An smacht iomlán a bhí ag an Rúis ar Luhansk caillte acu

Ó mhí Iúil, bhí an Rúis i gceannas go hiomlán ar Luhansk, agus b’in ceann de na spriocanna móra a bhí ag Uachtarán na Rúise, Vladimir Putin

An smacht iomlán a bhí ag an Rúis ar Luhansk caillte acu

Ní smacht iomlán ag an Rúis ar réigiún Luhansk níos mó, a deir údaráis na hÚcráine.

Tá sráidbhaile in aice le cathair Lysychansk in oirthear na tíre athghafa ag fórsaí na hÚcráine agus iad ag maíomh go bhfuil tábhacht shiombalach leis mar go bhfágann sé go bhfuil an smacht iomlán a bhí acu ar an réigiún sin caillte ag an Rúis.

Ó mhí Iúil, bhí an Rúis i gceannas go hiomlán ar Luhansk, agus b’in ceann de na spriocanna móra a bhí ag Uachtarán na Rúise, Vladimir Putin, agus é ag tabhairt faoin ionradh ar an Úcráin.

Dúirt Serhiy Haidai, gobharnóir Luhansk go raibh “ceannas iomlán” ag fórsaí armtha na hÚcráine ar Bilohorivka, bruachbhaile de chuid Lysychansk.

“Is gearr go ndíbreoidh muid an ghramaisc sin leis an scuab,” a dúirt Haidai. “Céim ar chéim, ceintiméadar ar cheintiméadar, saorfaidh muid ár dtír uilig ó na hionróirí.”

Tá físeáin á roinnt ar Telegram ina bhfeictear saighdiúirí na hÚcráine ar patról coise ar shráid scriosta fad is atá a bhfrithionsaí ag cur an tóir ar shaighdiúirí na Rúise as críocha a bhí faoina smacht go dtí seo.

Tá 146 corpán dí-adhlactha ag saineolaithe fóiréinseacha na hÚcráine as olluaigh a osclaíodh in aice le Izium in oirthear na tíre, agus deirtear gur sibhialtaigh a bhformhór.

Dúirt gobharnóir an réigiúin sin inniu go raibh siad ag iarraidh an tsiocair bháis a bhí ag na daoine a adhlacadh i bhforaois ar imeall chathair Izium a fhiosrú. Le déanaí a ghlac fórsaí na hÚcráine smacht ar an gcathair sin ó fhórsaí na Rúise.

Tá sé séanta ag an gCreimil go ndearna a cuid fórsaí aon choireanna cogaidh i gcúige Kharkiv san Úcráin.

D’iarr ceannaire an fheidhmeannais riaracháin i Donbas, feidhmeannas a bhfuil tacaíocht Mhoscó aige, go reáchtálfaí reifrinn go gasta maidir le cuid den Rúis a dhéanamh den réigiún.

Is é Denis Pushilin, ceannaire an fheidhmeannais scarúnaithe atá taobhach le Moscó i Donetsk, agus d’iarr sé ar an gceannaire scarúnaithe i Luhansk go n-oibreoidís as lámh a chéile chun reifreann a eagrú faoi dhul isteach leis an Rúis.

Ag cruinniú de Chomhthionól Ginearálta na Náisiún Aontaithe i Nua-Eabhrac inniu, is é an cogadh san Úcráin agus an ghéarchéim bia agus fuinnimh ba mhó a bhí á phlé.

“Tá an Comhthionól Ginearálta seo ag teacht le chéile tráth a bhfuil baol mór ann,” a dúirt António Guterres, Ard-Rúnaí na Náisiún Aontaithe. “Tá an domhan faoi smál na cogaíochta, basctha ag anord aeráide, scriosta ag an bhfuath agus náirithe ag an mbochtaineacht, an t-ocras agus an éagothroime.”

Fág freagra ar 'An smacht iomlán a bhí ag an Rúis ar Luhansk caillte acu'

  • Séamus Ó Súilleabháin

    *****************************************************************************************
    http://artpickle.com/index.cfm?artpage=webhome&webtab=testsite&webid=11059
    *****************************************************************************************
    Ar aghaidh chun Bua, A Úchráin

    Dá dtabharfadh NATO, An t-Aontas Eorpach agus na Stáit Aontaithe tuilleadh airm nua-teicneolaíochta d’Arm na hÚcráine ina áit a bheith ag dul ar aghaidh leis an cur i gcéill chuirfeadh na hÚcránaigh aontaithe iad féin an ruaig ar na Rúisigh go hiomlán.

    Bheadh ceannasaíocht, forlámhas agus saoirse na tíre bainte amach ag muintir na tíre sin.

    Nach bhfuil a fhios ag an saol mór go bhfuil NATO, an t-Aontas Eorpach agus na Stáit Aontaithe ag fanacht ar shocrú ar bith ionas nach gcuireann an cogadh isteach ar a saol rachmasach caipitileach.

    Tréighfidh An t-Aontas Eorpach, Nato agus Meiriceá an Úcráin i ndeireadh thiar thall nuair a bheidh an costas ró-ard orthu agus an margadh ag cur focal ina gcluas ó thaobh boilscithe de.

    Dá mbeadh na Naisiúin ‘Aontaithe/Neamh-Aontaithe’ in inmhe arm a chur ar na líntí tosaigh idir an dá tír mar a rinne siad ar fud an Domhain bheadh tús le réiteach.

    Ach a chloisim uait ní fhéadfaí sin a chur i gcrích de thairbhe smacht ag na hOllChumhachtaí (Meiriceá agus an Rúis) ar chúrsaí inmheánacha na hEagraíochta sin.

    Is mise le dóchas mór
    Dónall Mac Mór Billings
    Mac na Reablóide Teanga agus Polaitíochtaí

    An Ghaeltacht,
    Príosún Phort Laoise
    Árdán 1
    Bloc E
    Éire

    *****************************************************************************************
    http://artpickle.com/Index.cfm?artpage=artistdetail&ID=11059
    *****************************************************************************************