An mó dochar ná maitheas a rinne Éirí Amach na Cásca do chúis na Gaeilge?

Ba i mBéarla a bhí Forógra na Cásca agus gan fiú tagairt ann do chás na teanga. An mbeadh níos mó Gaeilge á labhairt in Éirinn inniu dá mbeadh muid fós mar chuid den Ríocht Aontaithe?

Untitled-1

Tá sé scór blianta ó shin ó bhíos in éindí le grúpa as Conamara ag féile ceoil nua-aimseartha a bhí ar bun i bhFostasol, in iardheisceart na Breataine Bige. Dream óg is mó a bhí ag an bhféile. Níos óige ná mise ar aon chaoi.  Breatnais ar fad beagnach a bhí le cloisteáil gach taobh, fiú amháin ag lucht díolta sceallóg is burgar ag na seastáin bheatha. I mBreatnais amháin a bhí liosta na bpraghsanna ag na seastáin bheatha seo, agus beagán de náire orainn go raibh orainn iompú ar an mBéarla leis an ordú a dhéanamh.

Chuaigh sé seo i bhfeidhm chomh mór ar dhuine de na ceoltóirí ó Chonamara a bhí taobh liom is go ndúirt sé: ‘An áit a ndeachaigh muide amú go bhfuaireamar réidh leis na Sasanaigh. Murach 1916 agus muid fós á rialú ó Londain bheadh níos mó meas againn ar ár dteanga féin’.

Nuair a dhéantar comparáid idir staitisticí teanga sa Bhreatain Bheag agus na staitisticí  a bhaineann leis an nGaeilge, chaithfí a admháil nach chun leas na Gaeilge a chuaigh an tsaoirse pholaitiúil a d’eascair as Éirí Amach 1916.

Níorbh ghá don Bhreatain Bheag a bheith ‘saor’ ó Westminster lena gceart a dteanga a úsáid le heagrais phoiblí a bhaint amach. Tharla sin 10 mbliana sular thug Teach Laighean aitheantas reachtúil do chearta lucht labhartha na Gaeilge.

Rialtas Westminster a bhunaigh S4C i 1982.

Bhí a dhá oiread níos mó daoine ag labhairt na Breatnaise sa Bhreatain Bheag i 1911 ná mar a bhí daoine a raibh labhairt na Gaeilge acu in Éirinn, de réir fhigiúirí daonáirimh. Inniu tá a thrí oiread níos mó Breatnaiseoirí ná mar atá Gaeilgeoirí a úsáideann an teanga go rialta. Ag éirí as na fíricí seo is ceart an cheist a chur, an mbeadh níos mó Gaeilge á labhairt in Éirinn inniu, mar ghnáththeanga labhartha i measc an phobail, dá mbeadh muid fós mar chuid den Ríocht Aontaithe?

Bhí alt spéisiúil ag Aindrias Ó Cathasaigh san iris Feasta (Eanáir, 2016) faoin teideal ‘An Teanga i gCnó Caoch na Cásca’.

Bunaithe ar léacht a thug Aindrias i mBéal Feirste a bhí an t-alt ina dtugtar míniú maith ar cén fáth nach raibh Forógra na Cásca i nGaeilge. Ba í an chéad chúis ná cúrsaí clódóireachta. An dara cúis ná nach dtuigfeadh mórán an Forógra dá mba i nGaeilge a bheadh sé, toisc gan Gaeilge a bheith ach ag 4% de mhuintir Bhaile Átha Cliath ag an am. Glacaim leis na pointí sin, agus ní gá níos mó a rá fúthu.

Ach ní mhíníonn sé cén fáth nach bhfuil aon tagairt don Ghaeilge, beag ná mór sa bhForógra.

Ag léamh Fhorógra na Cásca shílfeá nach raibh aon tionchar ag Conradh na Gaeilge ar mheon na ndaoine a chum agus shílfeá nárbh ann don leathmhilliún cainteoirí Gaeilge a bhí sa tír ag an am, thart ar leath acu a raibh an Ghaeilge mar ghnáththeanga laethúil acu.

