AN POD GAEILGE: ‘Déanann an Ghaeilge difríocht, agus an-difríocht, i dtoghcháin i nGaillimh Thiar’

An t-iar-aire Éamon Cuív atá linn ar An Pod Gaeilge an tseachtain seo chun plé a dhéanamh ar fhothoghcháin na míosa seo chugainn

Tá an t-iar-aire Gaeltachta agus iar-Theachta Dála do Ghaillimh Thiar linn an tseachtain seo chun plé a dhéanamh ar fhothoghcháin na míosa seo chugainn, i nGaillimh Thiar agus i mBaile Átha Cliath Láir.

Tá Máirín Ní Ghadhra, craoltóir le Raidió na Gaeltachta, in éineacht le Bridget agus Maitiú chomh maith chun plé a dhéanamh ar a mbeidh le foghlaim againn ó na fothoghcháin faoin Rialtas, faoin bhfreasúra agus faoi bhorradh na heite clé. Pléitear an tionchar a bheidh ag an nGaeilge ar an toradh i nGaillimh Thiar agus cé leis a bheidh an lá.

Fág freagra ar 'AN POD GAEILGE: ‘Déanann an Ghaeilge difríocht, agus an-difríocht, i dtoghcháin i nGaillimh Thiar’'