An mbeadh tú sásta dá n-imreodh do chlann rugbaí?

Baineann cuid de na heachtraí a tharlaíonn ar pháirceanna rugbaí gairmiúil an lae inniu croitheadh as an té atá ag breathnú orthu, ní áirím iad siúd atá thíos leo

An mbeadh tú sásta dá n-imreodh do chlann rugbaí?

Cóir leighis á gcur ar Cian Healy. Pictiúr: INPHO/James Crombie

“Tá a fhios agam go bhfuil tóir agat ar an rugbaí ach an mbeadh tú sásta dá n-imreodh do chlann é?” a d’fhiafraigh bean aitheantais dom an lá faoi dheireadh.

Le fírinne tá mé idir dhá chomhairle. Ba é an freagra ab éasca a rá go mbeinn idir dhá chomhairle, ach tá an mac is sine ag an mbean seo le tosaí ar a chuid meánscolaíochta sa bhFómhar agus is ar choláiste arb é an rugbaí an príomhspórt atá ann a dhéanfaidh sé freastal.

Ceist mhacánta ab ea í a fiafraíodh as imní agus ba dhona an té nach mbeadh sé de mhisneach acu freagra ionraic a thabhairt.

Níl aon ghá údar na ceiste a mhíniú d’aon duine. Baineann cuid de na heachtraí a tharlaíonn ar pháirceanna rugbaí gairmiúil an lae inniu croitheadh as an té atá ag breathnú orthu, ní áirím iad siúd atá thíos leo.

Sa leathdhosaen cluichí atá imeartha i gCraobh na 6 Náisiún le coicís b’éigean do 11 imreoir an pháirc a fhágáil go gcuirfí Measúnú Gortaithe Inchinne (HIA) orthu – na hÉireannaigh James Ryan, Johnny Sexton, Robbie Henshaw agus Billy Burns ina measc. Is cinnte freisin gur seiceáladh an raibh aon lagú inchinne ar Cian Healy agus ar Iain Henderson nuair a tógadh den pháirc iadsan siocair gearrthacha a bheith ar a gcloigne. Sin seisear in dhá chluiche.

Is beag spórt nach bhfuil a chuid lúthchleasaithe i bhfad níos téagartha agus níos láidre inniu ná a bhíodar fiú deich mbliana ó shin. Dá réir, nuair a thugann siad agus nuair a bhuaileann siad faoina chéile bíonn na tuairteanna a bhaintear astu i bhfad, i bhfad níos déine ná a bhíodh.

In anailís a rinneadh cúpla bliain ó shin fuarthas amach gur cruthaíodh fórsa 30.5 G i gcuid de na heachtraí ina mbuaileann imreoirí rugbaí faoina chéile – an fórsa céanna lena mbuailfeadh carr tú a bheadh ag taisteal agus 40km san uair faoi.

Johnny Sexton ag fágáil na páirce i gcoinne na Breataine Bige coicís ó shin. Pictiúr: INPHO/Tommy Dickson

Fiú i dtuairteanna nuair nach mbíonn ag gluaiseacht ach aon imreoir amháin chuirfeadh cuid de na heachtraí ag crith duine – fathach fir 120kg á chaitheamh féin faoi lán luais i mullach imreora atá sáinnithe i ruc, cur i gcás.

Gortuithe droma is mó atá luaite leis an gclibirt. Nuair a bhuaileann na rónna tosaithe faoina chéile ansiúd bíonn an fórsa a thrí oiread chomh láidir leis an gceann a dhéanfadh dornálaí a leagan amach.

Lena gceart féin a thabhairt don eagraíocht stiúrtha World Rugby tá iarrachtaí déanta acu níos mó den chosaint a thabhairt do na himreoirí. I gcás amhrais anois ní mór don té atá i gceist páirc na himeartha a fhágáil go gcuirfear faoi HIA iad. Sa gcás go mbíonn aon mharach orthu níl aon chead ar ais acu agus déanfar iad a mheas athuair agus an imirt déanta agus arís eile faoi cheann cúpla lá.

Chomh maith leis sin tá na húdaráis ag díriú ar chosaint níos fearr a thabhairt do chloigeann an imreora, ach fós fágann nádúr an chluiche mar aon le déanamh agus luas pheileadóirí an lae inniu nach bhfuil sé éasca mórán eile a dhéanamh gan athrú ó bhonn a chur ar na rialacha.

I mbeagán focal, ní mór ísliú a dhéanamh ar líon na dtuairteanna agus ar líon na gcluichí. Ní mór don rugbaí filleadh ar a dhúchas – béim ar an luas, ar an éirim agus ar an aclaíocht mar aon le laghdú ar an bhfisiciúlacht agus ar an neart.

Ciallaíonn sin dar ndóigh dul níos gaire de stíl an Rugby League. Tá daoine ann a mb’fhearr leo a lámh a shá sa tine ná a leithéid a dhéanamh. Taitníodh sé leo nó na taitníodh, tá an crú ar an tairne.

Tá an t-iarimreoir idirnáisiúnta an Dr. Barry O’Driscoll agus saineolaithe leighis eile ag éileamh athruithe le blianta. Níl meas madra ag an Drisceolach ar chóras an HIA. Deir sé nach bhfuil bunús eolaíoch ar bith leis. Sa bhFrainc tá an dochtúir a mhol cúpla bliain ó shin go dtógfadh Johnny Sexton sos ráithe, de bharr a mhinice is a bhí buillí faighte aige a chuir as dá intinn, den tuairim go raibh comhtholgadh nó concussion ar Sexton suas le deich n-uaire fichead.

Tá méadú ar an bpráinn freisin mar gur cosúil go mbeidh cásanna dlí go leor faoi bhealach ag imreoirí a deir gur rudaí a tharla agus iad i mbun imeartha a fhágann máchail inchinne orthu – a leithéid tosaithe cheana ag Steve Thompson a d’imir do Shasana agus ag Alix Popham na Breataine Bige.

Tá an chaint chéanna tosaithe faoi imreoirí sacair agus an dochar a d’fhéadfadh bualadh na liathróide leis an gcloigeann a dhéanamh agus ar ndóigh tá airgead íoctha cheana féin sna Státaí leo siúd ar fhág an pheil Mheiriceánach galair inchinne orthu. Tá sé cúig bliana ó shin ó chuir an NFL $1 billiún i gciste a mbeidh teacht air acu siúd ar tharla a leithéid dóibh.

An bhliain dár gcionn thug an American Medical Association le fios gur léirigh taighde dá gcuid go raibh Chronic Traumatic Encephalopathy (CTE) ar 177 as 202 iar-imreoir a ndearna siad scrúdú orthu.

Ar na tinnis a tholgtar le CTE tá dúlagar, néaltrú agus riochtaí eile a bhaineann le galar Alzheimer. Ní féidir a chinntiú go mbíonn sé i gceist nó go mbeidh an duine básaithe.

Ba cheart go mbeadh barúil faoi seo agat ar an bhfreagra a fuair bean chóir na ceiste.

Mar a deir an dea-Ghaeilgeoir de sheabhac sin i bPáirc an Chrócaigh – ‘Níl’.

Fág freagra ar 'An mbeadh tú sásta dá n-imreodh do chlann rugbaí?'