Bhí baint mhór ag an bPiarsach agus Éamonn Ceannt leis an gConradh agus deirtear gurb é an Piarsach a chum an chuid is mó den Fhorógra.

Bhí Mac Diarmada ar Choiste Gnó an Chonartha i 1916. Bhí Mac Donagh é féin gníomhach sa gConradh tráth agus bhí Tom Clarke cláraithe mar bhall de chraobh den Chonradh, cé nár facthas riamh ag aon chruinniú é.

Sin cúigear den seachtar a bhfuil a n-ainmneacha leis an bhForógra a d’fhógair Poblacht na hÉireann, cáipéis bhunaidh na Poblachta nach bhfuil tagairt ar bith inti don aidhm go mbeadh  Éire ‘Saor AGUS Gaelach chomh maith’. Níl aon mhíniú sásúil feicthe agam faoin bhfaillí seo.

Bhí alt breá ag Brian Ó Conchubhair ó Ollscoil Notre Dame faoin teideal ‘Oidhreacht na Cásca’ i bhforlíonadh a scaipeadh san Irish Times le gairid,

D’áitigh sé gur éirigh Óglaigh na hÉireann agus an tArm Cathartha amach agus é mar aidhm acu an Ghaeilge a chosaint. Ach níl aon fhianaise ann go raibh cosaint na Gaeilge i measc na n-aidhmeanna a bhí acu agus gan tagairt ar bith don teanga beag ná mór sa bhForógra.

Bhí an Piarsach ar dhuine de na ceannródaithe ba fhorásaí i ngluaiseacht na Gaeilge sula ndeachaigh sé isteach san IRB. San óráid bhreá a thug sé ag uaigh O’Donovan Rossa i 1915, dúirt sé gur theastaigh Éire a bheadh – ní hamháin saor ach Gaelach chomh maith. Ach níl aon chaint ar Éirinn a bheith Gaelach sa bhForógra. Ar chuir Connolly nó Clarke cosc ar an bPiarsach aon cheo a rá faoin nGaeilge sa bhForógra?

Níl aon mhíniú agamsa ar an scéal ach oiread ach tá mé den tuairim nach raibh sa Ghaeilge don IRB ach uirlis le húsáid mar shiombail den náisiún agus nach raibh i ngluaiseacht na Gaeilge ach gléas lena chuid ullmhúchán rúnda don Éirí Amach a choinneáil faoi cheilt.

Bhí an Ghaeilge áisiúil do mhúinteoirí taistil, a bhí á n-íoc ag Conradh na Gaeilge, chun na hÓglaigh a eagrú. Úsáideadh na ranganna le druileáil a dhéanamh. Ba é an rud ba náirí uilig ná an bealach ar shocraigh Clarke agus Mac Diarmada go mba cheart don IRB seilbh a ghlacadh ar Choiste Gnó Chonradh na Gaeilge ag Ard-Fheis na heagraíochta i 1915, rud a thug ar Dhubhghlas de hÍde éirí as. Bheadh sin ceart go leor dá gcuirfidís béim ar Éire a bheith Gaelach chomh maith le saor sa Phoblacht a bhí le bunú acu. Ach níor chuir, más   aon fhianaise a bhfuil i bhForógra na poblachta céanna.

Is fiú an cheist a chur, i mbliain seo an chomórtha, an mó dochar ná maitheas a rinne Éirí Amach na Cásca do chúis na Gaeilge?

Ní hamháin nár tugadh aitheantas do chúis na teanga sa bhForógra ach scrios Éirí Amach na Cásca gluaiseacht na teanga. Ba é an tEirí Amach ba chúis leis an mbéalghrá don teanga a cothaíodh i measc go leor poblachtánach. Maireann an béalghrá sin i gcónaí.

Go teoiriciúil bhí Sinn Féin agus an IRB ar son na Gaeilge, ach fad is a bhain sé lena húsáid mar theanga chumarsáide ina gcuid gnó, ní mórán acu a bhí sásta an stró a chur orthu féin.

