An Saighdiúir Samhraidh: An saibhir agus an daibhir – ‘I’ve never seen a bag of money score a goal’

Cén míniú atá ar anchás na peile i Sasana? D’aimsigh an Saighdiúir míniú amháin san iris ‘GQ”…

Daniel-Sturridge-England

B’fhéidir gurb é an botún is mó a dhéanann muidne a amharcann ar pheil go ndéanann muid dearmad nach ionann airgead mór a thabhairt do dhuine as spórt a imirt agus é a bheith maith ag an spórt sin. Ní chaithfeá airgead mór ar amadán gan mhaith, an gcaithfeá? Ansin, déanann tú do mhachnamh ar na himreoirí ar fad a fuair na milliúin agus na zilliúin ó chlubanna thar na blianta agus aithníonn tú gur minic a thugtar mórchuid airgid ar ghannchuid tallainne.

Léirigh bua na hÍoslainne in éadan Shasana gur minic nach bhfaigheann tú luach do chuid airgid ó imreoirí. Níor luaithe an cluiche thart gur thosaigh tráchtairí Shasana ag caint ar ollsaibhreas na príomhroinne, an tsraith is saibhre ar domhan, agus, ar chúl a gcinn acu, an smaoineamh nach mbeadh de thuarastal ag  mórán d’imreoirí na hÍoslainne ach cúpla scadán agus lear mór trosc.

Bhí iascairí – mo leithscéal! – imreoirí na hÍoslainne chomh cumasach le peileadóirí Shasana; bhí siad chomh sciliúil leo; bhí siad ní ba phaiseanta fosta agus bhí fonn bua orthu nach raibh le mothú i bpeileadóirí Shasana.

Cad é an dóigh leis sin a mhíniú? Seo sliocht beag as agallamh a rinne fear Learphoill agus Shasana, Daniel Sturridge, leis an iris GQ roimh an chomórtas. Tá sé ag caint faoi chúrsaí peile agus na himreoirí a d’imir tionchar air: “When I was growing up – no disrespect to the English legends that we have – but I always used to watch Ronaldinho, Zidane, Thierry Henry, the original Ronaldo. Even when Faustino Asprilla was here, I used to watch him a lot. Even though I used to watch English players – Paul Gascoigne, Chris Waddle had a lot of technical ability, John Barnes, guys like that – I always used to watch foreign players. So I think for me the influence also came from playing football on the streets as a young player. Guys that don’t make it are probably more technical than ones that do make it.”

Déan do mhachnamh ar an méid sin aige, déan do mhachnamh ar an chéim síos a thugann sé dá mhuintir féin – “no disrepect to the English legends” – agus amharc ar an meascán mearaí de laochra eile a bhí aige – Zidane (gan amhras!) agus, em, Faustino Asprilla. I ndáiríre?

Ach más meascán mearaí d’fhoireann é sin, déan do mhachnamh ar an líne dochreidte sin – “Guys that don’t make it are probably more technical than ones that do make it” – is é sin, má tá tú “technical”, is é sin, má tá scil agat, is mó seans go dteipfidh ort sa chluiche comhaimseartha ná go n-éireoidh leat. Tuigeann tú anois anchás na peile i Sasana; níl iontu ach lúthchleasaithe le liathróid; ní peileadóirí iad.

Fágfaidh mé an focal scoir faoi fhear a bhí ‘technical’ go maith lá den saol agus a rinne ceart go leor sa sacar ar bhonn náisiúnta agus idirnáisiúnta, laoch na hÍsiltíre, Johan Cruyff, ar dheis midfield Dé go raibh sé.

Seo mar a labhair sé faoin bhearna sin idir an saibhir agus an daibhir: “Why shouldn’t you beat a richer club? I’ve never seen a bag of money score a goal.”

Tá sin fíor faoi thíortha fosta, nach bhfuil? B’fhéidir gur chóir don chéad bhainisteoir eile ag Sasana sin a scríobh sa seomra feistis.

Fág freagra ar 'An Saighdiúir Samhraidh: An saibhir agus an daibhir – ‘I’ve never seen a bag of money score a goal’'