‘An Nollaig Thiar’ le Laoighseach Ní Choistealbha

'An Nollaig Thiar' le Laoighseach Ní Choistealbha atá againn inniu inár sraith bheag dánta i gcomhair na Nollag

‘An Nollaig Thiar’ le Laoighseach Ní Choistealbha

An Nollaig Thiar

I Reilig Mhaírois
tógaim mo cheann
ó uaigh an fhonnadóra

agus tchím
go bhfuil caipíní bána
ar na Beanna Beola

nó tá siad
ina seasamh sa tsneachta
ag éisteacht leis fós

*D’fhoilsigh Barzaz an dara cnuasach filíochta le Laoighseach Ní Choistealbha in 2025, Mainistir na Feola.

Fág freagra ar '‘An Nollaig Thiar’ le Laoighseach Ní Choistealbha'

  • Siobhán

    Más é an fonnadóir céanna é, is ann a ligfeadh mise dhon taoille tuilleadh orm ag éisteacht leis!

  • Darragh Ó Caoimh

    Dán aoibhinn!