An raibh an ‘ceart ceannaigh’ mícheart?

Níor shamhlaigh éinne go n-ardódh luach na dtithe comhairle chomh mór agus a tharla

An raibh an ‘ceart ceannaigh’ mícheart?

Tosaíodh ag leagan na dtithe an lá cheana. Gar go maith d’Ionad Siopadóireachta Stigh Lorgan atá siad agus an suíomh buailte ar shuíomh mór eile atá á fhorbairt faoi láthair.

Ach an difríocht idir suíomh na dtithe atá á leagan agus an suíomh eile, ná gur leis an gComhairle Contae na tithe seo.

Sna seascaidí agus sna seachtóidí, ba thithe Comhairle Contae leath de na tithe a tógadh sa tír seo. Níl na tithe seo an-sean. Ach tá siad dúnta suas le fada an lá, na fuinneoga clúdaithe le dallóga adhmaid agus gach doras faoi ghlas.

Bheadh duine in ann a shamhlú go raibh pobal beag bríomhar ina gcónaí anseo tráth agus iad ag íoc a gcuid cíosa leis an gComhairle, go pointeáilte gach seachtain.

Scaipthe thart ar an eastát beag seo, tá eastáit eile, ar thithe ‘Comhairle Contae’ iad tráth den saol.

Ach de réir a chéile, tosaíodh ag cur caoi orthu, ag cur fuinneoga agus doirse deasa nua isteach iontu, á bpéinteáil agus á leathnú anseo is ansiúd. I gceann amháin díobh, tá teach galánta deartha ag ailtire, tógtha sa ngarraí.

Seo fianaise den ‘tionónta-iompaithe-ina-úinéir’ – athrú atá suntasach anois i ngach eastát tithíochta ar fud na cathrach, tithe ar leis an gComhairle iad uair amháin.

Cén tionchar a bhí ag an athrú seo ar scéal na tithíochta sa gcathair? Ba ar mhaithe leis na tionóntaí a tugadh isteach an reachtaíocht atá taobh thiar den athrú seo.

Measadh go ndéanfadh sé maitheas do dhaoine dá mbeidís ina n-úinéirí, seachas ina dtionóntaí ar a gcuid tithe féin.

Sa tír seo agus sa mBreatain, go deimhin, tugadh cúnamh do na tionóntaí morgáistí a fháil leis na tithe a cheannach. Cuireadh luach an mhargaidh ar an teach ag an am agus tugadh lacáiste maith don té a bhí á cheannach.

Chun brabach míréasúnach a sheachaint, bhí coinníoll ann go gcaithfeadh an tionónta an Chomhairle a íoc ar ais dá ndíolfaidís an teach. Ach níor shamhlaigh éinne go n-ardódh luach na dtithe chomh mór agus a tharla.

Tithe agus árasáin a raibh an lucht oibre, nó daoine gan obair, a bhí ina gcónaí iontu tráth ach tá fianaise láidir ann nach í an aicme sin atá ina gcónaí iontu a thuilleadh.

Tá saibhreas le déanamh in go leor ceantar i mBaile Átha Cliath anois ag aon duine a bhfuil teach nó árasán aige a thóg an t-údarás áitiúil san am a caitheadh.

Níor cheap éinne go dtiocfadh cuid de na comhlachtaí is mó cáil ar domhan le lonnú i gceantar na ndugaí, mar shampla. Seo ceantar inar thóg Comhairle na Cathrach an t-uafás tithe beaga agus blocanna árasán.

Ach féach go bhfuil os cionn €400,000 á iarraidh anois ar thithe dhá sheomra leapa agus go minic íoctar níos mó ná sin, sa gceantar céanna. Ar cheann de na suíomhanna idirlín a bhaineann le comhlacht ceantálaithe, tá teach ar díol faoi láthair in St Patrick’s Villas ar €450,000. Dhá sheomra leapa atá ann.

