An próiseas chun bord nua Údarás na Gaeltachta a cheapadh ‘nach mór thart’

Tháinig deireadh le tréimhse cúig bliana an bhoird dheireanaigh ar an 20 Samhain agus táthar ag fanacht go fóill ar Aire Stáit na Gaeltachta Joe McHugh chun an bord nua a cheapadh

An próiseas chun bord nua Údarás na Gaeltachta a cheapadh ‘nach mór thart’

Tá an próiseas chun bord nua Údarás na Gaeltachta a cheapadh “nach mór thart”.

Tá ráite ag Aire Stáit na Gaeltachta Joe McHugh go gcuirfidh an tSeirbhís Um Cheapacháin Phoiblí liosta ar fáil dó an tseachtain seo d’iarrthóirí a bheadh incháilithe do bhord na heagraíochta fiontraíochta. Déanfaidh an tAire Stáit an liosta sin a bhreithniú ansin agus fógróidh sé na baill nua “chomh luath agus is féidir”.

Cuireadh an cruinniú a bhí le bheith ag bord Údarás na Gaeltachta Dé hAoine seo caite ar athló – toisc nach bhfuil aon bhord ag an eagraíocht fiontraíochta faoi láthair.

Tháinig deireadh le tréimhse cúig bliana an bhoird dheireanaigh ar an 20 Samhain agus táthar ag fanacht go fóill ar Aire Stáit na Gaeltachta Joe McHugh chun an bord nua a cheapadh.

Tá ainmniúchán Chomhairlí Contae Dhún na nGall, Mhaigh Eo, Chiarraí agus na Gaillimhe don bhord nua faighte cheana féin ag an Aire McHugh.

D’fhiafraigh an Teachta Dála de chuid Fhianna Fáil Éamon Ó Cuív den Aire Stáit cén uair a d’ainmneofaí comhaltaí an bhoird nua agus imní air faoin “bpráinn” a bhaineann leis an scéal toisc “nach féidir aon chruinniú den bhord a eagrú go dtí go n-ainmneofar na comhaltaí agus ó tharla go bhfuil tograí coinnithe siar dá bharr”.

Dúirt an tAire Stáit McHugh go bhfógrófaí “comhdhéanamh an bhoird nua go poiblí” ar shuíomh idirlín a roinne “chomh luath agus is féidir” i ndiaidh dó an liosta d’iarrthóirí a fháil ón tSeirbhís Um Cheapacháín Phoiblí an tseachtain seo.

Dúirt sé gur faoin Údarás féin a bheadh sé ansin dáta a shocrú don chéad chruinniú den Bhord nua.

Dúirt Gearóid Breathnach, Stiúrthóir Seirbhísí Corparáide Údarás na Gaeltachta, ag cruinniú de Choiste Oireachtais na Gaeilge, na Gaeltachta agus na nOileán an tseachtain seo caite go raibh súil ag an eagraíocht go mbeadh bord nua ann roimh an Nollaig agus “sraith tograí ann a bhí réidh le ceadú”. 

Dúirt sé, áfach, nach gcuirfeadh sé isteach ar na tograí sin mura bhfógródh an tAire Stáit Gaeltachta bord nua roimh Nollaig.

Chuir Roinn na Gaeltachta tús sa bhfómhar leis an bpróiseas maidir le Bord nua a cheapadh ar Údarás na Gaeltachta, ach níl aon duine ceaptha ar an mbord fós, cé go bhfuil ainmniúcháin déanta ag na Comhairlí Contae.

Faoi Acht na Gaeltachta 2012, laghdaíodh líon na gcomhaltaí ar an mbord ó 20 go 12 comhalta. Faoin Acht, ceapann Aire na Gaeltachta seachtar comhaltaí, an cathaoirleach san áireamh, ar bhord an Údaráis agus ainmníonn na comhairlí contae, a bhfuil ceantar Gaeltachta ina ndlínse, cúigear comhaltaí.

Sheol an Roinn litreacha chuig Comhairlí Contae na Gaillimhe, Dhún na nGall, Mhaigh Eo agus Chiarraí le déanaí ag tabhairt cuireadh dóibh duine a ainmniú a bheadh le ceapadh ag Aire na Gaeltachta ar Bhord na heagraíochta fiontraíochta.

Ba é an 9 Samhain an spriocdháta le hiarratas a dhéanamh chuig an tSeirbhís um Cheapacháin Phoiblí (nó PAS) don seacht bhfolúntas ar an mbord (an Cathaoirleach ina measc) agus tuigtear do Tuairisc.ie go ndearna 41 duine iarratas ar bheith ina gcomhaltaí. 

Meastar go ndéanfar an Cathaoirleach reatha, Anna Ní Ghallachair, a athcheapadh le haghaidh tréimhse eile.

Tuigtear go bhfuil triúr atá ina gcomhaltaí faoi láthair ach nach bhfuair ainmniúcháin óna gComhairlí Contae an iarraidh seo i measc an dá scór duine a léirigh spéis sa chúram don tSeirbhís um Cheapacháin Phoiblí.

 

Fág freagra ar 'An próiseas chun bord nua Údarás na Gaeltachta a cheapadh ‘nach mór thart’'