An líon is mó daoine sa stát in aon daonáireamh ó 1841

Oíche an daonáirimh an 3 Aibreán 2022, cláraíodh 5,123,536 duine a bheith ina gcónaí in Éirinn, i bhfigiúirí na Príomh-Oifige Staidrimh

An líon is mó daoine sa stát in aon daonáireamh ó 1841

Tá an daonra sa stát ag 5.1 milliún anois, an daonra is airde in aon daonáireamh ó 1841, de réir na réamhthorthaí ó dhaonáireamh na bliana seo atá eisithe ag an bPríomh-Oifig Staidrimh.  

 Seo é an chéad uair ó 1851 a raibh daonra níos mó ná cúig mhilliún.  

 Sna sé bliana idir 2016 agus 2022, mhéadaigh an daonra sa stát 7.6%, de réir na réamhthorthaí seo. 

Oíche an daonáirimh an 3 Aibreán 2022, cláraíodh 5,123,536 duine a bheith ina gcónaí in Éirinn, i bhfigiúirí na Príomh-Oifige Staidrimh.  

I gCúige Laighean atá na contaetha is mó inar mhéadaigh an daonra, cuireadh le líon na ndaoine i ngach aon chontae sa gcúige sin. 

 Is i gContae an Longfoirt a bhí an céatadán is mó d’ardú – 14.1%, agus bhí an Mhí sa dara háit agus méadú 12.9% ar dhaonra an chontae sin.

 An Mhí Thoir an dáilcheantar Dála is mó ar mhéadaigh an daonra ann, méadú 13%. I gcontae Dhún na nGall agus i ndáilcheantar Luimnigh taobh amuigh den chathair ba lú a d’ardaigh an daonra. 

 Méadú nádúrtha ar an daonra a bhí in 171,338 de na daoine breise seo atá sa stát – is é sin na daoine a bhásaigh a bhaint ón líon a rugadh sa stát sa tréimhse sin. 

 Tháinig méadú 7.7% ar líon na mban agus na gcailíní, sa daonáireamh seo bhí 2.593 baineann sa stát agus 2.529 fireann, méadú 7.5%.  

 Sna sé bliana ón daonáireamh deiridh, cláraíodh an inimirce ghlan ag 190,000 duine. Ar Bhaile Átha Cliath is mó a thug daoine a n-aghaidh, tháinig méadú 46,559 duine ar dhaonra na hardchathrach sna sé bliana deireanacha. 

Cuireadh 6% leis an stoc tithíochta le sé bliana agus tá 2.1 milliún aonad againn anois. Gan tithe saoire a chur san áireamh, tháinig laghdú 9% ar líon na n-áitreabh nach bhfuil aon chónaí iontu ach tá 166,752 áit chónaithe sa stát nach bhfuil aon duine ina gcónaí iontu. 

Bhí 8% de thithe folamh agus i gcás amháin as gach cúig cinn dúradh go raibh sé folamh mar gur áit le ligean ar cíos a bhí ann.  

Reáchtáladh Daonáireamh 2022 san Aibreán agus bhí moill bliana air de bharr an Covid-19. Faoi cheann cúig bliana, sa mbliain 2027 a bheidh an chéad Daonáireamh eile le déanamh. 

Fág freagra ar 'An líon is mó daoine sa stát in aon daonáireamh ó 1841'

  • Eoin Ó Riain

    Cén fáth nach n-úsáidtear leagan den bhfoirm sa phríomh pic anseo agaibh?