Dúradh liom gur tugadh deis do na tionóntaí sa gceantar sin a gcuid tithe a cheannach sna seachtóidí. Bhí fear amháin a raibh a mhuintir sa teach le os cionn 50 bliain agus cuireadh é sin san áireamh nuair a chuir an Chomhairle luach £1,000 ar an teach. Ach ní raibh ar chumas an fhir ag an am an teach a cheannach agus thóg an Chomhairle ar láimh é nuair a cailleadh an fear bocht.

Chinn sé orm teacht ar aon taighde grinn ar an ábhar seo. Cad a tharlaíonn nuair a ardaíonn luach na dtithe chomh mór sin nach mbíonn an dream a raibh siad dírithe orthu, in acmhainn iad a cheannach níos mó?

Léigh mé tuairisc faoin ábhar sa mBreatain, áit ar tharla an rud céanna le tithíocht a thóg na húdaráis áitiúla. Tugadh isteach scéim sa mBreatain freisin, scéim an ‘Right to Buy’ a thug Rialtas Margaret Thatcher isteach sna hochtóidí.

Is sna ceantair is mó áilleacht is measa atá an scéal ann. Tá luach na dtithe i gCorn na Breataine ardaithe go mór, a bhuíochas sin cuid mhaith don dream a cheannaíonn tithe ann mar thithe saoire.

Tá daoine áitiúla fós ina gcónaí i gcuid de na seantithe. Daoine iad seo a cheannaigh na tithe faoi scéim an ‘Right to Buy’. Luaitear fear amháin i gceann de na tuairiscí, a cheannaigh a theach ón údarás áitiúil na blianta ó shin ar £17,000. Agus é ina shuí ag breathnú amach ar an bhfarraige, i gceann de na ceantair is áille sa tír, tá a fhios aige go bhfuil luach thart ar £1 milliún ar a theach anois.

Déantar cur síos go minic ar na bailte seo i gCorn na Breataine mar ‘shráidbhailte iascaireachta’ agus gach seans gur iascairí a bhí sa dream a cheannaigh amach a gcuid tionóntachtaí, le linn ré Thatcher. Ní mórán iascairí a bheadh in acmhainn ceann de na tithe sin a cheannach anois agus níl an Chomhairle ag tógáil tithe mar sin níos mó. Is tithe saoire ar a laghad an tríú cuid de na tithe sa gceantar faoin tráth seo.

Agus cad faoi na tithe agus na hárasáin a thógfar ar an láthair gar d’ionad siopadóireachta Stigh Lorgan? An mbeidh aon tionónta ag íoc cíos leis na gComhairle Contae iontu?

Bhuel, níl a fhios an mbeidh nó nach mbeidh. Níl aon eolas tugtha amach ag an gComhairle faoina gcuid pleananna. 88 árasán breá, 76 acu le seomra amháin leapa, cuid eile le dhá sheomra, a thógfar ar an suíomh. Agus bí cinnte go mbeidh siad tógtha ar na gcaighdeán is airde tógála, rud a d’fhéadfaí a rá faoi aon tithíocht a thóg an Chomhairle riamh roimhe seo.

Ach is beag seans go leigheasfar an fhadhb tithíochta teaghlaigh le hárasáin aon seomra leapa.

Ní dhearna an scéim ‘Ceart Ceannaigh’ aon mhaith do na glúnta atá le teacht ach rinne sé slám deas airgid don ghlúin a raibh sé ar a gcumas iad a dhíol arís ar an margadh oscailte.

Agus más tiarnaí talún iad na húinéirí sin anois, agus iad ag ligean na dtithe amach ar cíos, is mór idir an cíos a bhíodh á ghearradh ag an gComhairle Contae agus cíos an mhargaidh inniu. B’fhéidir gur ‘ceart’ a bhí sa ‘ceart ceannaigh’ nach raibh ceart ar chor ar bith.

Fág freagra ar 'An raibh an ‘ceart ceannaigh’ mícheart?'