Tá ribíní dearga ar crochadh ó thithe ar Bhóthar Theas an Ghleanna i bhFionnghlas agus an colún seo á scríobh.
Ribíní a d’fheicfeá b’fhéidir agus iad curtha suas chun lá breithe nó ócáid áthais a cheiliúradh. Inniu áfach tá siad ar crochadh chun comhbhrón a dhéanamh le teaghlach atá faoi bhrón ón Domhnach seo caite.
Bhí Grace Lynch (16) ag siúl trasna an bhóthair ag trasbhealach coisithe in aice lena teach cónaithe nuair a leag rothar streachailte í. Fuair sí bás in ospidéal go gairid i ndiaidh na timpiste.
Is mar chomhartha comhbhróin roimh lá na sochraide Dé hAoine a chuir na comharsana na ribíní dearga ar crochadh idir geataí agus fuinneoga a dtithe. An dath dearg a thaitin le Grace thar aon dath eile.
Bhí Keith Lee (18) ó Bhaile Munna, a gabhadh ag láthair na timpiste, os comhair cúirte i mBaile Bhlainséir Dé Máirt agus tiomáint chontúirteach ba chúis le marú curtha ina leith.
“Éilíonn bás Grace Lynch gníomh ón rialtas chun dul i ngleic leis na rothair streachailte. Tá ár bpobail cráite acu,” a dúirt Mary Lou McDonald i nGaeilge leis an Taoiseach sa Dáil Dé Máirt.
Chuir ceannaire Shinn Féin i gcuimhne dó gur fhoilsigh a páirtí dréachtbhille in 2021 chun cumhacht a thabhairt don rialtas úsáid rothar streachailte (scrambler bikes) a shrianadh nó a chosc. Ritheadh reachtaíocht rialtais in 2023, a dúirt sí, ach ní raibh cuid di sách láidir agus níl coda eile curtha i bhfeidhm fós.
Níor easaontaigh an Taoiseach le focal dá ndúirt Mary Lou McDonald leis.
Ba chóir rialacha de réir an Acht um Thrácht ar Bhóithre 2023 a bheith eisithe cheana féin, a dúirt sé. Leithscéal níor thug sé ach bhí an admháil soiléir.
Ní fhéadfadh Mary Lou ná Teachta Dála ar bith a bhí i láthair easaontú leis na briathra i nGaeilge a dúirt Micheál Martin mar chríoch ar a fhreagra:
“Is uafás den scoth é seo. Tá sé uafásach ar fad. Is olc an scéal an méid atá tar éis tarlú i mbás Grace Lynch. Déanaimis comhbhrón lena clan ach ní leor é sin. Caithfimid an reachtaíocht a chur i bhfeidhm ina hiomláine.”
Chuala Micheál Martin agus Simon Harris a thuilleadh míshásaimh agus an scéal léanmhar ó Fhionnghlas á phlé ag cruinnithe pháirtithe parlaiminteacha Fhianna Fáil agus Fhine Gael Dé Céadaoin.
Nocht beirt ó Fhianna Fáil, Catherine Ardagh agus John Lahart, an míshásamh freisin agus an Taoiseach á cheistiú acu sa Dáil.
Is léir, a dúirt Catherine Ardaigh ó Bhaile Átha Cliath Lár-Theas, go dteastaíonn soiléireacht bhreise, eisiúint agus feidhmiú rialacha agus tacaíocht bhreise (don Gharda Síochána). Go deimhin.
Dúirt an Taoiseach arís agus arís eile i rith na seachtaine go mbeadh an obair ba chóir a bheith déanta roimhe seo á plé gan mhoill aige leis an aire dlí agus cirt, Jim O’Callaghan. Gheall sé chomh maith go mbeadh an roinn dlí agus cirt, an roinn iompair agus Coimisinéir an Gharda Síochána i gcomhairle lena chéile ar bhonn práinne chun cosc ar rothair streachailte a chur i bhfeidhm.
Ní bheidh a fhios go deo an mbeadh Grace Lynch beo inniu dá mbeadh na rialacha a foráladh i reachtaíocht a ritheadh dhá bhliain ó shin eisithe agus curtha i bhfeidhm sular leagadh í ar Bhóthar Ráth Tó Dé Domhnaigh seo caite.
Is léir áfach an t-ábhar dianmhachnaimh a dhúisíonn ceisteanna eile a bhaineann lena bás agus gach a ndúradh faoi sa Dáil.
An mbeidh na rialacha agus an cur chuige nua atá geallta sách éifeachtach chun úsáid rothar streachailte ar bhóithre agus in ionaid phoiblí eile a chosc?
An mbeidh na Gardaí ábalta agus toilteanach breith ar rothair streachailte a úsáidfear nuair a fhógrófar an cosc?
An úsáidfidh na Gardaí dróin chun rothair streachailte a leanacht, mar a dúirt ceannaire Pháirtí an Lucht Oibre Ivana Bacik, atá á dhéanamh go héifeachtach ag na póilíní i Manchain?
An mbeadh faillí oifigiúil chomh náireach agus chomh fada déanta dá mbeadh ceantar meánaicmeach ar nós Chluain Tarbh nó an Charraig Dhubh cráite le fada ag ógánaigh ar rothair streachailte?
Ní haon sólás an phráinn rialtais iarbháis do mhuintir Grace Lynch a hadhlacadh Dé hAoine. Ní sólás é ach oiread dá cairde, dá comharsana, ná do Harry Byrne, an buachaill a raibh sí i ngrá leis agus a raibh sí ar a bealach chun bualadh leis nuair a leagadh í.
Sheas a comhscoláirí i Scoil Naomh Mícheál i bhFionnghlas ar thaobh an bhóthair agus an tsochraid ag dul thar bráid ar an mbealach chun na reilige Dé hAoine.
Scaoil na cailíní balúin dhearga san aer mar chomhartha deireanach ómóis.
A rogha datha.
Fág freagra ar 'An mbeadh Grace Lynch beo dá mbeadh rialacha bóthair eisithe agus curtha i bhfeidhm gan mhoill?'