An plá ‘plaisteach’ iad na póstaeir toghchánaíochta?

Vótáil comhairleoirí sa Ghaillimh an tseachtain seo ar son srian a chur le póstaeir thoghchánaíochta

An plá ‘plaisteach’ iad na póstaeir toghchánaíochta?

Póstaeir toghchánaíochta i gCinn Mhara in 2016. Pictiúr: Rollingnews.ie

Céard is fiú póstaer toghchánaíochta? Ocht vóta an ceann an freagra a bhíodh ag an seandream in Fianna Fáil ar an gceist sin. Is deacair a rá cén bunús eolaíochta atá leis an bhfreagra sin. Ach, rinne an páirtí staidéar, is cosúil, scaitheamh maith ó shin ar an gcaoi a dtabharfá vótaí i do threo amuigh i measc an phobail. Ba é seo an t-am a mbíodh Fianna Fáil in ard a réime agus is beag dream, má bhí dream ar bith sa tír, ab fhearr ná iad ag déanamh meastóireachta ar dhearcadh agus ar intinn an phobail fud fad na tíre. Dá réir sin, ní ceart beagán a dhéanamh de chumhacht an phóstaeir ar an gcuaille teileagraif.

Ach Dé Luain na seachtaine seo, thosaigh Comhairleoir de chuid an pháirtí sin iarracht le deireadh a chur, cuid mhaith ar chuma ar bith, le póstaeir i bhfeachtais toghchánaíochta do Chomhairle Chontae na Gaillimhe.

An Comhairleoir Ivan Canning, de chuid Fhianna Fáil, as Port Omna (duine de dheartháireacha cáiliúla na hiomána) a mhol go gcuirfí srian an-mhór ar na póstaeir sa toghchán Comhairle Contae i nGaillimh an chéad bhliain eile, agus as sin amach.

Dúirt Ivan Canning gur iondúil gur plaisteach a bhíonn mar phríomhábhar sna comharthaí seo; caithfidh siad a bheith in ann an bháisteach a sheasamh.

Mí-ádh ar an saol é an plaisteach anois, a deir an Comhairleoir Canning. Mura bhféachfaidh an ghlúin seo le scaradh leis an bplaisteach is iad na glúnta atá inár ndiaidh a bheidh thíos leis, a deir sé. Mhol Ivan Canning go socródh na Comhairleoirí nach mbacfadh siad le comharthaí a chrochadh ar fud na háite. D’fhéadfaí, a deir sé, áit amháin a roghnú i mbailte móra agus i sráidbhailte le haghaidh na gcomharthaí uilig agus teorainn a chur leo.

Comhairleoir nua comhthofa é Ivan Canning. Bhí sé ag iarraidh go ndéanfaí an beart láithreach. Ach bhí Comhairleoirí ann a raibh na bóithre beaga agus móra siúlta acu.

Bhí go leor acu idir dhá chomhairle.

Ait go leor bhí beirt bhan a toghadh den chéad uair i dtús na tréimhse Comhairle Contae seo ina measc. Dúirt Niamh Byrne (FG) as Uachtar Ard agus Carey McHugh (Neamhspleách) as Tuaim gur ar éigean a bheadh an bheirt acu féin ina gComhairleoirí murach na póstaeir chéanna.

“Shaothraigh mé é agus mé ag iarraidh m’ainm a scaipeadh i measc an phobail vótála. Sílim gur chuidigh na póstaeir go mór liom,” a deir Carey McHugh, a bhí 24 bliain d’aois tráth a raibh toghchán áitiúil ann go deireanach in 2014. Bhí cuid mhaith Comhairleoirí ann arbh fhacthas dóibh gurbh iad an dream a bheadh ag tosú amach ar chosán na polaitíochta ba mhó a bheadh faoi mhíbhuntáiste d’uireasa na bpóstaer.

Dúirt an Comhairleoir Peter Roche (FG) as Mainistir Chnoc Muí gur cheart cuimhneamh freisin ar dhreamanna arb é déanamh na bpóstaer agus na gcomharthaí atá mar cheird acu. “Cuidíonn feachtais toghchánaíochta go mór leis an lucht gnó a bhíonn ag plé leis na seirbhísí seo,” a deir Peter Roche.

Dúirt Des Joyce (FG), as oirdheisceart na Gaillimhe, go bhfágfadh socrú gur sna bailte móra agus sna sráidbhailte a bheadh ionad na bpóstaer na hiarrthóirí tuaithe, a leithéid féin, faoi mhíbhuntáiste suntasach.

Ní raibh aon locht aige féin ar phóstaeir ach go mbíonn na gasúir ag déanamh spraoi faoina phictiúir a bheith ar phóstaeir, a deir an Comhairleoir Joe Byrne as Cinn Mhara, Fine Gaelach eile. Is iad dream Fhine Gael is mó a bhí ag spochadh faoin moladh (comhairleoir de chuid Fhianna Fáil é Canning) agus ar ndóigh, bhí roinnt den pholaitíocht ag baint leis an gceird sin.

Bhí leigheas aige féin ar an bhfadhb uilig, a deir Tomás Ó Curraoín as Sinn Féin Poblachtach agus bhí sé déanta cheana aige an uair dheireanach: clár mór feiceálach adhmaid ocht dtroithe le ceithre troithe a chur in áit chrochta.

Comhartha amháin gan plaisteach ar bith agus feiceáil mhaith air.

Rinne Cathaoirleach na Comhairle Contae, Seán Ó Tuairisg, an rud céanna, a deir sé. Píosa breá adhmaid 8 x 4 a fheistiú in áit a mbeadh amharc ag cuimse vótóirí air. Ach nuair a chuaigh sé ar ais ag iarraidh an adhmaid an lá i ndiaidh an toghcháin bhí an clár breá goidte – duine éigin ag baint leas éigin eile as!

Ach má bhí cuimhní cinn agus ciall cheannaithe ag cuid mhaith de na Comhairleoirí, ní raibh Ivan Canning as Port Omna ag ligean a chuid maidí le sruth.

“Beidh mé féin ag seasamh sa gcéad toghchán eile agus is é an chéad toghchán agamsa é. Ní chuirfidh mé póstaer ar bith amach,” arsa fear Phort Omna. (Is fíor do Ivan Canning é. Is é an chéad toghchán eile an chéad cheann aige don Chomhairle Contae ach beidh tréimhse sách fada caite aige ina Chomhairleoir Contae faoin am sin agus roinnt aithne curtha air, gan trácht ar a shloinne! Is amhlaidh a comhthoghadh Canning le bearna a líonadh ar an gComhairle).

Bhí amhras ar chuid de na Comhairleoirí nach bhféadfaí an cosc ar phóstaeir a chur i bhfeidhm mar gur ar éigean atá dlí ann leis an údarás sin a thabhairt don Chomhairle Contae. Níor stop sin Ivan Canning ach an oiread. “Caitheadh muid na vótaí agus beidh a fhios againn níos deireanaí an bhfuil údarás mar seo againn nó nach bhfuil”. 14 de na comhairleoirí a vótáil ar son moladh Canning agus deichniúr ina aghaidh. Bhí riar mhaith de na Comhairleoirí imithe faoin tráth sin.

Tá bainistíocht na Comhairle Contae ag fiosrú anois go bhfeicfidh siad an bhfuil stádas dleathach ag an gcinneadh seo.

Fág freagra ar 'An plá ‘plaisteach’ iad na póstaeir toghchánaíochta?'