An rud a dtabharfadh na Conraitheoirí ardmholadh dó ní chuirfeadh na Ciarraígh aon suim ann…

An Claiḋeaṁ Soluis’ cothrom an ama seo (5 Feabhra 1916)…uair sa tseachtain, foilsítear anseo, i gcomhar le Conradh na Gaeilge, leathanach amháin ón iris ‘An Claiḋeaṁ Soluis’

ClaíomhFeabhra 5, 1916                                                       An Claidheamh                                                             3

Cosaint na Gaeilge

Léigh mé an cuntas mar gheall ar an scéim nua seo atá ceaptha ag Fionán Mac Coluim. Tá súil agam go n-éireoidh leis cé nach í mo thuairim go n-éireoidh.

Ta an locht céanna air agus a bhí ar gach seift, nach mór, dár cheap an Conradh fós – ba dhóigh leat uaidh nach mbeadh aon difríocht idir scata Conraitheoirí i mBaile Átha Cliath a d’fhoghlaim a gcuid Gaeilge agus gasra feirmeoirí i gCiarraí a mbeadh an Ghaeilge á labhairt acu coitianta agus ag a seacht sinsir rompu. Ach, is í an fhírinne go bhfuil oiread difríochta idir an dá dhream agus atá idir dubh agus dearg.

An rud a spriocfadh dream acu ní spriocfadh sé an dream eile. Is cosúil an chéad dream le fear a raibh an iomad ólta aige le fada agus gur ghabh déistin é faoi dheireadh; ach is cosúil an dreama eile le fear nach bhfuil puinn ólta aige fós agus tart damanta air. B’fhusa go mór cur ina luí ar an gcéad fhear go mba cheart dó cur suas den ólachán ná an rud céanna a chur ina luí ar an dara fear.

B’fhusa go mór cur ina luí ar na Conraitheoirí ar na Ciarraígh go mba cheart dóibh an Béarla a sheachaint ar fad, cé nach mbeadh puinn de na de na Conraitheoirí ábalta air sin. An rud a dtabharfadh na Conraitheoirí ard-mholadh dó chuirfeadh na Ciarraígh aon suim ann. An fear a déarfadh na Conraitheoirí a bheith lán dáiríre, mheasfadh na Ciarraígh gur chaitheamh aimsire a bheadh ar siúl aige nó go mbeadh fonn air post a fháil nó táillí a thuilleamh. Ar an ábhar sin nuair a bhíodh lucht an Chonartha ag iarraidh muintir na Gaeilge a spreagadh cheapfadh siad coitianta gur fusa an gníomh a dhéanamh ná mar a tharlódh dó a bheith, agus b’ionann cás dóibh agus na Sasanaigh ag Gallipoli. Níor éirigh leo agus chaill siad mórán.

Is é mo thuairim go bhfuil an dearmad céanna á dhéanamh ag Fionán sa scéim seo. Scéim dheas is ea é. Thaitneodh sé le muintir na Galltachta a déarfaidís go sábhálfaidís an Ghaeltacht dá mb’fhéidir í a shábháil.

Is é a déarfaidh siad, is dócha, “Má thugamar faillí sa Ghaeltacht, táimid ag freastal uirthi anois. Táimid ag cur ceithearnaigh ag obair i ngach paróiste, agus beidh timire i mbun na hoibre i gach ceantar go dtí go mbeidh sí faoi lán seoil. Más rud é go gcaillfear an Ghaeilge ní orainne a bheidh an locht.”

Ach cad a déarfaidh muintir na Gaeltachta mar gheall ar an scéim bhréagach nua seo? –  “Seo chugainn an ceithearnach! Th’anam ón diabhail! Hould that fellow! Is dócha bhfuil punt sa tseachtain agat uathu? Punt sa mhí an ea! B’fhéidir go ndéanfaidh rad timire díot i gceann tamaillín. Mura ndéanfaidh ní fiú duit a bheith ina gcúram. Ó! Beimid go léir i dteach na scoile; beidh paiste seoigh againn ach go háirithe.”

Chun go n-éireoidh leis an scéim ní foláir d’Fhionán dearbhú go poiblí nach labhróidh sé aon Bhéarla arís go deo. Ní foláir dó leis ceithearnaigh a fháil nach labhróidh aon Bhéarla. Go dtí go ndéanfar sin ní bheidh an ceithearnach is dílse ach ag iarraidh an taoide a choimeád siar le scuab. Éireoidh leis i bpaiste amháin ar feadh nóiméid amháin agus ansin buafar air.

Buafar orainn go deo mura dtiocfaidh athrú ar chroíthe mhuintir na Gaeltachta. Agus tá go daingean i m’aigne nach féidir muintir na Gaeltachta a spriocadh ná a misneach a mhúscailt ach le gníomh nach mbeidh sé rófhurasta a dhéanamh, gníomh a chuirfidh in iúl do chách nach pá caitheamh aimsire a bheidh ó lucht a dhéanta.

Bhí mé, lá, ag trácht leis an Athair Tomás de Bhall thar mheath na Gaeilge, agus dúirt sé gur mór an trua nach bhfuil sagart sa Ghaeltacht a dhiúltódh Béarla a labhairt le héinne. Is é a dúirt mé leis agus is é a deirim anois nach cóir a bheith ag súil lena leithéid de ghníomh ó shagart nó bráthair nó éinne eile go dtí go mbeidh sé déanta acu sin a thóg obair na Gaeilge orthu féin mar chúram. Ní féidir le timire obair fhónta a mbeidh toradh uirthi a dhéanamh sa Ghaeltacht go dtabharfaidh sé cúl leis an nGalltacht agus leis an mBéarla go deo. Ní dóigh le Fionán go mbeidh le déanamh aige ach leathbhliain a chaitheamh i gceantar Gaelach agus ansin dul ag déanamh timireachta sa Ghalltacht arís. Ar an ábhar sin is baolach nach n-éireoidh leis an scéim. Ach pé rud a thitfidh amach, táim ag cuimhneamh go dtabharfaidh Fionán cuntas macánta fíor dúinn.

Earnán de Blaghd

Fág freagra ar 'An rud a dtabharfadh na Conraitheoirí ardmholadh dó ní chuirfeadh na Ciarraígh aon suim ann…'