AN REIFREANN: ‘Seasaimis an fód le chéile go mbeidh an bua ag an mbeatha in Éirinn’

Cruthaíonn an dlí cultúr. Cruthaíonn dlíthe ar son an ghinmhillte cultúr mídhaonnachtúil…

AN REIFREANN: ‘Seasaimis an fód le chéile go mbeidh an bua ag an mbeatha in Éirinn’

Bunaíodh eagras le déanaí le go mbeadh guth ag na Gaeil sa díospóireacht atá ar bun faoi láthair maidir le cearta daonna an linbh sa bhroinn.  Gaeil Ar Son Na Beatha a baisteadh ar an eagraíocht nua seo. Creidimid gurb é an ceart chun na beatha an ceart is bunúsaí dá bhfuil ann. Chuige sin, tá sé i gceist againn teachtaireacht na beatha a chraobhscaoileadh go láidir i measc phobal na Gaeilge agus guth a thabhairt do na glúinte atá in ár ndiaidh agus iad a shábháil ó uafás an ghinmhillte.

Tá comhghuaillíocht leathan, atá cumhachtach agus saibhir, tagtha le chéile, ar den bhunaíocht iad, den chuid is mó, chun cearta na mbeo gan bhreith a scriosadh is a chur ar ceal go hiomlán. Tá an chomhghuaillíocht seo maoinithe ag an stát, mar aon le hairgeadaithe mór le rá, taobh amuigh d’Éirinn, ar nós an bhilliúnaí, George Soros.

Cloistear ón gcomhghuaillíocht seo go bhfuil siad ag iarraidh go mbeadh fáil ar ghinmhilleadh,  ar éileamh agus go forleathan in Éirinn, le teorainn ama 12 seachtain den chuid is mó agus suas go dtí tráth na breithe i gcásanna éagsúla. Tá siad ag iarraidh a chur in luí orainn gur chóir dúinn ‘muinín’ a bheith againn as mná maidir le ginmhilleadh.

Caithfear an cheist a chur cén fáth gur chóir beatha an linbh a chosaint má tá sé/sí 12 seachtain agus lá amháin? Cén fáth nár chóir dúinn ‘muinín’ a bheith againn as mná an lá i ndiaidh an 12 seachtain sin? Mar a dúirt an t-iarghinmhillteoir, an Dr Arnold Halpern;

‘Níl aon difríocht idir ginmhilleadh le linn an chéad, an dara nó an tríú ráithe toirchis… Is é an duine céanna é i gcéimeanna éagsúla forbartha. Tháinig mé chuig an bpointe nárbh fhéidir liom féachaint ar na coirp bheaga sin a thuilleadh’.

Tá cuid mhaith den mhaoiniú d’fheachtas an ghinmhillte ag teacht ónár bpócaí féin agus gan an dara rogha againn. Mar shampla, tá ráite go poiblí ag an Aire Sláinte, Simon Harris, go bhfuil sé ag iarraidh gach tacaíocht agus is féidir a thabhairt do Chomhairle Náisiúnta na mBan lena feachtas le linbh sa bhroinn a mharú. Cuimhnigh, a léitheoir, gur tusa agus mise atá ag íoc as tuarastal Simon Harris le seo a dhéanamh. Anuas air sin, táimid ag íoc as tuarastail na n-ionadaithe ar Chomhairle Náisiúnta na mBan lena bolscaireacht a chur chun cinn.

Má éiríonn le taobh an ghinmhillte an tOchtú Leasú a aisghairm beidh sé aisghairthe go deo, agus is faoi pholaiteoirí a bheidh sé ansin breithiúnas a dhéanamh cén uair nár chóir an leanbh sa bhroinn a mharú.  An taca seo cúig bliana ó shin, bhí an Taoiseach, Leo Varadkar, agus Simon Harris, an tAire Sláinte, ar son na beatha agus i gcoinne an ghinmhillte, anois tá siad i gcoinne na beatha agus ar son an ghinmhillte. Cá bhfios nach rachaidh siad ar ‘aistear’ eile i gceann cúig bliana eile is go mbeidh siad ag lorg ginmhilleadh forleathan suas go 24 seachtain nó nóiméad na breithe féin?

Cruthaíonn an dlí cultúr. Cruthaíonn dlíthe ar son an ghinmhillte cultúr mídhaonnachtúil. Tá an cultúr seo le feiscint go láidir sa Bhreatain. Deir Seirbhís Sláinte na Breataine gur minic a thagann leanaí slán as ginmhilleadh agus gurb é an gnáthchleachtas iad a fhágaint san fhuacht le bás a fháil. Bhí bliain amháin inar maraíodh 66 leanbh sa chaoi seo. In 2014 d’admhaigh deich gcinn d’iontaobhais na Seirbhíse Sláinte sa Bhreatain go mbíonn siad ag dó coirp na leanaí gan bhreith in éineacht le bruscar eile is gur úsáid dhá iontaobhas eile na coirp mharbha le cumhacht teasa a ghiniúint trí choirp na leanaí a dhó. Is léir nach bhfuil meas muice ná madra ag na húdaráis sa tír sin ar dhínit agus luach na beatha. An é seo an sórt cultúir a theastaíonn uainn a bheith i réim in Éirinn?

