An lá leis an diúilicín péarlach i gConamara agus deireadh le plean do dhroichead nua

Tugann an deireadh atá ag cás an droichid in in Uachtar Ard léargas ar a dheacra agus atá sé bóthar ceart a thabhairt do mhuintir Chonamara ó cheann ceann an réigiúin

An lá leis an diúilicín péarlach i gConamara agus deireadh le plean do dhroichead nua

Sé an droichead cam in Uachtar Ard an geata go Conamara. Ní mórán de gheata é – róchasta, róchúng, róchontúirteach. Tá glactha leis sin go forleathan. Mar bharr ar an mí-ádh, tá gasúir bhunscoile agus daltaí meánscoile ag dul suas agus anuas ann chuile lá. Is fada iarrachtaí ar bun leis an droichead a leathnú, nó droichead nua uilig a fheistiú ag ceann thiar an bhaile mhóir. Cuir é sin as an gcomhaireamh anois.

Sin í an teachtaireacht atá le dhul os comhair Chomhairleoirí Contae Chonamara an tseachtain seo. Théis scór blianta tá a gcás tugtha suas ag na hinnealtóirí bóthair. Fuair an diúilicín péarlach, a mhaireann in Abhainn na Ruibhe, an ceann is fearr orthu in Uachtar Ard. Thriail na hinnealtóirí go leor beartais le súil agus go bhféadfaí droichead ceart leathan, gnaíúil a chur trasna Abhainn na Ruibhe, ach tá stádas cosanta ar leith ag an diúilicín péarlach i ndlíthe na hEorpa.

Cé gur ar an mbóthar ó dheas a bhíonn tromlach mhuintir Ghaeltacht Conamara ag taisteal, ní beag an tábhacht a bhaineann leis an N59 do mhuintir na Gaeltachta. Is é an príomhbhóthar as an gClochán go Gaillimh é do cheantair Ghaeltachta. Is cuid den bhóthar seo é an droichead cam in Uachtar Ard. Níl aon bhealach le dhul soir ná siar sa taobh ó thuaidh de Chonamara ach thar Abhainn na Ruibhe. Sé an droichead cam an ród anoir agus aniar.

Téann daoine as Camas, Ros Muc, Cill Chiaráin, Carna agus Dúiche Sheoigeach an bealach sin go rímhinic. Ar ndóigh is bealach mór taistil é freisin do thionscal na turasóireachta i gConamara.

Soilse tráchta agus cineál cosán coisithe ar an droichead an plean is deireanaí atá ag na hinnealtóirí. Ní beart éasca innealtóireachta a bheidh ann, a deirtear, agus coinneoidh córas soilse tráchta roinnt moille freisin ar dhaoine ag dul an bealach. Níl a fhios ag na hinnealtóirí cén réiteach is fearr ar lonnú na soilse tráchta chaon taobh den droichead.

Sí an imní is mó atá ar na hinnealtóirí ná go gcoinneodh na soilse scuaine mór carranna ar chaon taobh, go háirithe ar shráid an bhaile mhóir. Beidh suíochán air sin, pé brí bealach a ndéanfar láimhsiú air, tá an fhadhb sábháilteachta daonna éirithe níos práinní bliain i ndiaidh bliana. Tá foláireamh tugtha go mion minic ag polaiteoirí, agus ag daoine áitiúla gur cás uafáis a bheidh ann má ghortaítear – nó níos measa ná sin – gasúr ar an droichead.

Tugann an deireadh atá ag cás an droichid léargas ar a dheacra agus atá sé bóthar ceart a thabhairt do mhuintir Chonamara ó cheann ceann an réigiúin.

Chuaigh an scéal faoin gcuid den N59 idir an Teach Dóite agus Uachtar Ard in ainseal fadó an lá – ach tá sé fós ar siúl. Tugadh cead pleanála le haghaidh an stráice sin, atá 15 ciliméadar ar fhaid, seacht mbliana ó shin ach an coinníoll leis go mbeadh ar Sheirbhís na bPáirceanna Náisiúnta agus Fiadhúlra a bheith sásta leis an gcaoi a ndéanfaí an obair. Chaithfí dúlra an diúilicín phéarlaigh a choinneáil saor ó bhaol ar bith. Tagann na limistéar cosanta atá ag an diúilicín anoir píosa as Uachtar Ard i dtreo an Tí Dhóite.

Thángthas ar réiteach faoi sé chiliméadar as an Teach Dóite soir agus tá an obair a rinneadh ar an stráice nua sin molta i bhfad agus i ngearr.

Sé an t-aon ligean eile a fuair an Chomhairle Contae ná gur ceadaíodh dóibh postaí agus sreangáin a chur ar chaon taobh den chúrsa atá leagtha amach le haghaidh na hoibre soir go hUachtar Ard. Ta trí cinn eile de mhodhanna oibre réitithe ag na hinnealtóirí le scaitheamh – baineann siad leis an stráice idir an Léim agus Uachtar Ard, naoi gciliméadar. Ghlac Seirbhís na bPáirceanna Náisiúnta agus Fiadhúlra le ceann de na ráitis sin ach tá péire fós faoi chaibidil acu. Shíl an Chomhairle Contae go raibh seans ann go bhféadfaí tosú ar an dara píosa sin go hUachtar Ard an chéad bhliain eile ach tá an t-am ag rith amach go láidir anois.

Ní fios cén uair a dhéanfar na 10 gciliméadar agus é ina imní go mb’fhéidir gurb é fearacht an droichid in Uachtar Ard é.

Maidir leis an 34 ciliméadar den N59 as an gClochán go dtí an Teach Dóite, ní cosúil go bhfuil mórán déanta faoi sin ó chaith an Bord Pleanála an t-iarratas ar chead forbartha ansin amach in 2016. Cúrsaí SACanna, caomhnú talún faoi scéimeanna Eorpacha a bhí ina údar diúltaithe sa gcás sin.

Fág freagra ar 'An lá leis an diúilicín péarlach i gConamara agus deireadh le plean do dhroichead nua'