AN RÚIS 2018: An Fhrainc ag ceiliúradh agus gan iad tagtha chun coinlíochta fós fiú…

Caitheann Tuairisc.ie súil siar ar chluiche ceannais Chorn an Domhain

AN RÚIS 2018: An Fhrainc ag ceiliúradh agus gan iad tagtha chun coinlíochta fós fiú…

Cluiche ceannais den scoth

Ní raibh mórán daoine ag súil le cluiche ceannais chomh hoscailte sin. Go hiondúil sna cluichí móra seo, bíonn an imirt mall agus leadránach agus bíonn na himreoirí neirbhíseach. Ní shin mar a bhí i gcluiche ceannais an lae inné, áfach.

Bhí cluiche corraitheach lán eachtraí againn: cúl tuathail ann, cic éirice conspóideach, cúil den scoth, botúin mhóra, scil iontach agus a thuilleadh.

Scóráladh sé chúl sa chluiche, níos mó ná in aon chluiche ceannais ag Corn an Domhain ó 1966, nuair a tháinig ‘an pheil abhaile’ go deireanach i ndiaidh do Shasana an ceann is fearr a fháil ar Iarthar na Gearmáine 4-2 a i ndiaidh am breise.

Comórtas an-taitneamhach a bhí ann ó thús i mbliana agus ba mhór an trua dá gcríochnódh sé le droch-chluiche. Ar an dea-uair, ní mar sin a bhí.

 

A mbua tuillte ag an bhFrainc

Chuaigh imirt na gCrótach i gcion ar go leor daoine le linn an chomórtais seo. Cé nach bhfuil ach 4.2 milliúin duine ag maireachtáil sa Chróit, d’éirigh leo cluiche ceannais Chorn an Domhain a bhaint amach agus ba é captaen na foirne, Luka Modric a bhuaigh an gradam ‘Imreoir an Chomórtais’.

Níl aon amhras ach gurbh iad An Fhrainc an fhoireann ab fhearr a bhí ag an gcomórtas, áfach. Seachas tréimhsí 20 nóiméad ina gcluichí i gcoinne na hAirgintíne agus i gcoinne na Beilge, ní raibh na Francaigh riamh i dtrioblóid.

Níor bhain siad barr a gcumais amach sa Rúis, ach fós bhí siad rómhaith do gach foireann eile. Bhí cosantóirí agus imreoirí lár páirce iontach láidir acu agus bhí siad in ann brath ar chumas Antoine Griezmann agus Kylian Mbappé sna tosaithe.

Fear pragmatach é Didier Deschamps, nach bhfuil uaidh ach cluiche a bhuachan, is cuma cé chomh maith agus a imríonn a fhoireann. Ba thrua é mura dtabharfadh Deschamps saoirse níos mó dá chuid imreoirí óga amach anseo, ach drochsheans go dtarlóidh sin agus Corn an Domhain tugtha leo acu lena chur chuige stuama.

 

Rath ar an réiteoireacht fhíschuidithe

Tríd is tríd, d’éirigh go maith leis an réiteoireacht fhíschuidithe ag Corn an Domhain. Ní raibh mórán eachtraí conspóideacha ann ach, ar an drochuair do FIFA, bhain ceann de na heachtraí sin leis an gcluiche ba thábhachtaí ar fad.

Bronnadh cic éirice ar an bhFrainc sa chéad leath nuair a bhuail an liathróid lámh Ivan Perisic. Níor bhronn an réiteoir an cic éirice ar dtús ach tar éis dó comhairle a fháil, bhain sé leas as an réiteoireacht fhíschuidithe.

Fiú agus athfhéachaint déanta aige ar an eachtra, ba léir nach raibh sé róchinnte ach, ar deireadh, bhronn Nestor Pitana an cic éirice. Bhí gach duine agus a dtuairim féin acu faoin gcinneadh sin ach léirigh an eachtra nach gcuirfidh an córas nua VAR an ruaig ar fad le heachtraí conspóideacha nó le botúin réiteoireachta.

Ní shin an t-aon ghearán a bheadh ag na Crótaigh áfach. I gás an chéad chúil a scóráil na Francaigh, bhuail Antoine Griezmann bob ar an réiteoir chun cic saor a fháil ach ní ceadmhach an réiteoireacht fhíschuidithe a úsáid chun eachtraí mar sin a scagadh. Mar bharr ar an donas, nuair a bhuail Griezmann an cic saor isteach sa bhosca, bhí Paul Pogba as alt na himeartha. Níor rugadh air agus ba é Pogba a bhí ag léim in aice le Mario Mandzukic nuair a chuir an Crótach an liathróid isteach ina chúl féin. D’fhéadfaí leas a bhaint as an réiteoireacht fhíschuidithe don eachtra sin ach, ar chúis éigin, rinne na réiteoirí neamhaird di.

 

Laethanta geala eile i ndán don Fhrainc

Nuair a bhuaigh an Fhrainc Corn an Domhain 20 bliain ó shin, bhuaigh siad Craobh na hEorpa dhá bhliain ina dhiaidh sin. Níl aon amhras ach gurb iad anois rogha na n-údar don chomórtas sin in 2020.

Ach súil a chaitheamh ar an scuad a thug Didier Deschamps go dtí an Rúis is léir nach bhfuil barr a gcumais bainte amach ag leath acu.

As an bhfoireann a cuireadh chun páirce sa chluiche ceannais, 31 bliain d’aois a bhí Hugo Lloris, Blaise Matuidi agus Olivier Giroud ach faoi bhun 27 bliain a bhí an t-ochtar eile.

As an 23 imreoir i scuad na Fraince, bhí 15 díobh faoi bhun 25 bliain d’aois. Ní raibh scuad níos óige ach amháin ag Sasana agus an Nigéir.

Ceann de na rudaí is iontaí faoi fhoireann na Fraince mar sin ná gur i bhfeabhas go mór a rachaidh siad má choinníonn siad orthu mar atá. Léirigh an Spáinn agus an Ghearmáin le mí anuas nach féidir talamh slán a dhéanamh de go dtiocfaidh feabhas mór ar imreoirí óga ó chorn an domhain go corn an domhain, ach ba chóir go mbeadh an-seans ag an bhFrainc arís in 2022.

 

Deireadh ré don Chróit

Má tá foireann na Fraince ag dul i bhfeabhas, seans gur deireadh ré é seo d’fhoireann na Cróite.

Tá Danijel Subasic, Ivan Strinic, Ivan Rakitic, Mario Mandzukic agus Luka Modric uile os cionn 30 bliain d’aois agus tá Dejan Lovren agus Domagoj Vida 29.

Ba é an Corn an Domhain seo an deis dheireanach a bhí ag go leor acu comórtas a bhuachan leis an gCróit agus ba léir ar an díocas a bhí iontu gur mhaith a thuig siad féin é sin.

Bhí ar na Crótaigh am breise a imirt sna trí chluiche a bhí acu roimh an gcluiche leathcheannais ach choinnigh siad orthu ar a seacht míle dícheall agus níor ghéill siad riamh. Cé go raibh an oiread sin fuinnimh caite acu roimh an gcluiche ceannais, fós ba iad an fhoireann ab fhearr ar feadh tréimhsí fada den chluiche ceannais ach amháin nár éirigh leo an ceann is fearr a fháil ar chosantóirí iontacha na Fraince.

Fág freagra ar 'AN RÚIS 2018: An Fhrainc ag ceiliúradh agus gan iad tagtha chun coinlíochta fós fiú…'

  • Pól Réamonn

    Níl ach imreoir Cróitis amháin i bhfoireann an chomórtais?