An rásaíocht capall faoi bhéal an ghunna

Níl aon tseachtain ann nach scaoileann iriseoirí rásaíochta na tíre seo piléar faoi na húdaráis agus an chúis chéanna leis na hionsaithe ar fad

An rásaíocht capall faoi bhéal an ghunna

Pictiúr: INPHO/James Crombie

Tá an rásaíocht capall in Éirinn go háirid, ach freisin sa mBreatain, faoi bhéal an ghunna na laethanta seo. Níl aon tseachtain ann nach scaoileann iriseoirí rásaíochta na tíre seo piléar faoi na húdaráis agus an chúis chéanna leis na hionsaithe ar fad. Iad a bheith den tuairim nach bhfuileadar sin dian ná seasmhach a ndóthain ag cur na rialacha a bhaineann le drugaí i bhfeidhm.

Níl aon easpa púdair orthu ach an oiread. Cén chaoi a mbeadh nuair a dúirt traenálaí a bhfuil oiread measa air le Jim Bolger faoi Shamhain seo caite go raibh eolas aige faoi chaimiléireacht a bheith ar bun? D’iarr sé ar Bhord Rásaíochta Capall na hÉireann (IHRB) a bheith i bhfad níos díograisí ná atá.

An samhradh seo caite tugadh cumhachtaí don Bhord tástálacha a dhéanamh i stáblaí nach raibh cláraithe leo agus úsáid a bhaint as ribí fionnaidh an chapaill agus iad i mbun tástála – córas atá i bhfad níos éifeachtúla ná tástálacha fola mar go bhfuil an cumas ann deimhniú a fháil ar úsáid drugaí i bhfad siar.

Tá cosaint láidir déanta ag an IHRB ar a gcuid oibre féin. Deir siad gur tógadh 4,399 sampla in 2019 agus gur lasmuigh de pháirc an rása a glacadh 778 acu sin.

Tá cúpla rud tagtha chun solais ó shin áfach a fhágann spórt na rásaíochta in Éirinn i ndiaidh a chúil arís.

An tseachtain seo caite gearradh fionraíocht sé mhí ar an traenálaí Charles Byrnes nuair a frítheadh rian de dhruga a chuireann codladh ort i gcapall dá chuid agus rás rite aici ar chúrsa na Trá Móire in 2018.

Charles Byrnes. Pictiúr: INPHO/Oisin Keniry

Níl aon chruthúnas ann go raibh aon bhaint ag an traenálaí leis sin, ach d’admhaigh sé gur fágadh an t-ainmhí as féin ar feadh scaithimh fad is a bhí seisean ag ithe greim. Dá bharr sin a gearradh an fhionraíocht.

Níl aon chruthúnas ach oiread go raibh aon bhaint ag an traenálaí le geall a cuireadh nach mbuafadh a chapall an rás – geall a chonaic €34,889 curtha síos ar mhaithe le €3,200 a bhuachan.

Aighneas de shaghas eile atá le réiteach ag Údarás Rásaíochta na Breataine (BHA), cé gur ceann é atá casta agus cigilteach go maith, mar gur le hinscne a bhaineann sé.

Tá marcaigh ban i mbun iomaíochta le fada an lá anois, é beagnach leathchéad bhliain (1972) ó bhuaigh Meriel Tufnell an Goya Stakes i Kempton ar an talamh réidh. Cúig bliana ina dhiaidh agus cead faighte ag mná dul ag léimrásaíocht, ba í Charlotte Brew an bhean ba thúisce a bhí sa diallait san Aintree Grand National.

Bhí Nina Carberry agus a deirfiúr céile Katie Walsh go mór chun cinn sa gceard le blianta beaga, seacht rása buaite in Cheltenham ag Nina agus trí cinn ag Katie, mar atá ag Rachael Blackmore, a bhfuil 287 rása buaite aici mar mharcach gairmiúil.

’Sí Byrony Frost leathbhádóir Blackmore i Sasana – rásaí buaite in Cheltenham aici trí bliana as a chéile agus í ar an gcéad bhean a bhuaigh an rása cáiliúil an King George Chase in Kempton Lá‘l Stiofáin seo caite.

Anois tá sise i gceartlár aighnis a d’fhéadfadh a bheith ar an gceann is goilliúnaí a tháinig bealach an BHA riamh.

Easaontas idir beirt mharcach a thosaigh é – rud atá coitianta go maith. Cheap Robbie Dunne, arb as Áth Cliath ó dhúchas dó, go mba í Frost a bhí as bealach nuair ab éigean an capall a bhí faoi a chur chun báis tar éis dó titim in Southwell ag deireadh na bliana seo caite. Thug sé liobairt den teanga do Frost mar go mba í a thuairim gur tharraing sí trasna roimhe.

Rud é seo a tharlaíonn anois agus arís agus nach dtéann níos faide, ach rinne Byrony Frost gearán leis na húdaráis.

Byrony Frost

Tá cor eile tagtha sa scéal anois sa méid agus go bhfuil sé tagtha chun solais go bhfuil fiosrúchán ar bun faoi bhulaíocht. Níl sé soiléir ar le cás Dunne amháin a bhaineann seo nó an bhfuil tuilleadh i gceist agus níl Frost féin sásta a rá ach go bhfuil clamhsán déanta agus go bhfuiltear ag déileáil leis.

Tá luaidreáin sa timpeall i measc dream rásaíochta go bhfuil marcaigh ann atá beagán in éad le Byrony Frost mar gheall ar an gcáil atá sí a thuilleamh. Deirtear marcaigh eile a bheith den tuairim nach í an líne dhíreach a leanann sí i gcónaí agus í i mbun rásaíochta, mar ba chóir do mharcach a dhéanamh.

Níl iontu sin ach béadán agus ní bunaithe ar a leithéid a thabharfar an breithiúnas.

Fág freagra ar 'An rásaíocht capall faoi bhéal an ghunna'

  • Poraic o'hEipicín

    Tá muineál ar an-chuid marcaigh.
    Mar magairlí marcaigh.