An ceathrú Baile Seirbhíse Gaeltachta fógartha, ciste €3.4m curtha i leataobh don phróiseas pleanála teanga

Tá Aire Stáit na Gaeltachta Jack Chambers ar cuairt ar Ghaeltacht Dhún na nGall tráthnóna agus é fógartha aige go bhfuil aitheantas faighte ag An gClochán Liath mar Bhaile Seirbhíse Gaeltachta

An ceathrú Baile Seirbhíse Gaeltachta fógartha, ciste €3.4m curtha i leataobh don phróiseas pleanála teanga

Tá fógartha ag Airí na Gaeltachta go bhfuil maoiniú 2021 don phróiseas pleanála teanga ceadaithe d’Údarás na Gaeltachta agus do d’Fhoras na Gaeilge.

Tá €3.4 milliún curtha i leataobh i mbliana, ardú breis is €700,000 ar an maoiniú a chuir Roinn na Gaeltachta ar leataobh anuraidh. Maoiniú €2,751,000 atá ceadaithe d’Údarás na Gaeltachta i mbliana agus €653,500 atá ceadaithe don Fhoras.

Bainfear úsáid as an gciste chun airgead a chur ar fáil do choistí i Limistéir Pleanála Teanga Ghaeltachta, i mBailte Seirbhíse Gaeltachta agus i Líonraí Gaeilge atá ag obair ar phleananna teanga a chur i bhfeidhm nó a ullmhú.

Tá cuairt á tabhairt ag Aire Stáit na Gaeltachta Jack Chambers ar Ghaeltacht Dhún na nGall tráthnóna agus é fógartha aige go bhfuil an Clochán Liath aitheanta mar Bhaile Seirbhíse Gaeltachta. Seolfaidh sé plean teanga do cheantar na Rosann chomh maith.

Dúirt an tAire Gaeltachta Catherine Martin gur údar sásaimh di an ciste a fhógairt arís i mbliana agus go raibh “dul chun cinn suntasach” á dhéanamh maidir le pleananna teanga a chur i bhfeidhm.

“Agus aitheantas bronnta ar an gClochán Liath mar Bhaile Seirbhíse Gaeltachta, leagtar cloch eile ar leas na Gaeilge sa bhaile agus sa cheantar máguaird.”

“Le cúnamh leanúnach mo Roinne, tá treisiú á dhéanamh i rith an ama ar na deiseanna atá á dtabhairt do phobail na Gaeltachta agus do phobal labhartha na Gaeilge múnlú a dhéanamh ar a bhfuil uathu féin mar a bhaineann sé leis an nGaeilge laistigh dá bpobail féin,” a dúirt an tAire Martin

Is é an Clochán Liath an ceathrú Baile Seirbhíse Gaeltachta agus

pleananna faofa cheana do Leitir Ceanainn, Daingean Uí Chúis agus Cathair na Gaillimhe. Tá plean do Thrá Lí á bhreithniú ag Roinn na Gaeltachta faoi láthair.

As an 26 Limistéar Pleanála Teanga Gaeltachta, tá 22 plean ceadaithe cheana féin agus pleananna teanga Oileáin Árann agus Chléire á meas ag an Roinn i láthair na huaire.

Agus é ag labhairt ar an gClochán Liath, thréaslaigh an tAire Stáit Chambers leo siúd a d’fhorbair pleananna teanga na Rosann agus an Chlocháin Léith agus dúirt go raibh an rialtas tiomanta tacú leis an nGaeilge sa Ghaeltacht.

“Léiríonn an t-allúntas suntasach pleanála teanga atá fógartha go bhfuil an Rialtas tiomanta don phróiseas pleanála teanga agus go gcuirfear tacaíocht leanúnach ar fáil d’fheidhmiú na bpleananna seo agus don phróiseas trí chéile.”

D’fhógair an tAire Stáit freisin maoiniú €64,000 d’eagraíochtaí pobail agus teanga ar fud Ghaeltacht Thír Chonaill.

Baineann os cionn leath den mhaoiniú leis an gcumann sacair Ruagairí an Chéidigh sna Rosa. Cuireadh €33,698 ar fáil dóibh chun sconsa a thógáil timpeall na páirce agus eangach nua a cheannach.

Tugadh os cionn €9,000 do CLG Ghaoth Dobhair chun trealamh a cheannach agus fuair Coiste Tuismitheoirí Phobalscoil Ghaoth Dobhair maoiniú €5,500 ón Roinn chun greanadóir a cheannach.

Fág freagra ar 'An ceathrú Baile Seirbhíse Gaeltachta fógartha, ciste €3.4m curtha i leataobh don phróiseas pleanála teanga'