An fhaillí a bhí déanta ar an nGaeilge i bhForógra na Cásca, is cosúil go raibh an fhaillí chéanna ar bun sna hinstitiúidí a bunaíodh faoi choimirce Dháil Éireann i gceantair Ghaeltachta le linn Chogadh na Saoirse.

Le déanaí tháinig mé ar cháipéis spéisiúil. Tuairiscí atá ann ar na cásanna a éisteadh sa Chúirt Phoblachtánach i bparóiste i gChonamara Theas, ceantar nach raibh mórán Béarla ag daoine ann ag an am. Is i mBéarla amháin a thuairiscítear na cásanna. Is i mBéarla atá ainmneacha na ndaoine a bhí os comhair na gcúirteanna. Níl Seán ná Pádraig ná Máirtín ná Cóil ar aon duine ach John, Patrick, Martin agus Coleman.

Is i mBéarla atá a gcuid seoltaí baile ar fad. Is i mBéarla atá an cur síos ar gach cás agus is i mBéarla atá an breithiúnas tugtha. (Glacaim leis gur reáchtáladh na cúirteanna i nGaeilge, mar nach bhféadfaí iad a reáchtáil i mBéarla agus gan ach Gaeilge ag formhór na ndaoine.)

Céard is féidir a rá faoin iompar teanga seo? An amhlaidh nár chreid gluaiseacht an poblachta sa Ghaeltacht is láidre sa tír fiú amháin, nó an amhlaidh gur chreid siad nach bhféadfaí an Ghaeilge a usáid in aon ghnó oifigiúil? An iontas ar bith é gur loic an stát a cuireadh ar bun de thoradh Éirí Amach 1916 chomh tubaisteach sin ar lucht labhartha na Gaeilge sa Ghaeltacht?

An mbeadh an scéal níos measa dá mbeadh an Ghaeilge fós againn mar pièce de résistance in aghaidh rialtas Westminster, mar atá an Bhreatnais ag muintir na Breataine Bige. An raibh an ceart ag fear Chonamara scór blianta ó shin nuair a cheistigh sé ar bhotún a bhí ann fáil réidh leis na Sasanaigh má bhíomar ag iarraidh an Ghaeilge a choinneáil beo?

 logo-1916-wide

Fág freagra ar 'An mó dochar ná maitheas a rinne Éirí Amach na Cásca do chúis na Gaeilge?'

  • Dáithí Mac Cárthaigh

    An Ghaeilge mar ornóid. Sin é an leagan amach le céad bliain.
    Dein comparáid le muintir na Catalóine a bhfuil an Chatalóinis mar theanga oibre na Parlaiminte (baile) acu ó thús na n-ochtóidí.
    Thug na polaiteoirí ceannasaíocht agus lean an pobal iad.
    Sampla maith do na Gaeil agus na Breatanaigh araon a bhfuil a dteangacha á síorchreimeadh i gcónaí de dheasca easpa úsáid fhóinteach ag lucht na cumhachta

  • Seán Ó Buachalla

    Ós ag déanamh comparáide le cás na Breatnaise atáimid, is suimiúil an rud é gur tháinig laghdú ar líon agus céatadán na gcainteoirí Breatnaise (go háirithe sna ceantair is mó ina bhfuil sí á labhairt) sa daonáireamh deireanach a rinneadh sa Ríocht Aontaithe in 2011, ach gur tháinig méadú ar líon agus na gcainteoirí Gaeilge in Éirinn (na Gaeltachtaí san áireamh) sa daonáireamh a rinneadh sa tír seo sa bhliain chéanna (féach an dá nasc thíos). Ní mar a shíltear a bhítear.

    https://www.bbc.com/news/uk-wales-20677528

    https://www.gaelport.com/default.aspx?treeid=37&NewsItemID=7882

  • coc

    Más rud é go raibh ceart ag an bhfear úd as Chonamara, nach mbeadh borradh ollmhór tagtha ar chúrsaí teangan sna sé chontae, faoi bhrat cosanta na Sasanach?

