Tá ornaíocht uile na monarcachta ó oidhreacht ar taispeáint lá i ndiaidh lae ó fuair Banríon Eilís 2 na Breataine bás agus ó tháinig a mac an An Rí Séarlas III i gcoróin. Athrú ré faoi dheifir, mustar is mórdháil don sean agus an nua, ach taispeántais cumhachta agus traidisiúin nach féidir leo an brú breise ar an seanreacht a cheilt. I dTuaisceart Éireann, in Albain, san Astráil, in Antigua agus Barbuda, gan ach dornán áiteanna a lua, tá treisithe ar na héilimh ar reifrinn faoin Ríocht Aontaithe a fhágáil.
Admháil ar a íogaire is atá an Ríocht anois ab ea turas an Rí nua ar Dhún Éideann Dé Luain, an turas ar Bhéal Feirste inné agus an chuairt atá beartaithe ar Caerdydd aige Dé hAoine.
Tá searmanais ómóis dá mháthair fite fuaite le camchuairt an rí ach glactar leis go dtuigeann sé gur gá dó muinín a chothú agus nach ribín réidh é sin.
Ní raibh oiread tacaíochta ariamh aige is a bhí ag a mháthair. Tá ómós as cuimse á léiriú dise. Is dócha go dtaitneodh na deasghnátha sollúnta léi, na saighdiúirí faoi éide ornáideach, na searmanais eaglasta agus na capaill, gan dabht. Is deacair, áfach, an plámás agus go leor den bhaothchaint mholtach a shamhlú leis an tseanbhean phraiticiúil a choinnigh fuílleach bia san Tupperware más fíor.
Thuill an Bhanríon ardmholadh as a ról mar chrann taca phróiseas na síochána abhus agus as cothú an athmhuintearais idir Éirinn agus an Bhreatain. Mar is léir ó na sluaite atá ag cruinniú ag páláis, tá lear mór dá cuid géillsineach croíbhriste faoina bás, aontachtaithe abhus san áireamh. Ba í siombail na seasmhachta í, pearsa a raibh meas uirthi sa bhaile agus i gcéin, fiú i measc na ndaoine nach mbeidh aon ghlacadh go deo acu le córas atá bunaithe ar cheart oidhreachtúil.
Díol suntais ab ea an t-atmaisféar ag teacht le chéile na dTeachtaí Tionóil in Stormont Dé Luain. Mar a bheadh súil leis, léirigh aontachtaithe a meas ar an mBanríon Eilís agus dhearbhaigh siad a ndílseacht don Rí Séarlas. Ba é cur chuige Shinn Féin agus an SDLP an cor sa scéal a bheadh doshamhlaithe sa chéad seo caite. Bhí níos mó ná cúirtéis i gceist, ba léir go ndeachaigh dínit agus iompar na Banríona i gcion ar an gceann comhairle, Alex Maskey, Sinn Féin, ar Michelle O’Neill, Sinn Féin, an chéad-aire tofa agus ar Matthew O’Toole, ceannaire an SDLP in Stormont. Rinne siad comhbhrón le lucht tacaíochta na ríochta, go háirithe an pobal aontachtach abhus, ina mbris agus ghabh siad buíochas leis an mBanríon as a tiomantas don athmhuintearas agus do chothú dea-chaidrimh idir an Bhreatain agus Éirinn. Níor gheall siad dílseacht don Rí Séarlas ar ndóigh agus, ní nach ionadh, níor cluineadh ‘go maire an rí’ ná an ríocht uathu.
Is le toil an phobail a mhaireann an mhonarcacht. Is léir go bhfuil tacaíocht an phobail agus an rialtais ag an gcóras faoi láthair sa Bhreatain Mhór. Ní féidir talamh slán a dhéanamh den tacaíocht sin abhus, áfach. Tá líon na ndaoine ar mian leo scaradh ón Ríocht Aontaithe méadaithe de bharr na guagachta a chothaigh an Breatimeacht. Tá reifreann eile á éileamh ag Céad-Aire na hAlban, Nicola Sturgeon, an bhliain seo chugainn cé go gcoinneodh sí Séarlas mar rí na tíre. San Astráil tá an feachtas chun poblacht a bhaint amach ag neartú agus na bundúchasaigh, ar a dtugtar ‘an chéad náisiún’ anois, ag iarraidh go mbainfear leas as an athrú réimis chun dlús a chur leis an obair réamhreifrinn. D’fhógair Antigua agus Barbuda ag deireadh na seachtaine go dteastaíonn reifreann uathu taobh istigh de thrí bliana.
Idir na dúshláin mhóra atá le sárú ag rialtas nua Liz Truss agus an éiginnteacht faoi sheasamh an Rí nua, tá ré shuimiúil i ndán don ríocht iar-impireachta.
Fág freagra ar 'An mairfidh an Ríocht Aontaithe sa ré iar-Eilíse?'