An mbainfear na putóga as an bprótacal?

Cén tionchar a bheadh aige ar sheasmhacht an AE agus ar a chaidreamh le tíortha eile dá ngéillfeadh an 27 do bhagairt ón tír a d’imigh as an Aontas? 

An mbainfear na putóga as an bprótacal?

Liz Truss. Pictiúr: Simon Dawson / No 10 Downing Street

“Dhiúltaigh siad a dtéarmaí tagartha a athrú.”

“Níor ghéill siad i gcaitheamh 300 uair an chloig d’idirbheartaíocht.”

“Bhuel d’aontaigh sinn an conradh ach níor shíl sinn go mbeadh siad chomh pointeáilte faoina fheidhmiú.”

Státrúnaí Ghnóthaí Eachtracha na Breataine, Liz Truss, Státrúnaí Thuaisceart Éireann, Brandon Lewis agus Príomh-Aire na Breataine, Boris Johnson a dúirt. Bhronn siad na seoda críonna sin ar an bpobal maidir lena bplé leis an Aontas Eorpach faoin bprótacal iarBhreatimeachta.

Sé sin an bunús leis an mBille Prótacail a fuair tacaíocht don dara céim i dTeach na Parlaiminte oíche Dé Luain le 295 vóta in aghaidh 221. Cé gur chinn an t-iarPhríomh-Aire Theresa May agus Simon Hoare, cathaoirleach choiste Thuaisceart Éireann nach bhféadfaidís tacú leis an mbille, níor vótáil siad ina choinne. Bhí siad i measc an ghrúpa a staon, áfach. Mhaígh an feisire May nach raibh bunús dlíthiúil leis an mbille, gur sháraigh sé an dlí idirnáisiúnta, nach mbainfeadh sé a chuspóir amach agus go ndéanfadh sé dochar do sheasamh na Ríochta Aontaithe. 

Deir rialtas Boris Johnson gur ar mhaithe le Comhaontú Aoine an Chéasta a chaomhnú agus a chosaint a bheartaigh siad an reachtaíocht chonspóideach seo. Bhí gá le beart uathu chun an rialtas díláraithe in Stormont a chur ar ais ar a bhonnaibh, ar siad. Thug siad an chluas bhodhar don mhóramh abhus atá in éadan an bhille, iad ag tacú leis an DUP agus ag baint úsáide astu ag an am céanna.

Bhí an DUP an-sásta leis an vóta ar an Luan agus le plean an rialtais nach gceadófaí ach trí lá le haghaidh céim an choiste a mhaireann i bhfad níos faide de ghnáth. Ní raibh an DUP sách sásta áfach le “cruthúnas” a thabhairt gur tharrtháil Liz Truss agus a bille Stormont. Níor thoiligh siad filleadh ar an bhFeidhmeannas ná Ceann Comhairle a thoghadh roimh shos an tsamhraidh a thosóidh Dé hAoine. Tugadh leide go mb’fhéidir go mbogfadh siad sa bhfómhar.

Mhaígh Liz Truss gurbh fhearr le rialtas na Breataine a theacht ar réiteach comhaontaithe leis an AE ach go mbeadh an reachtaíocht seo riachtanach dá uireasa. Ba chosúil gur teaictic chun brú a chur ar an mBruiséil é an bille a bhainfeadh na putóga as an bprótacal dá n-achtófaí é. Athrú ó bhonn ar théarmaí tagartha an Aontais Eorpaigh atá á éileamh ag Truss mar thús le dreas idirbheartaíochta nua. 

Cé chomh héifeachtach mar sheift mhargála is a bheidh ‘athraigh seasamh idirbheartaíochta na 27 mballstát nó cuirfidh sinne ár gcoinníollacha féin i bhfeidhm go haontaobhach, beag beann oraibh’.

Tá an t-eiteachas faighte ag an éileamh sin arís agus arís eile. 

An bhfuil cúis ar bith go ngéillfí dó nuair a bheadh feall ar a gconradh idirnáisiúnta á bagairt? Nach iontaoibh a bheith ag na páirtithe as a chéile an rud is lú is gá le comhréiteach a dhéanamh?

De réir na dtuairiscí ón mBruiséil, ón nGearmáin agus ón Fhrainc tá foighid le lúbaireacht na Breataine ag dreo. Is ag dul i léig atá an claonadh cuidiú leo a gcuid fadhbanna féinchothaithe sa bhaile a fhuascailt. Maítear sa Ghearmáin gur mian leis an Seansailéir Olaf Scholz cos a chur i dtaca. Go ginearálta, i bhfianaise ionsaí na Rúise ar an Úcráin, is údar imní é an t-ord idirnáisiúnta a bheith á shárú ag an Ríocht Aontaithe freisin.

Ní nach ionadh tá amhras san Eoraip agus sa bhaile gur mó baint atá ag bille Liz Truss le gnóthaí inmheánacha na gCaomhach ná le leas an phobail nó, go deimhin, le Comhaontú Aoine an Chéasta. Tá an Státrúnaí Truss ag seiftiú le bheith ina ceannaire ar an bpáirtí agus ina Príomh-Aire. 

Tá sí ag cuimilt meala leis an ERG, an grúpa sa pháirtí Caomhach a dteastaíonn an Breatimeacht is crua ar fad uathu agus a bille go mór faoi anáil an dreama sin. Dúradh gur mheas Johnson go ndeachaigh bille Truss rófhada ach nár fhéad sé diúltú dó mar go bhfuil sé ag brath ar thacaíocht an ERG chun fanacht i gcumhacht. Ní léir cén deireadh a cheapann Truss nó Johnson a bheidh ar an iarracht seo mura ndéanfaidh an tAontas Eorpach rud orthu. 

Is deacair a shamhlú gur cogadh trádála a theastaíonn ó éinne. Ach is geall le fógra deiridh ón mBreatain chuig an AE é bille an Phrótacail. Tugann na forálacha (má bhaintear leas astu) an t-údarás d’airí chun réimse fairsing den phrótacal iarBhreatimeachta a chur ar ceal má thograíonn siad, i bhfad níos mó ná an teorainn i Muir Éireann. Dúshlán mór don AE é sin. Cén tionchar a bheadh aige ar sheasmhacht an AE agus ar a chaidreamh le tíortha eile dá ngéillfeadh an 27 do bhagairt ón tír a d’imigh as an Aontas? 

Fág freagra ar 'An mbainfear na putóga as an bprótacal?'