  • Seán

    Chreidfinn gurbh fhearrde i bhfad féiniulacht/teanga choismhuintir na hÉireann dá mba go bhfanamair sa Ríocht Aontaithe… ach bheadh i bhfad níos mó bochtaineacht, fadhbanna sóisialta agus foréigean, go dtí le fíordhéanaí ar aon nós. Cuimhnigh ar na daoine a chuaigh sall go Londain o gach cuid den oileán sna 70di. Beag díbh ná raibh an-bháúil ar chúis an phoblachtánachais agus aontú an oileáin, cuimhnigh ar cé chomh holc is bheadh sé mara raibh fiú an Saorstár fé smacht ag airm na Breataine. Téimís go híogair an scéil, thaobhóinn leis an éirí amach, ach ní thaobhóinn leis an gConradh. B’in é an botún is mó i stair na hÉireann. féach an slad a tháinig de bharr an Treaty san. Is soiscéil ag an Saorstát gurbh é an Éirí Amach a chuir tús leis an bhforéigean insa tír so. Ba mhó i bhfad an fhuil a doirteadh de bharr teorainn a chruthú .i. Cogadh na gCarad agus na Trioblóidí.

  • Seán

    Léigí aiste mór an Chadhnaigh “Gluaiseacht na Gaeilge: Gluaiseacht ar Strae”. Míníonn sé cad a thit amach; níorbh amhlaidh gur chuir taobh radacach na Gaeilge deireadh le Gaeilge. Ach an rialtas fhéin, tar éis bunú an tSaorstáit, le hiarrachtaí chun Conradh na G a chur fé smacht agus cinniúint na teanga a thógaint os na Sóisialach agus a ainliú faoi bhráid choistí coimeádacha ar nós mar a léiríodh sa Republican Congress. Thuig an rialtas an mianach réabhlóideach a bhí ag gluaiseacht na Gaeilge (díreach mar a bhí riamh i ngluaiseacht na Breatnaise) agus theastaigh uathu an chumhacht san a mhaolú agus an teanga bheith fé chúram an stáit amháin.

  • Pól Ó Codlata

    Is dócha go bhfuil an ceart ag Seán – nuair a dhéanfar iarracht athbheochán a bhainstiú “go hoifigiúil”, téann an fuinneamh agus an beocht as feachtas ar bith. Chomh maith le sin, i gcodarsnacht leis an Bhreatain Bhig, ní raibh aon infheistaíocht i ngéilleagair na pobail Gaeltachta, rud a cuideadh le meath na teanga – bhí breac-Gaeltachtaí fós i gContae an Chláir agus an Lú nuair a bunaíodh an Saorstát.

  • Eoin P. Ó Murchí

    Ní chreidimse go leor den phle thuas, ar bhealach is cuma go raibh breacGhaeltachtaí ann fós. CF gur bhreacGhaeltachtai iad? Toisc go raibh an pobal ag eiri as an teanga a úsáid. Mhoilligh an stát nua an t-astriú teanga seo sa Ghaeltacht agus thug Gaeilge do lucht na gcathracha(rud nár tharla san ALban, áit ar cainteoirí dúchais amháin nach mór a bhfuil cumas maith sa teanga anois acu, a bheag nó a mhór) Cén fáth gur lean meath na Gaeilge? Toisc go raibh próiseas an-dian curtha sa siúl i bhfad roimhe, náire faon teanga ba dheacair a athrú. Níor thóg an ghluaiseacht ‘radacach’ seo a gcuid páistí le Gaeigle, níor fheidhmigh CnaG trí Ghaeilge, b’eagraíocht ele ar fad í an t-am sin.

    Locht ar an stát? Cinnte ach titean an chuid is mó de ar an meon fruthGhaeigle iarhcóilíneahc, iarghorta úd.

