Is ar an gcósta thiar atá na rátaí scaipthe is ísle den Covid-19 sa stát. Léiríonn na figiúirí is deireanaí go bhfuil ráta níos lú ná 1,000 cás in aghaidh gach 100,000 i bhformhór na dtoghcheantar ar chósta an iarthair agus go bhfuil ráta os cionn 1,000 i ngach ceann i lár agus oirthear na tíre.
Bhí ráta os cionn 1,000 i gcúig cinn de na 13 toghcheantar Gaeltachta ag tús na míosa – Baile Átha Troim (1,526), Maigh Chromtha (1,441), Dún Garbhán (1,420), Conamara Thuaidh (1,158) agus Ceannanas (1,114).
Is i gCluainín i gcontae Liatroma (388) a bhí an ráta scaipthe is ísle sa tír idir an 23 Samhain agus an 6 Nollaig ach is i dtoghcheantar Neidín, mar a bhfuil Gaeltacht Uíbh Ráthaigh, a bhí an tríú ráta is ísle – 623 – agus 156 cás ar fad deimhnithe ansin.
Ardú thart ar 10% a bhí i gceist i gCorca Dhuibhne le seachtain anuas ach tá an ráta ann – 719 – fós cuid mhaith níos ísle na an meánráta náisiúnta (1,355). 102 cás a cláraíodh i gCorca Dhuibhne le coicís anuas.
I nGaillimh, tháinig ardú beagnach 20% ar líon na gcásanna i gConamara Theas le seachtain anuas. Deimhníodh 199 cás den víreas ann idir an 23 Samhain agus an 6 Nollaig. Sin an líon céanna a deimhníodh i gConamara Thuaidh ach fágann an daonra níos mó i gConamara Theas go bhfuil ráta scaipthe níos ísle i gceist ansin – 933.
Rátaí níos lú ná 1,000 atá i gceist sna trí thoghcheantar Gaeltachta i nDún na nGall. 249 cás agus ráta 940 a bhí i dtoghcheantar Bhaile Dhún na nGall i ndeisceart an chontae, ráta 937 agus 224 cás a bhí i dtoghcheantar na nGleanntach agus ráta 755 agus 104 cás a bhí i gceist i dtoghcheantar Bhaile na nGallóglach le coicís anuas.
I gCorcaigh, tá ardú tagtha ar an ráta i dtoghcheantar Mhaigh Chromtha, mar a bhfuil Gaeltacht Mhúscraí, don seachtú seachtain as a chéile. D’fhág an 531 cás a cláraíodh ansin idir an 23 Samhain agus an 6 Nollaig gur ráta 1,441 a bhí sa cheantar.
D’fhág an 291 cás i dtoghcheantar Dhún Garbhán, mar a bhfuil Gaeltacht na nDéise, gur tháinig ardú ar an ráta scaipthe ó 1,337 go dtí 1,420.
I Maigh Eo, tá an ráta ag ardú i dtoghcheantar Bhéal an Mhuirthead. Ráta 841 atá i gceist anois agus 106 cás a bhí i gceist ann. B’in an chéad uair gur deimhníodh breis is 100 cás i mBéal an Mhuirthead in achar coicíse ó dheireadh mhí Eanáir.
Thit an ráta i dtoghcheantar Chathair na Mart, mar a bhfuil Gaeltacht Thuar Mhic Éadaigh, 25% le seachtain anuas. 170 cás a cláraíodh ann, síos ó 226, agus ráta 925 luaite leis an gceantar.
I gcontae na Mí, i dtoghcheantar Bhaile Átha Troim, mar a bhfuil cuid de Ghaeltacht Ráth Chairn, ardú a tháinig ar líon na gcásanna, ó 467 go dtí 476, agus ráta 1,526 sa cheantar.
I gCeanannas, mar a bhfuil an chuid eile de Ghaeltacht Ráth Chairn agus Bhaile Ghib, thit an ráta ó 1,195 go 1,114 agus cláraíodh 361 cás nua ansin.
Fág freagra ar 'An ráta scaipthe is ísle sa stát ar chósta thiar na hÉireann'