An mbeidh dóthain nirt sa mhaidhm Ghlas le Fianna Fáil a scuabadh léi isteach i Rialtas?

An mbeidh an tábhacht chéanna leis na mionpháirtithe agus na neamhspleáigh sa toghchán seo agus cén cineál rialtais a thiocfaidh as cibé idirbheartaíocht iarthoghcháin a bheas ar siúl?

An mbeidh dóthain nirt sa mhaidhm Ghlas le Fianna Fáil a scuabadh léi isteach i Rialtas?

Toisc nár éirigh le haon pháirtí san olltoghchán deireanach móramh a bhaint amach, fiú móramh comhrialtais, bhí tábhacht faoi leith ag baint leis na mionpháirtithe agus go háirithe leis na neamhspleáigh.

Is í an cheist mhór anois, ná an mbeidh an tábhacht chéanna leo an toghchán seo agus cén cineál rialtais a thiocfaidh as cibé idirbheartaíocht iarthoghcháin a bheas ar siúl.

Is léir anois ó phobalbhreitheanna éagsúla go bhfuil an ghaoth i seolta Fhianna Fáil.

Is í an cheist mhór anois ná an éireoidh le Fianna Fáil móramh a bhaint amach le tacaíocht Pháirtí an Lucht Oibre, Chomhaontas Glas agus roinnt neamhspleách.

23% a bhí acu sa phobalbhreith is déanaí, iad taobh thiar de Shinn Féin ach chun tosaigh ar Fhine Gael. Ba chóir go mbeadh níos mó ná caoga suíochán acu leis an leibhéal sin tacaíochta, ach is ar éigean go rachaidís os cionn 55 suíochán. Ar ndóigh, b’fhéidir go dtiocfadh athrú meoin ar dhaoine idir seo agus an Satharn, ach sin mar atá faoi láthair.

Tá sé fógartha ag ceannaire Fhianna Fáil, Micheál Martin, go bhfuil sé ag súil go mbeidh móramh ag Fianna Fáil le tacaíocht Pháirtí an Lucht Oibre, Chomhaontas Glas agus roinnt neamhspleách. Ach an mbeidh a dhóthain aige le móramh comhrialtais a thabhairt dó?

Ghnóthaigh Comhaontas Glas dhá shuíochán in olltoghchán 2016, ach bhídís íseal go maith sna pobalbhreitheanna go rialta – ag 1% nó 2% – go dtí na toghcháin áitiúla anuraidh.  Ansin go tobann tháinig borradh faoina gcuid tacaíochta. Fuair siad beagnach 6% sna toghcháin áitiúla agus os cionn 11% a bhí acu sna toghcháin Eorpacha.

Ó shin i leith, tá na pobalbhreitheanna ag léiriú go bhfuil timpeall 7% acu.

I mBaile Átha Cliath, ámh, tá an páirtí an-láidir agus timpeall 15% den vóta aige. Chomh maith leis an dá shuíochán a ghnóthaigh siad i dtoghchán 2016 (Eamon Ryan agus Catherine Martin), tá seans acu an suíochán i bhFine Gall a bhuaigh Joe O’Brien sa bhfothoghchán a choinneáil. Ba chóir go bhfaighidís ceann eile i nDún Laoghaire (d’fhéadfadh gurbh é Richard Boyd Barrett a bheas thíos leis an gceann sin) agus tá seans beag ag Neasa Hourigan i mBaile Átha Cliath Láir agus ag David Healy i gCuan Bhaile Átha Cliath Thuaidh.

Taobh amuigh de Bhaile Átha Cliath, ámh, níl mórán seans acu. Tá siad ag súil le ceann i gCorcaigh Theas-Lár, ach beidh sé deacair acu Donnchadh Ó Laoghaire, Sinn Féin, a chur dá bhonnaibh.

Ceapaim mar sin go mbeidh idir ceathrar is seisear Teachtaí Dála acu sa deireadh, nó ochtar má bhíonn lá maith acu taobh amuigh de Bhaile Átha Cliath. Léirigh pobalbhreith TG4 go bhfuil ag éirí go maith leo i nGaillimh Thiar agus is cosúil go bhfuil siad dóchasach mar gheall ar chathair Luimnigh freisin.

Maidir le Páirtí an Lucht Oibre, léiríonn na pobalbhreitheanna go bhfuil tacaíocht níos ísle acu ná a bhí acu in 2016.

Go deimhin, agus Willie Penrose ag éirí as i Longfort-Iarmhí agus suíocháin Joan Burton, Jan O’Sullivan agus Alan Kelly i mbaol, beidh an t-ádh leo má chuireann siad leis na suíocháin atá acu. Má éiríonn leo, easpa aon rogha eile an chúis a bheidh leis seachas aon rud eile.

Tá seans ag Aodhán Ó Ríordáin ar shuíochán breise a fháil dóibh i gCuan Bhaile Átha Cliath Thuaidh mar a bhfuil beirt de Theachtaí Dála an 32ú Dáil ag éirí as, Tommy Broughan agus Finian McGrath. Ach ní chuirfinn aon airgead ar Ged Nash i Lú ná ar Kevin Humphries i gCuan Bhaile Átha Cliath Theas.

Maidir leis na Daonlathaigh Shóisialacha bhí dhá shuíochán acu cheana agus tá seans acu ar dhá cheann eile a fháil, Gary Gannon i mBaile Átha Cliath Láir agus Niall Ó Tuathail i nGaillimh Thiar.

Maidir le rialtas a chur i dtoll a chéile, dá mbeadh 55 ag Fianna Fáil, seisear ag Comhaontas Glas, ceathrar ag Páirtí an Lucht Oibre agus triúr ag na Daonlathaigh Shóisialta, bheadh 74 suíochán acu eatarthu go léir. Sa chás sin, agus muid cineálta go maith maidir le líon na suíochán acu, theastódh seachtar neamhspleách chun go mbeadh móramh acu.  Bheadh sé an-deacair agus ní féidir le Fianna Fáil talamh slán a dhéanamh de go mbeadh tacaíocht na nDaonlathach Sóisialta acu. Bheadh seans go n-éireodh leo ar éigean dá mbeadh na Daonlathaigh Shóisialta acu ach ní fheictear dom go bhféadfaí an beart a dhéanamh dá n-uireasa.

Ciallaíonn sé sin gur dóichí go mbeidh socrú eile muiníne agus soláthair ag teastáil, ach gurb iad Fianna Fáil a bheadh ar an stiúir an uair seo. An rogha eile ná comhrialtas idir an dá pháirtí mór, nó comhrialtas le Sinn Féin.

Ní fheictear dom go dtabharfaidh Fine Gael socrú muiníne agus soláthair dóibh, agus ní fhéadfadh Micheál Martin comhrialtas a bhunú le Sinn Féin.

Ach dá seasfadh sé ar leataobh?  Faoi bhrú óna pháirtí féin, b’fhéidir?

Fág freagra ar 'An mbeidh dóthain nirt sa mhaidhm Ghlas le Fianna Fáil a scuabadh léi isteach i Rialtas?'