An Ríocht Aontaithe agus Aontas na hEorpa – dráma trí ghníomh nár críochnaíodh fós

Ní fios fós cé mar a chríochnóidh scéal drámatúil an Aontais Eorpaigh agus na Breataine: le fuascailt nó le tubaiste?

An Ríocht Aontaithe agus Aontas na hEorpa – dráma trí ghníomh nár críochnaíodh fós

Pictiúr: RollingNews.ie

AN CHÉAD GHNÍOMH.

OIFIG SA BHRUISÉIL INA BHFUIL FEIDHMEANNACH EORPACH INA SHUÍ AG DEASC MÓR.

TÁ TEILEAFÓN AR AN DEASC. LÉARSCÁIL NA hEORPA CROCHTA AR AN MBALLA AR THAOBH AMHÁIN DEN STÁITSE.

PORTRÁIDÍ AR BHALLAÍ EILE DE CHEANNRÓDAITHE CHOMHTHÁTHÚ NA hEORPA, JEAN MONNET AGUS ROBERT SCHUMAN.

TOSAÍONN GACH MÍR SA CHÉAD GHNÍOMH SEO LE GLAOCH TEILEAFÓIN.

CLOISEANN AN LUCHT FÉACHANA GLÓR BRIOTANACH AG CAINT AR AN TEILEAFÓN.

Bonjour! Hello!

Ó hello, an bhfuil cead againn teacht isteach sa Chómhargadh nua seo atá á bhunú agaibh?

Tá brón orm. Níl sé em.. oiriúnach faoi láthair. Am éigin eile.

Éist linn, impím ort. Ba mhaith linn go mór a bheith páirteach ann.

Tar éis tamaill, b’fhéidir. (Os íseal) Rinneamar ár ndícheall i bPáras, ach nuair a deir De Gaulle ‘Non!’ níl seans dá laghad ann go ndéarfaidh sé ‘Oui’ go ceann i bhfad. Ach, mar a deir sibh, keep in touch old boy. Au revoir, goodbye.

[TOST AR FEADH SCAITHIMH. GLAOCH EILE.]

An bhfuil cead againn teacht isteach anois?

Tá agus fáilte, agus Éire agus an Danmhairg in bhur dteannta.

TAR ÉIS SCAITHIMH EILE, CLOISTEAR GLAONNA GUTHÁIN AG TEACHT I NDIAIDH A CHÉILE GO TRÉAN

Tá an sciar den bhuiséad Eorpach atá á íoc ag an Ríocht Aontaithe i bhfad ró-ard. Teastaíonn lacáiste uainn.

Ceart go leor. Beidh síntiús Eorpach na Breataine 65 faoin gcéad níos lú as seo amach. Aon rude eile?

Ní bheimid páirteach sa limistéar nua saorthaistil atá beartaithe agaibh, limistéar Schengen mar a thugtar air.

Tá go maith.

Teastaíonn socrú uainn faoina gceadófar dúinn sochair leasa shóisialaigh a dhiúltú go dtí go mbeidh cúpla bliain caite sa Bhreatain ag daoine a rugadh i mballstáit eile.

Mar is mian libh. Déanta.

Ní bheidh baint ná páirt againn leis an gcomhoibriú dlí agus cirt atá á phlé agaibh.

Ceart go leor.

Agus ní mian linn sochair leanaí a thabhairt do thuismitheoirí atá ina gcónaí sa Bhreatain má tá a bpáistí ina gcónaí i mballstát eile.

OK.

Agus ba chóir go mbeadh cead againn iachall a chur ar dhaoine ó bhallstáit eile imeacht mura n-oibríonn siad sa Bhreatain nó murar acmhainn dóibh iad féin a chothú sa Bhreatain.

Tá an cead sin agaibh cheana féin.

Tá srianta ar thaisteal agus athruithe eile uainn gan mhoill.

Tá a fhios agaibh go maith go dteastaíonn (a) comhthoil i measc na mballstát, nó móramh ar a laghad, agus (b) conradh nua Eorpach sular féidir na hathruithe sin a chur i bhfeidhm. Mar a deir sibh i mBéarla, ‘them’s the rules’.

Mura dtugtar dúinn gach athrú atá uainn, imeoimid.

Fúibhse atá sé, a chairde.

AN DARA GNÍOMH.

SEOMRA FÁILTE CHOMHAIRLE NA hEORPA SA BHRUISÉIL. CUAILLÍ AR CHAON TAOBH AR A GCROCHTAR BRATACHA AONTAS NA hEORPA AGUS ‘UNION JACK’ NA BREATAINE.

TÁ UACHTARÁN NA COMHAIRLE DONALD TUSK INA AONAR.

SIÚLANN IONADAÍ NA BREATAINE SA BHRUISÉIL SIR TIM BARROW ISTEACH. TUGANN SÉ LITIR DO TUSK.

DEIR AN BHEIRT CÚPLA FOCAL OS ÍSEAL, ACH NÍ CHLOISEANN AN LUCHT FÉACHANA FOCAL, GO DTÍ GO N-IMÍONN BARROW FAOI DHEIFIR.

LÉANN TUSK AN LITIR GO DROGALLACH SARA LABHRAÍONN SÉ:

Drochlá, a dhaoine uaisle, sa Bhruiséil agus i Londain. Ní féidir rud ar bith eile a rá ina thaobh.

[BREATHNAÍONN TUSK AR AN LITIR ARÍS. NUAIR A LABHRAÍONN SÉ, IS LÉIR LÁITHREACH NACH AG LABHAIRT LE DUINE AR BITH ATÁ I LÁTHAIR ATÁ SÉ]

Cronaímid uainn sibh. Go raibh maith agaibh. Slán libh!

[SIÚLANN SÉ AMACH GO MALL, AGUS AN CHUMA AIR GO BHFUIL DEOIR INA SHÚIL]

AN TRÍÚ GNÍOMH (NEAMHSCRÍOFA)

Nóta ón údar: Ní féidir an gníomh seo a scríobh fós, toisc nach féidir a bheith lánchinnte fós cé mar a chríochnóidh an dráma seo: le fuascailt nó le tubaiste? Le comhthuiscint agus le margadh réasúnta ar deireadh thiar, nó le hachrann agus le díobháil as cuimse?

Is rí-léir cheana féin an dainséar, don tír seo thar aon tír eile, mar a thug iar-ardrúnaí an AE Catherine Day le fios in óráid a thug sí in UCD Déardaoin. “I think it will get nasty very quickly,” a dúirt sí.

Ní tearc an fhianaise, sa Bhreatain agus san AE, go bhfuil míreanna ‘gránna’ dá leithéid romhainn sula gcríochnóidh an dráma seo.

Ach fiú má thosaíonn an tríú gníomh le haighneas, ní hionann sin agus a rá nach n-oirfidh sé do leas na Breataine agus an AE an naimhdeas a chur i leataobh sula mbeidh an focal deireanach ráite.

Cuireann Cathal Mac Coille ‘Morning Ireland’ i láthair ar RTE Raidió a hAon.

Fág freagra ar 'An Ríocht Aontaithe agus Aontas na hEorpa – dráma trí ghníomh nár críochnaíodh fós'