An líon is mó cásanna fógartha sa tír in aon lá amháin ó thús na paindéime

Deir an Dr. Tony Holohan, Príomhoifigeach Leighis na Roinne Sláinte, gur ‘údar an-mhór imní’ a bhí sa scéal i láthair nua huaire agus an Rialtas i mbun marana faoi Leibhéal 4 a thabhairt isteach cois teorann

An líon is mó cásanna fógartha sa tír in aon lá amháin ó thús na paindéime

2,312 cás nua den choróinvíreas a fógraíodh in Éirinn inniu – 1,095 cás ó dheas agus 1,217 cás ó thuaidh — an líon is mó cásanna a fógraíodh sa tír in aon lá amháin ó thús na paindéime.

D’fhógair an Roinn Sláinte ó dheas go raibh cúigear eile básaithe de dheasca an víris sa stát.

Tá plé á dhéanamh ag an Rialtas anocht faoi Leibhéal 4 a thabhairt isteach sna contaetha cois teorann, agus súil ghéar á coinneáil go háirithe ar chontaetha an Chabháin, Dhún na nGall agus Mhuineacháin.

128 cás eile a fógraíodh i gcás chontae an Chabháin tráthnóna.

Tá ráta coicíse an ghalair in aghaidh gach 100,000 duine ag 571 i gcontae an Chabháin, an ráta is airde sa stát. 360 an ráta i Muineachán, an dara contae is measa, agus 353 atá i gceist i nDún na nGall atá sa tríú háit.

190.7 an ráta náisiúnta.

Bhain 185 de chásanna an lae inniu le contae na Mí agus 118 cás nua a bhí i gCorcaigh.

50 cás nua a bhain leis an nGaillimh agus 14 cás a bhí i gCiarraí.

13 cás a bhí i Maigh Eo agus ní raibh ach sé cinn i bPort Láirge.

246 cás a bhí i mBaile Átha Cliath, 63 cás a bhí i gCill Dara agus sna contaetha eile go léir sa stát a bhí an 258 cás eile.

232 othar a bhfuil an Covid-19 tolgtha acu a bhí sna hospidéil tráthnóna inniu agus bhí 30 díobh in aonad dianchúraim.

Dúirt an Dr. Tony Holohan, Príomhoifigeach Leighis na Roinne Sláinte, gur “údar an-mhór imní” a bhí sa scéal i láthair nua huaire.

“Arís inniu tá breis is 1000 cás le fógairt againn. Údar an-mhór imní é sin agus tá rud le déanamh ag gach uile dhuine againn.

“Caithfidh gach uile dhuine againn an líon daoine a mbuailimid leo a laghdú chomh mór agus is féidir. Ciallaíonn sé sin gur chóir dúinn fanacht sa mbaile, obair ón mbaile más féidir, an scaradh sóisialta a chleachtadh agus comhluadar nach gá a sheachaint.”

D’iarr an Dr. Ronan Glynn, Leas-Príomhoifigeach Leighis na Roinne Sláinte, ar dhaoine stopadh ag bualadh lena gcairde agus iarracht a dhéanamh srian a choinneáil ar scaipeadh an víris.

 

“Caithfidh daoine roghanna a dhéanamh. Caithfimid stopadh ag cruinniú le chéile i ngrúpaí, stopadh ag eagrú cuairteanna spraoi do pháistí, cóisirí agus imeachtaí sóisialta eile. Caithfidh daoine a thuiscint gur bagairt atá sa ngalar seo dóibh féin agus dá dteaghlaigh. Anois an t-am ag gach aon duine amháin againn beart a dhéanamh láithreach.”

Tá cás na gcontaetha cois teorann á phlé mar chuid de chruinniú rialtais faoi na beartais is déanaí atá tugtha isteach sa Tuaisceart in iarracht dul i ngleic le scaipeadh rábach an Covid-19.

Is iad na difríochtaí is mó idir Leibhéal 4 agus Leibhéal 3 nach bhfuil cead oscailte faoi Leibhéal 4  ach ag gnóthaí, siopaí agus seirbhísí atá riachtanach agus nach gceadaítear aon chuairteoirí chun an tí ná ócáid shóisialta ar bith.

1,217 cás nua den choróinvíreas a dheimhnigh Roinn Sláinte an Tuaiscirt tráthnóna, an líon is mó cásanna a deimhníodh in aon lá amháin go dtí seo.

Beirt eile a raibh an galar orthu a bhásaigh inné agus d’fhógair an Roinn Sláinte go raibh beirt eile a bhásaigh de dheasca an víris Dé Luain.

Fógraíodh inniu go raibh scoileanna an Tuaiscirt le dúnadh ar feadh coicíse ón Luan seo chugainn mar chuid de na srianta nua atá á dtabhairt isteach le srian a chur le scaipeadh rábach an Covid-19 ó thuaidh.

Ón Aoine seo beidh na bialanna agus na tithe tábhairne dúnta ach amháin i gcomhair seirbhís tabhair leat. Mairfidh na srianta ar feadh ceithre seachtaine.

Beidh ar bhialanna mearbhia agus eile dúnadh ag 11pm. Ní bheidh cead ag siopaí eischeadúnais ná ollmhargaí alcól a dhíol tar éis 8pm.

Beidh cosc ar an spórt faoi dhíon agus ar an spórt teagmhála seachas an scothspórt. Ní bheidh cead oscailte ag gruagairí ná ag sciamhlanna.

Agus na srianta nua á bhfógairt aici dúirt Céad-Aire Thuaisceart Éireann Arlene Foster go raibh líon na ndaoine atá á gcur sna hospidéil ag ardú leis agus gur “údar mór imní” a bhí anseo a gcaithfí srianta a thabhairt isteach chun dul i ngleic leis “ar bhonn práinne”.

68,358 cás den ghalar atá deimhnithe in Éirinn go nuige seo, 23,115 cás ó thuaidh den teorainn agus 45,243 cás ó dheas di.

2,437 duine a raibh an galar tolgtha acu atá básaithe ó thús na paindéime, 602 duine ó thuaidh agus 1,835 ó dheas.

Fág freagra ar 'An líon is mó cásanna fógartha sa tír in aon lá amháin ó thús na paindéime'