An Rialtas ag diúltú cearta teanga a chur san áireamh i reachtaíocht cearta tomhaltóirí

Tá leasuithe á moladh ag Sinn Féin a d‘fhágfadh go mbeadh dualgas dlí ar lucht gnó eolas dátheangach a chur ar earraí agus rogha na Gaeilge a chur ar ATManna agus meaisíní eile

An Rialtas ag diúltú cearta teanga a chur san áireamh i reachtaíocht cearta tomhaltóirí

Tá an Rialtas ag diúltú cearta teanga a chur san áireamh i reachtaíocht nua a bhaineann le cearta an chustaiméara.

Mhol Sinn Féin sa Seanad inné leasú ar reachtaíocht a d‘fhágfadh go mbeadh dualgas dlí ar lucht gnó rogha na Gaeilge a chur ar ATManna, meaisíní ticéad agus innill féinfhreastail i siopaí.

De réir na leasuithe, a chuir an Seanadóir Niall Ó Donnghaile i láthair an tSeanaid, bheadh dualgas ar ghnóthaí chomh maith pacáistiú agus comharthaíocht dhátheangach a chur ar fáil.

Dúirt an tAire Stáit sa Roinn Fiontraíochta, Trádála agus Gnó, Dara Calleary, nárbh í an reachtaíocht nua, An Bille um Chearta do Thomhaltóirí, 2022, “an áit cheart” chun cearta teanga an chustaiméara a chur chun cinn.

Dúirt an tAire Stáit gur aontaigh sé le “spiorad” na leasuithe ach go raibh “fadhbanna móra” leo ó thaobh an dlí agus ó thaobh polasaí de.

Dúirt sé go raibh oifigigh a roinne buartha go bhféadfadh coimhlint a bheith ann idir na leasuithe agus treoracha de chuid an AE agus rialacha de chuid na hEagraíochta Domhanda Trádála (WTO). Dúirt sé chomh maith nach bhféadfaí glacadh leis na leasuithe mar nár pléadh le lucht gnó iad le linn an phróisis breithnithe réamhreachtaíochta.

Chomh maith leis sin, bhíothas buartha, a dúirt Calleary, nach raibh aon eolas ann faoin gcostas a bhainfeadh leis na leasuithe, go háirithe i gcás gnóthaí beaga. D’fhéadfadh cuid de na leasuithe moill a chur leis an mbille chomh maith, ar sé.

Dúirt an tAire Stáit go scríobhfadh sé go dtí Airí na Gaeltachta, Catherine Martin agus Jack Chambers, féachaint cad iad na bealaí “ní hamháin sa dlí ach taobh amuigh de” go bhféadfaí cabhrú le lucht gnó a thuilleadh Gaeilge a úsáid.

Dúirt an Seanadóir Niall Ó Donnghaile go raibh an cheist níos simplí ná mar a thug an tAire Stáit le fios.

“Den chuid is mó, níl muid ach ag iarraidh an dátheangachas a bheith le feiceáil sna siopaí agus ar tháirgí.”

“An bhuncheist atá agam i dtaca leis seo…an í an Ghaeilge príomhtheanga an stáit seo de réir Bhunreacht na hÉireann nó nach í? Más í, tá dualgas bunreachtúla orainn an Ghaeilge a chur ar comhchéim leis an Bhéarla.”

Dúirt Ó Donnghaile go raibh “díomá” air nár glacadh leis na leasuithe ach nach raibh “dóchas iomlán” caillte aige. “Creidim go mór mór gur féidir linn teacht ar réiteach,” a dúirt sé. Tharraing Ó Donnghaile siar na leasuithe ar an dtuiscint go bhféadfadh sé iad a chur chun cinn arís ag an gcéad chéim eile de chuid na tuarascála.

Mhaígh Ó Donnghaile gur iarracht a bhí sna leasuithe “teacht timpeall ar locht mór a bhain le hAcht na dTeangacha Oifigiúla (Leasú) anuraidh, is é sin nár ligeadh d’aon phlé ar ról na Gaeilge sa ghnó nó cearta tomhaltóra phobal na Gaeilge”.

Agus reachtaíocht faoi chearta an tomhaltóra á plé, ní raibh “aon leithscéal” ann gan na nithe sin a phlé “i gceart” anois, dar leis  agus “dul chun cinn suntasach a lorg don phobal teanga agus do stádas an phríomhtheanga oifigiúil”.

“Is mór an trua go bhfuil polasaí Béarla amháin á bhrú ag an stát seo i saol an ghnó ó thús. Teip iomlán atá ann an sprioc bhunreachtúil gur stát dátheangach a bheadh anseo nach bhfuil ach Béarla le feiceáil ar bheagnach gach táirge sna siopaí, i gcomparáid le tíortha dátheangacha eile ar nós Cheanada,” arsa Niall Ó Donnghaile.

Dúirt an Seanadóir go dtabharfaí tréimhse ama suas le trí bliana do ghnóthaí leis na leasuithe a chur i bhfeidhm agus nach gá go mbeadh aon chostas breise ag baint leo mar nach mbeadh san áireamh ach comharthaíocht nó innill nua.

Dúirt an tAire Stáit Dara Calleary go mbeadh sé sásta comhoibriú le Sinn Féin ó thaobh “spiorad” na leasuithe.

“B’fhéidir nach é an bille seo an áit chun [na hathruithe seo] a dhéanamh agus ceapaim nach é ach caithfidh muid iad a dhéanamh.”

“I mo Roinn féin, tá mé chun iarracht a dhéanamh fáil amach céard iad na bealaí go mbeidh muid in ann spiorad [na leasuithe] a bhaint amach. Táim sásta oibriú leat…chun é sin a dhéanamh.”

Dúirt an Seanadóir Ó Donnghaile go leanfadh sé air ag iarraidh teacht ar chomhréiteach faoi na leasuithe.

“Creidim go mbeadh an dátheangachas, an t-ilteangachas, ina chuidiú agus ina bhuntáiste ollmhór ag gnóthaí beaga, gnóthaí móra, cibé gnó atá i gceist agus creidim go mbeadh sé ina bhuntáiste ollmhór don phobal, don phobal Gaeltachta agus don phobal agus an tsochaí ina n-iomláine.”

“Is ceart dúinn gan na doirse a dhruidim ag an bpointe seo…”

Fág freagra ar 'An Rialtas ag diúltú cearta teanga a chur san áireamh i reachtaíocht cearta tomhaltóirí'

  • Gabriel Rosenstock

    Is breá le rialtais a bheith ag tarraingt na gcos. Uaireanta cheapfá gurb é an caitheamh aimsire is fearr ar domhan acu é. Is máistrí iad ar leithscéalta a chumadh nuair nach bhfuil a gcroí i dtogra éigin.
    https://aonghus.blogspot.com/2016/01/an-trucailin-donn.html
    Ba cheart An Trucailín Donn a chanadh os comhair gheataí na Dála . . .

  • Pádraig Mac Fhearghusa

    Stát den dara grád a dheineann iarracht teanga den dara grád a dhéanamh den teanga náisiúnta stairiúil, agus de dhaoine a labhrann í dá réir. Ach is breá lena cheannairí a bheith ag pramsáil ó chomhdháil go comhdháil idirnáisiúnta, mar sin fhéin. Cad eile a mholfadh státseirbhísigh gan Ghaeilge dóibh ach an teanga a choimeád as radharc? Ní an tAontas Eorpach ná an WTO atá freagrach as easnaimh ríomhaireachta chórais an stáit ach oiread, nuair nach féidir fiú ár n-ainmneacha a litriú i gceart ina lán cásanna. Ná maitear.