Deir an tAire Gaeltachta Catherine Martin go bhfuil an dul chun cinn atá déanta maidir leis an mBille Teanga agus an maoiniú atá curtha ar fáil don phleanáil teanga i measc na rudaí is suntasaí atá bainte amach aici ó ceapadh í bliain ó shin.
Iarradh ar Catherine Martin, an tAire Cultúir, Ealaíon, Meán, Turasóireachta, Spóirt agus Gaeltachta sa Dáil, cur síos a dhéanamh ar na beartais is mó atá curtha i bhfeidhm aici ó ceapadh í bliain ó shin.
As an bhreis is scór beart a luaigh an tAire Martin, bhain péire acu le cúrsaí teanga.
Thagair an tAire don dul chun cinn atá déanta i dtaobh Bhille na dTeangacha Oifigiúla (Leasú), atá ag dul trí Thithe an Oireachtais i láthair na huaire.
Gealladh sa chlár rialtais anuraidh go mbeadh an bille achtaithe roimh dheireadh 2020 ach meastar gur mó seans anois gur i bhfómhar na bliana seo a fheicfear an bille nua.
D’fhógair an tAire Martin ag tús na míosa seo go raibh €3.4 milliún curtha i leataobh i mbliana don phróiseas pleanála teanga, ardú breis is €700,000 ar an airgead a cuireadh ar fáil anuraidh.
Bainfidh Údarás na Gaeltachta agus Foras na Gaeilge úsáid as an gciste chun airgead a chur ar fáil do choistí i Limistéir Pleanála Teanga Ghaeltachta, i mBailte Seirbhíse Gaeltachta agus i Líonraí Gaeilge atá ag obair ar phleananna teanga a chur i bhfeidhm nó a ullmhú.
Deir an tAire Martin go bhfuil “dul chun cinn suntasach” á dhéanamh maidir le pleananna teanga a chur i bhfeidhm.
As an 26 Limistéar Pleanála Teanga Gaeltachta, tá 22 plean ceadaithe go dtí seo. Tá pleananna teanga Oileáin Árann agus Chléire á meas ag an Roinn i láthair na huaire.
Tá pleananna teanga ceadaithe do cheithre Bhaile Seirbhíse Gaeltachta, An Clochán Liath, Leitir Ceanainn, Daingean Uí Chúis agus Cathair na Gaillimhe. Tá plean do Thrá Lí á bhreithniú ag Roinn na Gaeltachta faoi láthair.
I ráiteas a d’eisigh an Roinn Cultúir, Ealaíon, Meán, Turasóireachta, Spóirt, luaigh an tAire Martin cuid de na beartais Ghaeilge agus Ghaeltachta eile a bhfuil sí bródúil astu, ina measc an €8 milliún breise a fuair Údarás na Gaeltachta faoi Phacáiste Spreagtha mhí Iúil 2020. Luaigh sí chomh maith tacaíocht €5 milliún do Shocrú Comhlachtaí Gaeltachta; sparánachtaí d’ealaíontóirí Gaeltachta; an obair atá ar bun maidir le toghchán Údarás na Gaeltachta a thabhairt ar ais; agus maoiniú €500,000 do TechSpace chun ábhar digiteach agus teicniúil a chruthú i nGaeilge.
Bhain formhór na mbeart a luaigh an tAire Martin sa Dáil agus sa ráiteas le tacaíochtaí Covid-19 do chúrsaí cultúir, ealaíne agus turasóireachta.
“Tá cúis mhaith againn a bheith dóchasach agus an tsochaí ag athoscailt go cúramach. Táim tiomanta do thacaíocht a thabhairt d’earnálacha a bhfuil ardmheas againn orthu, ar nós earnáil na Turasóireachta, an Chultúir, na Gaeltachta, an Spóirt agus na nEalaíon, agus iad ag athoscailt,” arsa an tAire Martin.
“Mar a dúirt mé bliain ó shin, ní raibh a leithéidí seo de dhúshláin roimh na hearnálacha seo riamh cheana agus lean agus leanfaidh mé ag obair i dtreo a dtéarnaimh.”
An Teanga Bheo
Beart dé réir ár mbriathar sin na tréithe is fearr.