An phangailin bheag atá i lár na polaitíochta domhanda

In 2016, rinneadh pleananna móra chun ainmhí eile a thabhairt go dtí an zú sa bPrág, an panda bán, ach caitheadh an plean sin i dtraipisí nuair a tháinig deireadh le conradh 'dlúthchaidrimh' idir Prág agus Béising

An phangailin bheag atá i lár na polaitíochta domhanda

Ar an 2 Feabhra i mbliana, rugadh pangailin sa zú i bPrág, an chéad ainmhí den speiceas seo, a chuirfeadh buaircín sprúis i gcuimhne do dhuine, a rugadh san Eoraip riamh.

Tharraing sé seo cáil ar an zú, ar ndóigh, ach ní bheadh an oiread sin tábhachta leis an scéal i ndáiríre murach an scéal polaitiúil atá taobh thiar de.

In 2016, rinneadh pleananna móra chun ainmhí eile a thabhairt go dtí an zú, an panda bán. Ní féidir a shéanadh gur álainn an béar é an panda agus ní gan chúis go mbíonn sé mar shiombail do chaomhnú an dúlra. Ach ag an am céanna, is siombail de chuid na Síne é agus leagann rialtas na Síne síos na coinníollacha do na tíortha ar mhaith leo an t-ainmhí a fháil ar iasacht. (Ní dhíoltar an panda riamh.) Is buntáiste é soláthar mór bambú a bheith ar fáil ag an tír, ach níos tábhachtaí fós, níor cheart don tír sin cur i gcoinne pholaitíocht na Síne.

Agus is fadhb mhór é seo toisc gur stát ollsmachtach í an tSín a ghabh an Tibéid le foréigean sna caogaidí, atá ag bagairt cogaidh ar an Téaváin faoi láthair agus atá ag coinneáil níos mó ná milliún Uigiúrach i gcampaí géibhinn, i measc sáruithe eile ar chearta daonna a bhíonn ag tarlú ansin ar bhonn laethúil. Ceapadh an plean chun an panda a thabhairt go Prág i dtréimhse inar smaoinigh an rialtas i bPoblacht na Seice gurbh fhiú an bhéim ar chearta an duine sa pholasaí eachtrach a thréigean agus caidreamh níos fearr a lorg le cumhachtaí ar nós na Síne ar mhaithe le buntáistí eacnamaíochta.

Ach bhí an tSín ag iarraidh umhlaíochta mar phraghas ar a cuid ‘cairdis’. Nuair a thug uachtarán Phoblacht na Seice ag an am, Miloš Zeman, cuairt ar an tSín in 2014, craoladh agallamh teilifíse leis sa tSín inar labhair sé go neamhbhalbh: “Ní ag múineadh a bhímid faoi gheilleagar an mhargaidh, ná cearta daonna ná a leithéid, ach a mhalairt glan – tá muid ag iarraidh foghlaim. Agus tá mé sa tSín chun foghlaim conas fás na heacnamaíochta a mhéadú agus bail sheasmhach a chur ar an tsochaí.” Scanraigh an ráiteas sin a lán daoine sa bhaile, i bhfianaise na modhanna atá ag an tSín le fada chun “bail sheasmhach a chur ar an tsochaí”.

Lean geáitse páistiúil an ráiteas sin – thaispeáin an t-uachtarán caochán pluise, carachtar cáiliúil cartúin as Poblacht na Seice, mar chomhartha den chaidreamh nua. Agus go deimhin, rinneadh sraith cartún sa tSín go gairid ina dhiaidh bunaithe ar an gcairdeas idir an caochán agus an panda. Díreach ag an am seo a síníodh conradh “dlúthchaidrimh” idir Prág agus Béising, a bhí mar choinníoll do theacht an fhíorphanda go dtí an zú. Laistigh den chonradh, bhí ar Phrág a fhógairt go n-aontaíonn sé le dearcadh na Síne i leith na Téaváine.

Ní raibh gach duine ná gach polaiteoir sa tír sásta, ámh, le treo nua an pholasaí eachtraigh. In 2019, bheartaigh cathaoirleach an tSeanaid, Jaroslav Kubera, cuairt a thabhairt ar an Téaváin – gníomh suntasach a bheadh ann toisc go seachnaíonn polaiteoirí an Iarthair an t-oileán de ghnáth, ar eagla fearg na Síne a tharraingt orthu féin. Chuir an tUachtarán Zeman agus ambasáid na Síne brú millteanach air gan an turas a dhéanamh. Ní raibh an tsláinte go maith ag Kubera agus deirtear gur chuir an brú dlús lena bhás tobann de thaom croí ag tús na bliana 2020.

Ach shocraigh an cathaoirleach nua, Miloš Vystrčil, mian a réamhtheachtaí a chomhlíonadh agus chuaigh sé chun na Téaváine beag beann ar an uachtarán. Bhí an tSín ar buile, ar ndóigh, ach ní dhearna an eachtra damáiste d’eacnamaíocht Phoblacht na Seice in aon chor. Chuirfeadh sé iontas ar dhaoine, b’fhéidir, ach tá an infheistíocht a dhéanann an Téaváin sa tír beagnach chomh tábhachtach le hinfheistíocht na Síne. Agus thosaigh cúrsaí ag athrú go tapa ina dhiaidh sin. In 2021, tháinig rialtas nua ar an bhfód a d’fhill ar an mbéim ar chearta an duine sa pholasaí eachtrach, agus go luath tar éis do Petr Pavel a bheith tofa mar uachtarán i mí Eanáir na bliana seo, labhair sé ar an nguthán le huachtarán na Téaváine.

Tá baint ag an bpangailin leis an mórathrú seo. In 2019, shocraigh an chomhairle cathrach i bPrág, tar éis toghcháin áitiúil, an conradh le Béising a chur ar ceal. Chuir sé sin deireadh le scéal an phanda, ar ndóigh. Ach chruthaigh an chathair caidreamh leis an Téaváin go tapa agus is mar gheall air sin a tháinig dhá phangailin go Prág, tuismitheoirí an chinn óig. B’fhéidir gur ainmhithe uirísle iad i gcomparáid leis an bpanda maorga taibhseach, ach tá scéimh dá gcuid féin ag baint leo.

Fág freagra ar 'An phangailin bheag atá i lár na polaitíochta domhanda'

  • Indrek Ois

    GRMA, a Radvan! Scéal an-spéisiúil ar fad a chruthaíonn gur féidir le tíortha daonlathacha seasamh suas d’ollchumchachtaí ar nós na Síne féin.