An mbeidh aon duine sa tóir ar ‘alibi’ i ndiaidh chluiche ceannais na Sraithe inniu?

Is minic muintir na Gaillimhe ag trácht uair dheireanach ar imir peileadóirí na Gaillimhe agus Áth Cliath a chéile i mbabhta ceannais na Sraithe Náisiúnta

An mbeidh aon duine sa tóir ar ‘alibi’ i ndiaidh chluiche ceannais na Sraithe inniu?

Foireann na Gaillimhe a bhuaigh Craobh Peile na hÉireann in 1966.

Is annamh a chloisfeas tú leantóir foirne ar bith ag rá go mb’fhearr dá laochra cluiche a bheith caillte acu ná é a bheith buaite, ach is minic an chaint sin cloiste agam ó mhuintir na Gaillimhe agus iad ag tagairt don uair dheireanach ar imir peileadóirí na Gaillimhe agus Áth Cliath a chéile i mbabhta ceannais na Sraithe Náisiúnta, mar a dhéanfas siad arís ar Pháirc an Chrócaigh inniu.

Nuair a bheidh an imirt déanta ansiúd, agus beag beann ar an bhfoireann a bhuafaidh, beidh Áth Cliath ag díriú láithreach ar Chraobh na hÉireann a bhreith leo don cheathrú huair as a chéile, sprioc a bhí ag Gaillimh nuair a d’imir siad féin agus Áth Cliath a chéile i 1967 – Corn Mhig Uidhir crochta in airde ag Enda Colleran (an dá bhliain roimhe sin) agus ag John Donnellan i 1964.

Bhí an cluiche leathcheannais idir Gaillimh agus Dún na nGall an bhliain sin ar cheann de na cluichí ba chonspóidí a imríodh riamh. Bhí na Conallaigh 2-1 in aghaidh 0-4 chun cinn nuair a bhronn an réiteoir, Éamonn Moules, cic éirice orthu.

Lá gaofar a bhí ann agus thóg sé tamall ar an gciceálaí, Neilly Ó Gallachóir as Gaoth Dobhair, an liathróid a shocrú. Fiú agus sin déanta aige chorraigh sí in athuair agus Neilly ag glacadh coisméig ar gcúl. Leag an Gallachórach a lámh ar an liathróid lena socrú arís – céard a dhéanfadh an réiteoir ach cic saor amach a thabhairt do Ghaillimh mar nár ceadaíodh eisean sular shocraigh Neilly an dara geábh í.

Dá bharr ní raibh idir na foirne ag leath ama ach ceithre  chúilín. D’fheabhsaigh Gaillimh sa dara leath agus bhuaigh siad 1-10 in aghaidh 3-4.

An Domhnach dár gcionn, lá gaofar eile i bPáirc an Chrócaigh, bhain Áth Cliath áit amach i gcluiche ceannais Shraith Peile 1966-67 nuair a thug siad taispeántas scórála in aghaidh na Mí, 1-15 in aghaidh 1-7. Scóráil naonúr d’fhoireann na príomhchathrach – Jimmy Keaveney a fuair cúig cinn acu agus Leslie Deegan an cúl.

Níorbh é an chéad uair é a ndearnadh go leor cainte faoin luas a bhain leis an gcaoi ar aistrigh na ‘Dubs’ an liathróid ó dhuine go duine agus nuair a fógraíodh foireann na Gaillimhe a d’imreodh iad sa bhabhta ceannais, b’ábhar iontais é nár tugadh aon áit do Sheán Meade ná do Mattie McDonagh – ba é McDonagh an t-aon Chonnachtach a raibh ceithre bhonn na hÉireann aige agus ba é Meade crann taca na líne leathchúil sna trí chraobh as a chéile.

Bhí 51,503 duine i bPáirc an Chrócaigh ag an gcluiche ceannais ar an 30 Aibreán 1967 agus ní raibh caite ach 90 soicind nuair a bhí ar chúl báire na Gaillimhe, Johnny Geraghty, an liathróid a phiocadh as a eangach féin – rud nach raibh air a dhéanamh ar chor ar bith sna trí chluiche ceannais craoibhe a bhí imeartha aige ansiúd – ba é Deegan arís scórálaí Átha Cliath.

