‘An stáir dheireanach de thuras uafásach’ – sonraí faoin díghlasáil fógartha ag an Taoiseach

Tosófar le cead bóthair a thabhairt do dhaoine ina gcontaetha féin agus táthar ag súil cead oscailte a thabhairt do shiopaí neamhriachtanacha mí Bealtaine agus d’óstáin mí an Mheithimh

‘An stáir dheireanach de thuras uafásach’ – sonraí faoin díghlasáil fógartha ag an Taoiseach

D’fhógair an Taoiseach Micheál Martin tráthnóna na sonraí i dtaobh phlean an Rialtais na srianta dianghlasála a scaoileadh de réir a chéile.

Dúirt an Taoiseach gurb í an “stáir dheireanach” de “thuras uafásach” a bhí anois againn.

Cur chuige “stuama agus sábháilte” a bheidh ann ó thaobh na díghlasála agus dá chúramaí a bhítear anois is ea is mó saoirse a bheidh againn amach sa samhradh, a dúirt an Taoiseach.

Tosófar le scaoileadh na srianta an mhí seo chugainn nuair a thabharfar cead bóthair do dhaoine ina gcontaetha féin agus táthar ag súil cead oscailte a thabhairt do shiopaí neamhriachtanacha mí Bealtaine agus d’óstáin mí an Mheithimh.

Ón 12 Aibreán beidh cead ag dhá líon tí bualadh le chéile amuigh faoin spéir i spásanna poiblí agus tabharfar cead do dhaoine taisteal aon áit ina gcontaetha féin. Beidh cead chomh maith dul isteach i gcontae eile más turas 20 ciliméadar nó níos lú ón mbaile atá i gceist. Cuirfear tús ar an 12 Aibreán chomh maith le hathoscailt earnáil na tógála. 

An 19 Aibreán ceadófar d’fhoirne sinsir idirchontae dul i mbun traenála arís.

An 26 Aibreán beidh cead ag beirt atá vacsaínithe bualadh le chéile taobh istigh. 

Ón 26 Aibreán chomh maith beidh cead ag 25 duine, seachas deichniúr mar atá faoi láthair, a bheith i láthair ag sochraid. Ón lá céanna a bheidh traenáil spórt gan teagmháil ceadaithe do pháistí agus ceadófar ansin freisin do dhaoine an leadóg agus an galf a imirt.

Dúirt an Taoiseach go mbeadh an tsnáthaid faighte faoi dheireadh mhí na Bealtaine ag gach duine atá os cionn 70 bliain agus go dtosófaí i lár na míosa sin ar athoscailt na siopaí neamhriachtanacha, seirbhís cliceáil agus bailigh ar dtús, agus seirbhísí eile amhail gruagairí. 

D’fhéachfaí ar an 4 Bealtaine chomh maith ar gach spórt gan teagmháil a cheadú chomh maith agus ar chead athoscailte a thabhairt do ghailearaithe agus leabharlanna. Féachfar freisin i dtús na Bealtaine ar sheirbhísí reiligiúnda. Beidh na cinntí ag brath ar an mbail a bheidh ar chúrsaí sláinte phoiblí faoin tráth sin

I mí an Mheithimh a táthar ag súil cead oscailte a thabhairt d’óstáin agus do thithe lóistín, a dúirt an Taoiseach.

Dúirt an Taoiseach go raibh muid an-chóngarach don deireadh ach go gcaithfí iarracht mhór eile a dhéanamh chun maidhm eile a sheachaint sula mbeadh an tsnáthaid faighte ag dóthain daoine. 

Dúirt sé go raibh sé ag súil go mbeadh milliún dáileog de na vacsaíní tugtha do dhaoine faoi dheireadh na seachtaine seo chugainn, gur trí mhilliúin dáileog a bheadh i gceist faoi dheireadh mhí na Bealtaine.

Cúig mhilliún dáileog a bheidh tugtha do dhaoine faoi deireadh mhí an Mheithimh agus sé mhilliún a bheadh i gceist faoi dheireadh mhí Iúil.

Idir an dá linn, tuairiscíodh tráthnóna go bhfuil athrú suntasach le déanamh ar chlár vacsaínithe an Rialtais. Nuair a bheidh an tsnáthaid faighte ag daoine os cionn 70 is de réir aoise amháin a thabharfar do dhaoine í. Fágann sin nach dtabharfar tús áite do ghrúpaí áirithe amhail Gardaí agus múinteoirí mar a bhí beartaithe roimhe seo.

Fág freagra ar '‘An stáir dheireanach de thuras uafásach’ – sonraí faoin díghlasáil fógartha ag an Taoiseach'

  • An Teanga Bheo

    Re nua linn