    • Seán

      Is fíor ‘uit Eoin. Is leithscéil mór ag criticeoirí is ag Gaeil óga na haimsire so an locht ar fad ar chur ar an rialtas agus ar an eaglais de bharr gach a d’imigh orainn, an fhearrthainn go fiú. Ní cuimhin leo gurb iad na tuismitheoirí féinig, dar den gcoismhuintir iad cuid mhaith, a thug ar a gclann Béarla a labhairt, is a thug íde na muc is na madraí dá bpáistí fhéinig, dá ndeirfidís aon ní i gcoinnibh na máistrí scoile is na sagart. Ait go leor, is tá cáinte bunúsacha an aithbhreithniúchais, atá le haithint i dtuiscintí is in argóintí ana criticeoirí ar an eite chlé le tamaill anois. go háirithe i dtaobh a mionghearráin i leith an tSaorstáit. b’iad na daoine fhéinig a chruthaigh ana chuid dosna fadhbanna a d’fhág sinn sa gcruachás ina bhfuilimid. is ní deirim san le goimh ach le comhbhá.

      • Seán

        Agus marach an saorstát/Phoblacht? cá bhfios an mbeadh aon chaint againn ar aon Ghaeltacht ná fiú ar fhéiniúlacht Éireannach. cinnte bheadh gluaiseacht náisiúnach de chineál éigin ann ar nós mar atá sna Sé Chontae is sa Bhreatain Bheag. ach n’fheadar éinne an mbeadh i bhfad Éireann níosa mhó daoine ar fuaid an oileáín a bheadh báúil ar rialtas na Breataine, ar an gCoróin, agus ina gciníochaibh dála an EDL, de bharr na hoidhreacht úd. b’olc an mhaise an Treaty mar thréig sé na daoine is mó a throid ar son saoirse .i. náisiúnaithe na Sé Chontae, agus na hÉireannaigh is mó a thug dúshlán meon an náisiúnachais .i. protustúnaigh Ulaidh, agus scoilt sé sochaí is muintearas gach cúige eile ó bhonn ina dhá leath. Ach mara gcruthaíodh an stát úd, níl fhios ag éinne an mbeadh aon ní dá bharra againn anois ó thaobh ‘meon na saoirse’ de. Ó thuaidh ná ó theas, is ná beadh ionainn ach madraí lathaí na hImpire.

        • Seán

          da olcas daoine an lae inniu ó thaobh na teanga de. tá bladhm bheag éigin fós le dealrú i gcroíte gach duine don gcoismhuintir sa tír seo. mianach a dhealraíonn iad ós na tíortha móra Eorpacha eile ó thaobh a mbá le hairm ná le cogaíocht. meon eile ar cé sinn féin agus ar conas ar chóra caitheamh le daoine eile de bharr ár staire fhéinig. b’in rian ceannairí an Éirí Amach is 1916, dar liom, ní ar an saghas gaola atá againn lenár gcultúr barrchaite fhéinig, ach an gaol atá againn le cultúir is le tíortha na cruinne. d’oscail an tÉirí Amach doirse an domhain dúinn. b’in gníomh ná féadfadh teanga amháin a chur i gcrích.