Maidir le saoirse na mban. Is léir nach mbaineann aon tsaoirse le ginmhilleadh ach a mhalairt. Tá sé an-soiléir go mbíonn go leor ban ag fulaingt go dian de dheasca an ghinmhillte. Tá eagraíocht iontach ann darb ainm Women Hurt a thugann tacaíocht agus guth do na mná mí-ámharacha seo. Tugann an leabhar Forbidden Grief le Theresa Burke léargas dúinn ar an bhfulaingt mhillteanach.  Mholfainn d’éinne atá ar son na mban é a léamh.

Níl san alt seo, a léitheoir, ach blaisín den uafás a bhaineann le ginmhilleadh. Tá sé i gceist ag an eagraíocht Gaeil Ar Son Na Beatha troid go láidir i gcoinne an uafáis seo. Seasaimis an fód le chéile go mbeidh an bua ag an mbeatha in Éirinn.

– Is ball é údar an ailt seo den ghrúpa Gaeil Ar Son Na Beatha atá i mbun feachtais i gcoinne aisghairm an Ochtú Leasú

Fág freagra ar 'AN REIFREANN: ‘Seasaimis an fód le chéile go mbeidh an bua ag an mbeatha in Éirinn’'

  • Laoise

    Sílim nach bhfuil san alt seo ach tuairimíocht in áit réalachas. Tá ginmhilleadh ar siúl ag mná na hÉireann i Sasana agus in Éirinn (leis an bpiolla). Leis an reifreann agus an reachtaíocht a thiocfaidh le vóta “TÁ” ní bheidh muid ag cur costas ar mhná atá i gcruachásanna, bíodh sé tinneas, leanbh nach mairfidh taobh amuigh den bhroinn, bochtannas, mí-úsáid gnéis, éigniú agus araile. Freisin ní bheidh muid ag ligint orainn féin nach bhfuil sé ag tarlú. Tá sé soiléir chomh maith nach mbíonn aiféala ar 95% de mhná atá tar éis ginmhilleadh a bheith acu de réir staidéir. Airíonn siad go ndearna siad an cinneadh ceart dóibh féin agus dá dteaglaigh. Teastaíonn tuiscint anseo.

    http://time.com/3956781/women-abortion-regret-reproductive-health/

  • Seán Mac Gearailt

    Go n-éirí le Gaeil Ar Son Na Beatha. Buíochas le “Tuairisc” as an t-alt seo a chur ar fáil.

  • córa de paor

    Táim an-bhuíoch de Tuairisc.ie as an bpíosa thuas a fhoilsiú. Níl ann ach an fhírinne ghlan. Seasaimis an fód ar son chearta na leanaí féin nach bhfuil guth ar bith acu fós!

  • Dónal

    ‘In 2014 d’admhaigh deich gcinn d’iontaobhais na Seirbhíse Sláinte sa Bhreatain go mbíonn siad ag dó coirp na leanaí gan bhreith in éineacht le bruscar eile’ – Maíomh scannalach is ea seo, agus ar ndóigh tá foinse in easnamh. Iarracht scanradh a chur orainn, sin é. Cearta daonna = saoirse do rogha rud a dhéanamh le do chorp. Ginmhilleadh a fháil san áireamh. #aisghair

  • Turscar

    Tá bac bunreachtúil ann ar chaitheamh airgead an státchiste náisiúnta, ar thaobh amháin den argóint i gcás reifrinn…

    Nach bhfuil fios ag an údar faoin breithiúnais McKenna? – Ní fíor an raiméis faoin airgead stáit, nó tógfaidh an údar cás cúirte ina choinne.

  • Seán Mag Leannáin

    Féach an t-alt dar teideal Gendercide (Baineann-dhíothú?) san Economist ar 4 Márta 2010 – tá sé éasca é a ghoogleáil agus a aimsiú. Ba chóir go mbeadh an cheist seo – an t-oll-ghinmhilleadh de na leanaí baineann atá coitianta, agus ag méadú, i go leor áiteanna ar fud an domhain – ina ábhar buartha dúinn uilig agus go háirithe d’éinne a chreideann i gcothromaíocht do gach duine, beag beann ar inscne. Nár chóir go mbeadh sé seo ina príomhcheist ag éinne a thugann feimineach air nó uirthí féin?

  • Pádraig eile

    An bhfuil sé de mhisneach ag na heaspaig Chaitliceacha a rá nach féidir bheith i do Chaitliceach agus bheith ag tacú le ginmhilleadh san am chéanna? Abraidís go soiléir le daoine a bheas ag iarraidh seirbhisí na heaglaise – comaoinach naofa, posadh, sochraid ach go háirithe, abraidís leo nach mbeadh na seirbhisí sin ar fáil ach do Chaitlicigh amháin. Gan amhras, caillfidh an eaglais Chaitliceach baill agus airgead, ach b’fhéidir go mbeadh sé ina chuidiú don fheachtas NÍL, agus ag an bhomaite is é sin an rud is tábhachtaí.