‘An raibh tú ag an gcluiche?’ – leabhar nua a dhéanann ceiliúradh ar ghaisce peile na Ceathrún Rua 

Déantar ceiliúradh i leabhar nua le Seán Ó Mainnín agus Tomás Mac Con Iomaire ar bhua mór na Ceathrún Rua i gCraobh Shóisir Peile na hÉireann agus ar an bpobal féin. Labhair siad le Tuairisc faoin saothar

‘An raibh tú ag an gcluiche?’ – leabhar nua a dhéanann ceiliúradh ar ghaisce peile na Ceathrún Rua 

Nuair a bhuaigh Cumann Peile na Ceathrún Rua Craobh Shóisir na hÉireann i Páirc an Chrócaigh ar an 25 Eanáir 2025, ní hamháin gur éacht spóirt a bhí ann ach b’ócáid stairiúil don phobal Gaeltachta a bhí ann freisin. Tá an scéal sin curtha i gcló anois i leabhar nua a dhéanann ceiliúradh ar an mbua sin agus, chomh maith leis sin, ar an bpobal féin.

Bliain an Ghaisce: An Cheathrú Rua, Seaimpíní na hÉireann 2025 curtha le chéile ag an ngrianghrafadóir Seán Ó Mainnín in éineacht leis an iriseoir Tomás Mac Con Iomaire, a scríobh tuairisc ar stair an Chumainn don leabhar. Beidh sé á sheoladh ag iar-rélta na Gaillimhe Seán Óg de Paor ag ócáid in An Chistin ar an gCeathrú Rua Dé Sathairn beag seo.

Tugann an leabhar bailiúchán grianghraf le chéile ón lá mór sin i bPáirc an Chrócaigh, go leor acu a foilsíodh ar dtús ar Tuairisc.ie, chomh maith le pictiúir de mhuintir na Ceathrún Rua. Tá pictiúir ann freisin a bhaineann le stair an Chumainn, na himreoirí is na daoine a raibh baint acu leis an gcumann ó bunaíodh é.

Is é Seán Ó Mainnín, grianghrafadóir Tuairisc, a chuir an bailiúchán pictiúr le chéile. As Baile Átha Cliath ó dhúchas, tháinig sé go Conamara ar dtús sa mbliain 1996 le dul ag obair leis an nuachtán Foinse, a bhí lonnaithe sa Spidéal ag an am ach a bhog siar go dtí an Cheathrú Rua ina dhiaidh sin.

“Fuair mé glaoch ó Phádraig Ó Céidigh (úinéir Foinse) ag fiafraí an raibh mé ag iarraidh dul ag obair leis an nuachtán nua Gaeilge. Dúirt mé, ‘go breá,’ agus thosaigh mé. Conradh trí mhí a bhí agam agus tá mé ann ó shin,” a deir sé.

Roimhe sin, chaith sé blianta ag obair le The Irish Press. “Bhí mé ag obair mar fho-eagarthóir agus bhí scoth na ngrianghrafadóirí ag obair ann sna blianta sin. Thagadh na pictiúirí ar mo dheascsa agus bhíodh orm an rogha a dhéanamh,” a mhíníonn sé. Luann sé saothar daoine ar nós Austin Finn, Pat Cashman, Joe St Ledger agus go leor eile.

Bhí an ghrianghrafadóireacht i gcónaí ar chúl a intinne. D’fhoilsigh sé leabhar grianghrafadóireachta Fungie: Ireland’s Friendly Dolphin (Brandon / Mount Eagle Publications 1998) agus d’fhás a spéis i gcúrsaí grianghrafadóireachta i gcaitheamh na mblianta.

Nuair a dhún Foinse in 2009, ba é am na cinniúna aigesean é, a deir sé. “Bhí mé gan jab, bhí teach agam i gceartlár Chonamara agus dúirt mé liom féin, cén tslí bheatha a bheidh agam anois? Shocraigh mé dul le grianghrafadóireacht. Is ábhar é a raibh suim agam ann le fada an lá. Bhí sé in am agam beart a dhéanamh de réir mo bhriathair agus ar aghaidh liom ina dhiaidh sin.”

