Tá cluas thar a bheith géar tugtha agam do go leor dá bhfuil ráite faoin obair atá ar siúl ag an gcoiste athbhreithnithe ar an bPeil Ghaelach atá i mbun oibre faoi láthair faoi Chathaoirleacht Jim Gavin.
Ní obair éasca ar bith a tugadh dóibh le déanamh agus níor mhaith liom a bheith ina mbróga.
Mura mbeadh le n-athrú ach rialacha imeartha ní bheadh an scéal chomh casta agus atá, ach níl sé baol ar chomh simplí leis sin.
Go deimhin le dul go smior i réiteach an cháis tharlódh go mbeadh gá le hathrú ó bhonn a chur i bhfeidhm. Ní rud an-chasta é sin i dtaobh na rialacha ach tá an scéal i bhfad níos doimhne ná sin i gcluiche gur beag gaol atá idir é anois agus an bhail a bhí air dhá scór bliain ó shin.
Ní inniu ná inné a tháinig mé den tuairim go bhfuil leibhéal na scile san iománaíocht anois cuid mhaith chun cinn ar scileanna na peile sa lá inniu.
Tá cúis an-simplí leis sin. Tá go leor de na scileanna a bhaineann leis an iománaíocht níos casta agus níos mine ná cinn na peile.
Leath an scéil a bhaineann leis an iománaí féin, sin eile. Leis an bpíosa de mhaide atá ina lámh aige a bhaineann an chuid eile agus le húsáid na scileanna atá aige chun lánúsáid a bhaint as an maide sin.
Ná ceap gurb é atá i gceist agam nach bhfuil a cuid scileanna féin ag baint leis an bPeil Ghaelach. Níl mé chomh dall agus nach gcuireann rudaí a dhéanann David Clifford agus Shane Walsh cluaisíní croí orm, nach dtuigim an tábhacht a bhaineann leis an bhfánaíocht a dhéanann Ciarán Kilkenny timpeall Pháirc an Chrócaigh agus nach bhfuil agam ach meas ar aon imreoir – ó shóisear D aníos, a thugann a shaothar agus a chuid ama dá pharóiste agus dá chontae ar bheagán cúitimh.
Ach is mór idir mianach na scileanna is bunúsaí a bhaineann leis an dá chluiche – tá neart, aclaíocht, luas, meabhair chinn agus comhordú lámh agus súl riachtanach don phéire. San iománaíocht tá ‘scileanna luaile’ nó motor skills níos tábhachtaí, mar atá scileanna cognaíocha ar nós chomhordú na súl agus na ngéag.
Go deimhin tá oiread sin de dhifríocht idir an Pheil Ghaelach agus an Iománaíocht nár cheart a bheith á gcur i gcomparáid lena chéile beag ná mór. Fós creidim go daingean gur mó atá scileanna na liathróide móire síos leis de bharr an bhéim atá ar an gcaighdeáin dochreidte aclaíochta atá ag baint leis an gcluiche sin inniu ag an leibhéal is airde.
Níl teora le lúfaireacht pheileadóirí agus iománaithe an lae inniu. Faraor dá bharr sin agus de bharr an oiliúint atá á cur ar pheileadóirí gan seilbh na liathróide a scaoileadh uathu, tá sin ina chloch bhró timpeall an mhuiníl ar an bPeil Ghaelach inniu.
‘Peil Choise’ a tugadh uirthi tráth agus sin go díreach a bhfuil le déanamh ag Jim Gavin agus a chomhghleacaithe – an ‘chos’ a thabhairt ar ais sa gcluiche.
An t-am seo anuraidh d’fhoilsigh CLG torthaí staidéir a bhí déanta ar 521 cluiche peile sa tSraith Náisiúnta (2019-2023) agus i gCraobhacha (2011-2023).
Tá mé cinnte gur beag ábhar iontais a chuir na figiúirí ar dhaoine ach is fiú súil a chaitheamh arís orthu.
Tháinig laghdú suntasach ar líon na gcúl a bhí á scóráil le himeacht ama. Faoi dheireadh na dtréimhsí bhí an pas láimhe á úsáid os cionn 400 uair i nGACH CLUICHE. Ní raibh fiachaint ach ar 20% de na ciceanna amach agus dúbailt tagtha ar an líon pasanna ar ais chuig an mbáireoir – ceann gach 3 nóiméad nó mar sin.
I mbeagán focal tá plúchadh á dhéanamh aige sin ar fhorbairt bhunscileanna chluiche na peile agus ídiú ar fad nach mór ar aon fhonn a bheadh ar imreoir dul sa seans agus a mhuinín a chur ina chumas féin.
Ar an láimh eile is borradh atá ag teacht faoin iománaíocht – báireoirí ag cur an tsliotair trí chró snáthaide atá 80 méadar ó bhaile, cosantóirí ag aimsiú scóranna le cúl a chéile, lucht tógála buillí saora ar fud na páirce, mórán chuile dhuine in ann pas 20 méadar a thabhairt tríd an sliotar a bhualadh faoin talamh ar lánluas chuid comrádaí agus eisean in ann breith air.
Cinnte gluaiseann an liathróid níos tapúla agus dá bharr tá na seansanna coraíochta agus brú laghdaithe dá réir i gcluiche na fuinseoige.
Ní mhaím a saothar ar Jim Gavin ná ar a chriú. Ar bhealaí go leor tá seans ann go bhfuil sé dodhéanta réiteach a fháil ar an bhfadhb.
Sa mullach air sin, an féidir nó ar cheart drannadh le leagan amach a fhágann na peileadóirí is cumasaí atá againn chomh haclaí leo siúd a imríonn i gCraobhacha Sacair agus Rugbaí an Domhain, nó a bhí le feiceáil i bPáras an mhí seo caite?
An féidir freisin go mbeifí ag déanamh leithcheal ar stair na heagraíochta agus ar obair na ndaoine a bhí sáite inti le 150 bliain an iomarca d’athrú a dhéanamh?
Ag daoine níos críonna ná mise atá freagra agus réiteach na gceisteanna sin agus sin mar is fearr liom.
Aon chomhairle amháin a bheadh agam orthu. Tabhair ‘an chos’ ar ais sa gcluiche.
Seán Mac cárthaigh
Aontaím. Rud éigin cearr. An fhadhb ná aithris ar sacar Seilbh seilbh seilbh
Réiteach. Ní féidir dul siar le cic nó pas láinhe I do leath féin
3 phointe do chic thar 40 méadar agus 5 phointe do chúl
Carraig
Agus tabhair an camán ar ais san iománaíocht!
An pas láimhe é nó nach ea?
Cá bhfios don réiteoir bocht mura bhfuil súile an tseabhaic aige?
Tá sé deacair é a dhéanamh amach, a bheith cinnte deimhnitheach, agus é gar don imirt fiú.
An réiteach: faigh réidh leis, damnú air.
file
Agus riail go gcaithfidh 3 thosaí ar a laghad fanacht sa leath tosaithe den pháirc.