An spórt féin anois ar aghaidh na bpiléar…

Ag trácht ar na gortuithe inchinne a tharlaíonn do lúthchleasaithe agus d'imreoirí atá ár gcolúnaí an tseachtain seo

Pictiúr: Allsport
Pictiúr: Allsport

Tá na gortuithe a bhaineann do lúthchleasaithe agus sa gcoimhlint ina gcuid spórtanna éagsúla mar ábhar díospóireachta le fada an lá anois. Ní minic le linn an achair sin gur bhain an scéal leis na Cluichí Gaelacha ach tháinig athrú ar sin an tseachtain seo de bharr ar tharla do pheileadóir Mhaigh Eo Lee Keegan nuair a bhuail sé féin agus Eoin Cadogan faoina chéile i gcluiche sraithe in aghaidh Chorcaigh.

Faoi seo tá cóid agus nósanna imeachta leagtha síos ag mórán gach eagraíocht spóirt le dul i ngleic lena leithéid agus cé gur cloíodh leo sin ar Pháirc Uí Rinn, d’admhaigh lucht leighis Mhaigh Eo go mba chóir Keegan a bheith bainte den pháirc acu níos túisce ná a déanadh sin.

Tarlaíonn an tragóid is measa dá bhfuil ann nuair a bhásaíonn lúthchleasaithe agus iad i mbun iomaíochta. Níos minicí ná a chéile is breoiteacht nó éalang éicint a bhí faoi cheilt go dtí sin is cúis lena leithéid. Is beag sólás é dóibh siúd atá fágtha faoi bhrón, ach ní féidir an mhilleán a leagan ar an spórt.

A mhalairt ar ndóigh is fíor faoina bhformhór siúd a fuair bás sa gcró dornálaíochta. Braitheann an rath a bheidh ar dhuine ansiúd go hiomlán ar a gcumas a gcéilí comhrac a ghortú. Ní hé sin le rá gur le rún a chéile comhraic a bhascadh chomh dona agus go mbeadh sé i mbaol a bháis a thugann an dornálaí aghaidh ar an gcró, ar ndóigh. Ach, faraor, tarlaíonn sin.

Le cosamar bliana anuas bhásaigh beirt Mheicsiceach – Oscar Gonzalez agus Francisco Leal – de bharr gortuithe a bhain dóibh sa gcró dornálaíochta. Ceithre bliana fichead a bhí an Breathnach Johnny Owen nuair a leagadh amach é agus é sa tóir ar Chraobh Choileach Mheáchain an Domhain i 1980. Níor dhúisigh sé riamh agus bhásaigh sé 7 seachtaine dar gcionn.

Ba é Benny ‘The Kid’ Paret seaimpín marc-mheáchain an domhain i 1962 nuair a throid sé Emille Griffith i Madison Square Garden. Troid leamh go leor ab ea í agus an chuma ar an scéal go gcoinneodh an seaimpín greim ar a choróin nó gur bhain Griffith an mhothú as le buille sa 12ú babhta. 28 buille eile as a chéile a fuair Paret a bhí gan aithne gan urlabhra nuair a tugadh chun ospidéil é, áit ar bhásaigh sé deich lá dar gcionn.

Sa mbliain 1982 throid Barry McGuigan dornálaí darbh ainm Young Ali. Leag fear Chluain Eois amach a chéile comhraic sa 6ú babhta, chaill an Nigéireach an aithne agus bhásaigh sé mhí dar gcionn. Go gairid ina dhiaidh sin ba é McGuigan seaimpín an domhain, ach deir sé fós nach bhfuil lá dá dtagann nach smaoiníonn sé ar Young Ali agus ar a mhuintir.

Cuireann wikipedia liosta os cionn 50 dornálaí a bhásaigh sa gcró ar fáil duit, ach sin a iarradh. Ar ndóigh tá i bhfad níos mó ná sin ann ar iad na rudaí a bhain dóibh i mbun iomaíochta is siocair bháis dóibh, ach nach dtarlaíonn sin go ceann blianta ina dhiaidh.

Chomh fada siar leis an mbliain 1983 bhí alt dar teideal ‘Too Many Punches, Too Little Concern’ san iris cháiliúil Mheiriceánach, Sports Illustrated. San alt tugadh eolas ar scanadh CT a bhí déanta ar inchinní ochtar a bhí ina seaimpíní dornálaíochta tráth. Tháinig sé chun solais iontu go raibh damáiste déanta d’inchinní cúigear acu – Muhammad Ali agus Jerry Quarry ina measc. 16 bliain ina dhiaidh sin bhásaigh Quarry de bharr dementia pugilistica agus gan é ach 53 bliain d’aois.

Deir tuairiscí san iris Neuroscience, a fhoilsíonn an cumann néareolaíochta is iomráití ar domhan, ó 1900 i leith, meastar gur bhásaigh deichniúr dornálaí chuile bhliain de bharr gortuithe a bhain díobh sa gcró. Le gairid chuir an American Journal of Sports Medicine in iúl gur mó dochair atá á dhéanamh d’inchinní iomaitheoirí UFC ná atá sa dornálaíocht.

Agus an Superbowl á imirt an deireadh seachtaine seo, tá sé tráthúil a lua gur leis an bPeil Mheiriceánach is mó atá an chonspóid faoi ghortuithe inchinne luaite le deich mbliana fichead.

Nuair a thosaigh sé ní raibh na húinéirí ná na húdaráis sásta orlach a ghéilleadh, ach ní raibh de rogha acu ach a bport a athrú nuair a thosaigh an fhianaise leighis ag teacht chun cinn. Fuarthas amach, cuir i gcás, go raibh a cheithre oiread níos mó de sheans ann go dtiocfadh an galar Alzheimers ar dhaoine a d’imir san NFL ná a bhí orthu siúd nár imir.

Dhá bhliain ó shin ní raibh de rogha ag na húdaráis ach géilleadh agus cé nach raibh siad sásta aon mhioneolas a thabhairt, tuairiscítear gur íocadar airgead-cúitimh le os cionn 4,500 imreoir nó lena muintir.

Is cosúil iad siúd a imríonn an cluiche ag gach leibhéal a bheith i mbaol. An bhliain seo caite rinne Boston University staidéar ar 165 duine a d’imir an Pheil Mheirceánach sa mheánscoil, san ollscoil agus go gairmiúil. Bhí dochar déanta d’inchinní 131 duine acu.

Tá an rugbaí féin anois ar aghaidh na bpiléar – imreoirí i bhfad níos toirtiúla agus níos láidre ná mar a bhí siad agus an baol gortaithe ag méadú dá réir nuair a bhuaileann siad faoina chéile.

Mianach scéil é go mb’fhearr muid dá uireasa, ach ceann a bheidh linn faraor go ceann tamaill mhaith.

Fág freagra ar 'An spórt féin anois ar aghaidh na bpiléar…'