéanamh go héasca sa tír seo agus greim a choinneáil fós ar do chuid stáisiún baile. ‘Saorview’ an t-ainm atá ar an réiteach sin.

Ach cá bhfágann na himeachtaí seo ar fad ár gcuid stáisiún seirbhíse poiblí? Tá sraith fógraí ar an teilifís faoi láthair, urraithe ag an EBU, ag inseacht dúinn cé chomh luachmhar is atá na seirbhísí meán poiblí inár saol féin. Ach má chasann muid ar fad i dtreo ‘binge-viewing’ (ráigeanna tromféachana?) ar Netflix ní fada a mhairfidh siad beo.

Bhí baint bheag agam féin le gairid le clár faisnéise le George Lee ar RTÉ a hAon- Brexit:Farming on the Edge. Fuair sé lucht féachana os cionn 350,000 duine – 27.4% den lucht féachana ar fad.

Sin figiúr an-sásúil sa lá atá inniu ann. An rud a bhí difriúil faoi, mheas mé féin, ná go ndeachaigh an clár amach i measc na bhfeirmeoirí, beag agus mór, le labhairt leo. Ó cheantar Dhúiche Sheoigheach go cósta iarthar Dhuibhneach, labhair na daoine faoina n-imní maidir leis an mBreatimeacht.

Agus ar TG4 um Nollag, d’éirigh go maith ó thaobh lucht féachana le leithéidí Rocky Ros Muc agus Rugbaí Beo, rud a d’ardódh do chroí.

Cad a léiríonn sin ar fad dúinn? Caithfear dul i dtreo an ‘Súil Eile’. Ní haon mhaith anois do chomhlachtaí craolacháin a bheith ag iarraidh dul in iomaíocht le leithéidí Netflix agus na buiséid ollmhóra atá acu. Ní hé an buiséad ard féin a tharraingeoidh an lucht féachana thart ar fhuinneog John Kelly, Electrical.

Ach coinnímis an t-ionracas, an tsamhlaíocht agus an bhéim ar ár scéalta féin. Nó gearrfar níos mó ná an corda.

Fág freagra ar 'An ‘Súil Eile’ agus ár scéalta féin a theastaíonn i ré Netflix'