Tá sé ag obair mar ghrianghrafadóir le seacht mbliana déag anuas, agus taifead leanúnach á choinneáil aige ar phobail na Gaeltachta, ar phobal na Ceathrún Rua agus ar imeachtaí agus ócáidí eile le pobal na Gaeilge ar fud na tíre.

Tá tábhacht mhór le cartlann fhísiúil, a deir sé. Abairt amháin a dhaingnigh an aidhm sin dhó ina chuid oibre. “Bhí mé ag caint le fear a casadh orm i dTír an Fhia lá, agus dúirt sé liom, ‘Tá na seandaoine imithe i dTír an Fhia anois agus is mór an peaca nach bhfuil aon phictiúir againn díobh.’ D’fhan sé sin liom agus cheap mé gur mhór an trua é go mbeadh na daoine imithe agus gan aon phictiúr ann le cuimhneamh orthu.”

Ó shin i leith, dhírigh sé go mór ar an gcartlannú ina chuid grianghrafadóireachta. “Creidim go mór i gcartlann… go bhfuil sé tábhachtach na pictiúirí sin a choinneáil do na glúnta atá le teacht. Tá daoine ar nós Bill Doyle ina laochra agam,” a deir sé, “fear é a choinnigh taifead ar an saol ar Oileáin Árann agus maireann na híomhánna sin anois.”

Samuel Beckett agus Gabriel Rosenstock

Creideann sé gur fiú do gach pobal cuimhneamh ar a leithéid a dhéanamh ina gceantar féin. “Níl mise in ann é a dhéanamh ach is fiú do phobail smaoineamh ar chartlann den phobal. Tá mé sásta gur éirigh linn an leabhar seo a chur le chéile don Cheathrú Rua agus go bhfuil stór pictiúr againn.

“Is fearr leabhar ná cartlann dhigiteach mar go bhfuil sé fisiúil, tá sé i do lámh agat agus tú in ann é a oscailt agus breathnú tríd. Tá daoine sa leabhar nach bhfuil ar an saol seo a thuilleadh agus tugann sé ardú croí dom go bhfuil a gcuimhne coinnithe beo anseo.”

Tá dhá chúis cheiliúrtha sa leabhar, a deir an Mainníneach.

“An chéad chúis ná bua na foirne agus gaiscí pheileadóirí na Ceathrún Rua, agus an dara cúis ná ceiliúradh ar chultúr an phobail féin.”

Ba é an lá sin i bPáirc an Chrócaigh an rud is mó a tharla ar an gCeathrú Rua riamh ó thaobh spóirt de, a deir Tomás Mac Con Iomaire, iarcheannaire ar Raidió na Gaeltachta.

“Cuimhnigh, as na sóisir, tá bonn Chraobh na hÉireann ag 25 nó 30 leaid ar an gCeathrú Rua, rud nach bhfuil ag mórán daoine. Murab ionann agus éachtaí contae, ba leis an bpobal amháin an lá sin. Beidh daoine ag rá amach anseo, cá raibh tú an lá sin, an raibh tú ag an gcluiche?”

Ba é Seán Ó Mainnín a chuir tús leis an tionscnamh, a deir Tomás Mac Con Iomaire.

“Is é Seán is cúis leis an rud uilig. Smaoineamh Sheáin a bhí ann, ceiliúradh a bhí ann ar an mbua agus d’iarr sé orm tuairisc a scríobh ar na cluichí. Ní raibh sé i gceist againn stair an chumainn agus cúlra an chumainn iomlán a thabhairt, ach tá beagán di ann.”

Jennifer Laverty, Geraldine Plunkett agus Melissa Nolan sa dráma Samuel Beckett “Teacht agus Imeacht”

Amach anseo beidh daoine ag fiafraí an raibh tú ag an gcluiche, is ní bheidh le déanamh acu ach an leabhar a oscailt agus beidh na pictiúir ann, a deir Tomás Mac Con Iomaire. “Tá pictiúir ann de ghasúir agus de dhaoine óga agus beidh siad in ann breathnú siar air is a rá, sin mise ag an gcluiche.”

Fág freagra ar '‘An raibh tú ag an gcluiche?’ – leabhar nua a dhéanann ceiliúradh ar ghaisce peile na Ceathrún Rua '