  • Pádraig Ó Cíobháin

    Is nós le leithéid John A Murphy (féach an litir is déanaí dá chuid in Irish Times an tSathairn seo caite) an Piarsach a lochtú i dtaobh gan tagairt don nGaelainn ná don gcultúr a d’eascraigh aisti i bhForógra na Cásca. Deir gur P H Pearse a shínigh sé leis an ndoiciméad géillte agus lena chuid ráiteas aimsir na réabhlóide, fiú gur le Pat a chríochnaigh a chaoin-litir chun a mháthar an oíche sara lámhachadh é! Ná fuil aon teora lena ndéanfadh daoine chun a mbó fhéin a chur thar abhainn?! Is spéisiúil go bhfuil an t-athbhreithniúchas in uachtar i dtuiscintí John Bruton, Kevin Myers, Patsy McGarry, Ruth Dudley Edwards et al i leith an Éirí Amach, nár ghantar, dar leo. Anuas ar an méid sin, buaileann údar an ailt thuas an milleán ar an easnamh tagartha dhon dteangain eitneach sa bhForógra mar gheall ar neamhaird an tSaorstáit mar léithe ó 1922 ar aghaidh. Luann a bhfuil ag labhairt Breathnaise sa Bhreatain Bhig, gur thúisce S4C ar an bhfód ná TG4, is araile, ina anailís chomparáideach idir thall is abhus. Dar ndóigh, déarfadh aon staraí leat nach féidir comparáid chothorm a dhéanamh idir na cúinsí ba bhun le meath na teangan i bhfos agus thall. Reachtanna Chill Chainnigh na bliana 1367 a chéadfhógair cogadh gall re gaelaibh ó thaobh an chultúrdhíthithe, deirtear. Ach cuimhnímis nár thúisce gabháltas Gall tosnaithe in 1171 ná gur thosnaigh Giraldus Cambrensis (Gearóid na Breataine Bige!) an feachtas namhdach frithghaelach a leanfadh ar aghaidh ad nauseam. Cuir leis sin, ráitis chinedhíothaithe Spenser, Stanihurst et al, mar chuireann Céitinn i gcuimhne dúinn i bhForas Feasa ar Éirinn. Níorbh den riachtanas céanna díothú a dhéanamh ar chine na Breataine Bige ná ar a gcultúr eitneach óir bhíodar san ‘aontaithe’ leis an ríocht – bíodh nár luadh iad mar chuid den ‘dtrí ríocht’ mar deineadh sinne! B’é an liombó san ina rabhadar ba shochar dóibh. Ba sinne an chéad chóilín. Ba den riachtanas, murarbh fhéidir sinn a dhíothú scun scan, ár gcultúr is ár dteanga a scrios. Ba den riachtanas gan a ghealladh dúinn ach féinriail chomhshnaidhmeach ag tús na haoise seo caite ar fhaitíos go dtitfeadh an Impireacht a ghlac seilbh ar chúigiú cuid de thalamh an domhain go foiréigneach as a chéile. Mar bharr ar an ndonas (ar an maitheas, sea déarfadh an t-impiriúlaí gallda) chuir an Gorta Mór, trí bhás agus imirce, deireadh le líon mór des na cainteoirí Gaelainne a díbríodh siar ós na tailte méithe ó aimsir Chromail, roimis sin, agus ina dheaghaidh sin. Mar sin, ní mór, dar liom, a bhfuil ráite san alt thuas a chúl-chaointéacsú, d’fhonn is ná beadh an ballasc/ballasta imithe ó thaobh mar lena bhfuil tuairiscthe ann.

  • Liam Ó

    Cuimhnigh ar seo bhí an rás rite ag an Gaeilge i 1916 cibé toradh a bheas ann – taobh istigh den Ríocht Aontaithe nó neamhspléach. Bhí tuairim is os cionn milliún cainteoir Breatnais ann de réir Daonáireamh 1911 nó 43.5% den daonra i gcomparáid le 17.6% ina chainteoirí Gaeilge in Éirinn!!

    Inniú i gCymru tá 20% den daonra a bhfuil an Bhreatnais acu ní ionann sin agus a rá go bhfuil líofacht acu ach cumas. Ar éirigh leo leis an bhfigiúir sin? 80% gan Breatnais ar bith! Ní dóigh liom go háirid agus thart ar 350,000 mar chainteoirí laethúil agus an chuid eile dóibh ina chónaí i gCaerdydd agus bailtí eile Gallda ar fud Cymru ag labhairt Breatnais sa scoil nó caitheamh aimsire.

    Fiú dá mba rud é gur fhan muid sa Ríocht Aontaithe bheadh muid cosúil leis na Sé Chontae inniú Gan an neamhspléachas ní bheadh ceantair Gaeltachta fágtha anois mar a tharla thuas ansin

    Mar a luadh daoine eile roimhe seo, i gCymru sé an teanga príomhgnéith den chultúr chun chur in iúl go bhfuil siad difriúil óna Sasanaigh ach in Éirinn sé an CLG agus an ceol is damhsa seachas an Gaeilge atá ag cleachtadh ag formhór na ndaoine mar fhéiniúlacht Éireannach.

    Suimiúil go leor ar nós an phobail i gcoitinne tá formhór na Poblachtánaigh ar nós cuma leo faoin nGaeilge tá siad ag iarraidh Éire saor gan Gaelach a bhaint amach, an fiú sin?