Tá sé curtha in iúl ag an Aire Oideachais Joe McHugh d’oifigigh a roinne go bhfuil práinn ag baint le bunú an chórais nua chun a gceart a thabhairt do dhaoine atá ag iarraidh scoil lán-Ghaeilge a chur ar bun.
I ráiteas a chuir urlabhraí an Aire ar fáil do Tuairisc.ie tráthnóna, i ndiaidh cruinniú a bheith aige leis an gCoimisinéir Teanga, dúradh gur thuig McHugh go maith an imní a bhí ar phobal na Gaeilge faoin scéala nach fios go fóill an mbeidh an córas nua i bhfeidhm do phróiseas pátrúnachta 2019.
“Tá an cheist seo ardaithe ag an Aire McHugh lena chuid oifigeach. Tá sé lánfheasach ar na húdair imní atá ag pobal na Gaeilge agus tuismitheoirí nach bhfuil Gaeilge acu féin ach gur mian leo oideachas lán-Ghaeilge a fháil dá bpáistí.
“Cuirfear an t-éileamh ar oideachas san áireamh sa suirbhé pátrúnachta don 12 bunscoil atá le hoscailt in 2019, agus féachfar ar bhearta éagsúla maidir leis an gcóras pátrúnachta agus an gaeloideachas.”
Ag labhairt dó le Tuairisc.ie tráthnóna, dúirt an Coimisinéir Teanga Rónán Ó Domhnaill go raibh “cruinniú tairbheach” aige leis an Aire McHugh agus gurbh léir “gur thuig an tAire an gá agus an phráinn a bhaineann le feidhm a thabhairt do mholtaí na Roinne Oideachais maidir le córas nua do bhunú scoileanna lán-Ghaeilge”.
Rinne an Foras Pátrúnachta agus na sé cheanneagraíocht Gaeilge achainí ar an Aire Oideachais inné seasamh le lucht an ghaeloideachais agus dlús a chur le bunú an chórais nua.
Is mar thoradh ar chinneadh a rinne an Coimisinéir Teanga go raibh an dlí á shárú ag an Roinn Oideachais agus Scileanna i gcás an éilimh ar Ghaelscoil nua do Dhroim Conrach atáthar ag féachaint le leasú a dhéanamh ar an gcóras maidir le bunú scoileanna nua chun go mbeadh sé níos éasca scoil lán-Ghaeilge a bhunú.
Tá sé ina imní anois, áfach, nach mbeidh an córas nua sin bunaithe in am do phróiseas pátrúnachta na bliana seo chugainn, rud atá ina údar mór buartha ag an bhForas Pátrúnachta i bhfianaise líon ard na scoileanna nua atá le hoscailt in 2019.
Ag labhairt dó le Tuairisc.ie inné, dúirt Caoimhín Ó hEaghra, Ard-Rúnaí An Foras Pátrúnachta, go rabhthas ag impí ar an Aire Oideachais Joe McHugh tabhairt ar oifigigh a roinne na moltaí maidir leis an gcóras nua a chur i bhfeidhm mar ábhar práinne.
Mhol an Grúpa um Bhunú Scoileanna Nua an mhí seo caite go rachfaí i mbun comhairleoireachta leis na heagrais phátrúnachta faoin gcóras nua, agus tá an Foras Pátrúnachta ag impí ar an Aire go mbeadh an próiseas sin curtha i gcrích sula bhfógrófar torthaí phróiseas pátrúnachta 2019, bliain ina mbeidh 12 bunscoil nua á mbunú.
I gcomhráiteas a chuir siad amach aréir, thacaigh ceannairí na sé ceanneagraíocht Gaeilge leis an éileamh sin.
“Táimid ag éileamh ar an Aire Oideachais agus Scileanna, Joe McHugh gníomhú láithreach bonn chun an córas bunaithe scoileanna a chur in oiriúint do mhianta tuismitheoirí don oideachas lán-Ghaeilge agus soláthar leordhóthanach scoileanna lán-Ghaeilge a chinntiú dá réir.
Cearta Ghaeloideachais don 23%
In ainneoin go bhfuil an t-éileamh ann, i mBliain seo na Gaeilge níor osclaíodh Gaelscoil nua amháin fós!
De réir taighde an ERSI tá 23% de thuismitheoirí na 26 contae ag iarraidh oideachas bunscoile lánGhaeilge dá bpáistí. Faoi láthair níl ach 8.3% de bhunscoileanna na tíre ina nGaelscoileanna.
Is léir go raibh an Roinn Oideachas as tiúin le mianta an phobail le fada agus tá córas oideachais lánBhéarla cruthaithe acu i aghaidh mianta riar mhaith tuismitheoirí.
Tá ísliú céime in ann don Bhéarla san AE de bharr na Breatimeachta. Fan go mbeidh an scéal amuigh ansin go bhfuil Fraincis agus Gearmáinis á múineadh go hardchaighdeán sna Gaelscoileanna agus beidh na liostaí feithimh i bhfad níos faide ná mar atá siad faoi láthair.
Réiteach amháin ná cuid des na scoileana atá ag teagasc tré mheán an Bhéarla faoi láthair a thiontú ina nGaelscoileanna de réir a chéile.
Mairéad
Cad mar gheall ar an mbac a chuirfidh an Eaglais Chaitliceach Rómhánach ar Ghaelscoileanna neamhchreidmheacha a bhunú?
Fiú má thugann an Eaglais Rómhánach bunscoil dá cuid don Stáit tá an ceart tugtha ag an Aire Oideachais Richard Bruton don easpag Chaitlicliceach áitiúil an pátrúnacht nua don scoil sin a roghnú! Ní bheidh seans ag daoine nach bhfuil creideamh ar bith acu Gaelscoil neamhchreidmheach a bhunú dá bpáistí.
Seans gurb shin an fáth gur eiteas”idirchreidmheach” a roghnaigh an Foras Pátrúntachta seachas eiteas poblachtánach ( sa gciall Francach) neamhchreidmheach a roghnú dos na Gaelscoileanna a bheidh faoina gcúram.