Ní raibh siad in ann mar sin féin a theacht ar an gcumas a léirigh siad in aghaidh na Mí agus faoi leath ama ní raibh d’fharasbarr acu ach cúig chúilín, 1-6 in aghaidh 0-4.

Ba ag an tráth sin a shocraigh bainistíocht na Gaillimhe McDonagh agus Meade a thabhairt chun páirce – bhí an fliú ar an lánchúlaí Noel Tierney agus eisean tógtha den pháirc.

In imeacht ocht nóiméad den dara leath bhí Gaillimh ar comhscór agus as sin go deireadh bhí ceannas chomh mór sin ar an imirt acu nach bhfuair Áth Cliath de dheiseanna scórála ach cic saor a chuir Keaveney amú agus an t-am geall le bheith istigh.

De réir an nóis a bhí i réim sna 1950idí agus 60idí, seachtain tar éis dóibh cluiche ceannais Shraithchomórtas 1966/67 a bhuachan, thug Gaillimh aghaidh ar Nua-Eabhrac, áit ar imir siad peileadóirí na cathrach sin dhá Dhomhnach as a chéile féachaint cérbh iad buaiteoirí an chomórtais amach agus amach.

Ba iad an dream thall a bhuaigh an dá lá (3-5 in aghaidh 1-6 agus 4-3 in aghaidh 1-10) – fonn ragairne a bheith ar na Gaillimhigh ba mhó ba chúis leis sin dar le go leor agus bhí dóchas láidir ag lucht a leanta go mbuafadh siad an ceathrú craobh as a chéile ar fhilleadh dóibh, éacht nach raibh déanta ach faoi dhó roimhe sin, (Loch Garman 1915-18 agus Ciarraí 1929-32).

Ar a bhfód féin a chuir Gaillimh tús le cosaint na craoibhe nuair a d’imir siad Maigh Eo ar an Domhnach an 25ú Meitheamh 1967. Bhí os cionn 31,000 duine i láthair ar Pháirc an Phiarsaigh, ach ós rud é nach raibh an bua faighte acu ar Ghaillimh i gCraobh Chonnacht le 16 bliain roimhe, ba bheag dóchas a bhí ag bunadh Mhaigh Eo féin a bhí ina measc nuair a chaith an réiteoir, Jimmy Hatton as Cill Mhantáin isteach an liathróid.

Faoin am ar tháinig leath ama ba iad bunadh na Gaillimhe a bhí fágtha ina dtost, 1-8 ag Maigh Eo agus gan ag Gaillimh ach dhá scór- cúl a fuair Mattie McDonagh agus cúilín a fuair Cyril Dunne.

Ógánach 18 bliain as Béal an Átha, Séamus O’Dowd a dhún an clár ar chónra na Gaillimhe ag tús an dara leath nuair a thug sé ruathar agus d’aimsigh cúl a maireann a cháil fós i gConnachta. An seanfhondúir Mick Ruane as Caisleán an Bharraigh, a chuir an tairne deireanach inti i gcluiche a bhuaigh a chontae 3-13, 1-8.

Beaten on their own ground, at their own game, before their own followers, Galway had no alibis for this shattering upheaval’ a thuairisc an Curadh Connachtach.

‘Ailibí’ a thugann an Foclóir dlí ar a leithéid. Deir an míniú a théann leis gur ‘modh cosanta é a úsáidtear sa gcúirt nuair a bhíonn cúisí ag iarraidh a chruthú go raibh siad in áit éicint eile tráth ar tharla an choir atá líomhnaithe’.

Is léir go raibh eolas maith ar an dlí ag an té a scríobh tuairisc an Churadh Connachtach, ach is iomaí Gaillimheach a bhí i bPáirc an Phiarsaigh an lá úd a mhionnódh go raibh a bheag nó a mhór de bhaint ag Nua Eabhrach lenar facthas i mBóthar na Trá.

Fág freagra ar 'An mbeidh aon duine sa tóir ar ‘alibi’ i ndiaidh chluiche ceannais na Sraithe inniu?'