An seans deireanach ag na cúigí greim a fháil ar chorn

Cúige Mumhan in aghaidh Chúige Uladh anocht rogha na gcluichí i mbabhtaí ceathrú ceannais an URC

An seans deireanach ag na cúigí greim a fháil ar chorn

Ní raibh ach seachtain ag Leo Cullen chun na cosa a chur arís faoi fhoireann Laighean tar éis dóibh cailleadh i gcluiche ceannais Chorn na gCuradh an Satharn seo caite. Níl caillte ag an gcúige ach sé chluiche ó thús an tséasúir, séasúr a thosaigh i bhfad siar i mí Mheán Fómhair seo caite.

Cé gurb éacht ann féin é sin, ní mórán is fiú é mura n-éiríonn le Laighin bua a fháil i gcluiche ceathrú ceannais an URC a bheas á imirt san RDS amárach. Beidh cluiche ceannais an chomórtais againn faoi cheann coicíse agus is é  an t-aon seans atá ag curadh an URC greim a fháil ar aon chorn an séasúr seo.

Go deimhin tá dhá chúige eile, Ulaidh agus Mumhain, sa mbád céanna. Tá seans ag ceann acu sin greim a fháil ar chraobh an URC freisin ach roimhe sin chaithfeadh siad imirt i gcoinne a chéile sa gcéad chluiche ceathrú ceannais a bheas á imirt i gcomórtas na bliana seo, cluiche a bheas á imirt i mBéal Feirste anocht. Cé go bhfuil an t-ádh ar Ulaidh go bhfuil buntáiste an bhaile acu, seans go bhfuil na Muimhnigh breá sásta gur ó thuaidh go Béal Feirste atá siad ag taisteal seachas ó dheas chuig an Afraic Theas mar a bhí ar na bacáin le linn cluiche bhabhta 18 den chomórtas coicís ó shin.

Is deacair toradh na coimhlinte seo a thuar. Is cinnte go bhfuil cluiche snasta atá an-éifeachtach á thabhairt chun páirce ag Ulaidh le cúpla seachtain agus fáil acu ar a gcéad rogha imreoirí ar fad beagnach. Cuideoidh an imirt sa mbaile agus an tacaíocht ghlórmhar a bheas acu óna lucht leanta dílis leo.

Ní maith ná snasta an cuntas a thug Cúige Mumhan orthu féin i mbabhta 18 coicís ó shin nuair a fuair siad greadadh náireach (35-25) ó fhoireann dara rogha Laighean. Ní iontas ar bith dá bhrí sin gurb iad na hUltaigh rogha na ngeallghlacadóirí don choimhlint seo.

Mar sin féin, tá a fhios againn ar fad cé chomh héifeachtach agus a bhí Mumhain trí seachtaine ó shin nuair a chaill siad i gcoinne Toulouse. Má éiríonn leis na Muimhnigh an mianach sin imeartha a dhéanamh anocht beidh sé an-deacair ag aon fhoireann seasamh leo.

Ní haon iontas gurb é seo rogha chluichí an deireadh seachtain seo.

Ainneoin na cailliúna sin i Marseille is deacair teacht ar mhórán atá ag tuar bua do Ghlaschú san RDS i gcoinne Chúige Laighean amárach. Ní raibh aon rogha ag Leo Cullen ach scíth a thabhairt do roinnt imreoirí a d’imir san Fhrainc seachtain ó shin, Johnny Sexton ar dhuine acu. Mar sin féin iontas ollmhór a bheas ann mura mbeidh dóthain sa mála ag foireann an bhaile chun áit a chinntiú sa gcluiche leathcheannais faoi cheann seachtaine.

Is san Afraic Theas a bheas an dá chluiche ceathrú ceannais á n-imirt amárach. Beidh na Bulls sa mbaile i gcoinne na Sharks agus imreoidh na Stormers foireann Dhún Éideann in Cape Town. Is sa gcluiche sin in Cape Town is mó a bheas suim againn mar má bíonn bua ag na Stormers beidh buntáiste an bhaile acusan sa gcluiche leathcheannais i gcoinne pé foireann a thugann an svae leo i mBéal Feirste anocht.

Fág freagra ar 'An seans deireanach ag na cúigí greim a fháil ar chorn'