Tuairim 100 méadar de chladach, sin eile a bhfuil idir an áit a bhfuil cónaí orm féin agus an Sián Rua. Mar sin féin níorbh eol dom go dtí an lá faoi dheireadh, nuair a chuir Mike P. Ó Conaola as an mbaile céanna sin an t-eagrán reatha den iris Feasta isteach i mo lámh, go raibh sé le maíomh ag muintir an tSiáin go mba lúthchleasaí Oilimpeach duine dá sliocht.
Tá cur síos breá ag Mike san iris ar Mhaitiú Ó Cualáin, nó Maitiú Tom Mhaitiú, a sheas an fód ar son na hÉireann ag na Cluichí Oilimpeacha i Munich na Gearmáine i 1972 i spórt an júdó.
Ba as an Sián Rua a athair Tom Ó Cualáin, a d’ainmnigh a mhac i ndiaidh a athar féin – nós na linne. Ba as Cnoc Raithní i bparóiste Mhaigh Cuilinn do mháthair an lúthchleasaí, Julia Concannon. Ba i mBleá Claith, áit a raibh post ag Tom leis an arm i bPáirc an Fhionnuisce, a chuireadar fúthu agus ba ann a rugadh Maitiú i 1942.
Tráthúil go leor ba timpeall an chúinne ó cheann de gheataí na Páirce, in áiléar tí ar Bhóthar na hOtharlainne, a bunaíodh an chéad chumann júdó a bhí in Éirinn riamh. Ceann do dhaoine fásta amháin ab ea é. I stair Chumann Júdó na hÉireann, nár bunaíodh go dtí 1963, tá cur síos ar lad óg dhá bhliain déag a bhuail ar an doras agus a d’iarr cead isteach. Séard a dúradh leis a theacht ar ais nuair a bheadh treabhsar fada air. Ba nós le buachaillí óga ag an am sin treabhsair ghiortacha a chaitheamh go mbeidís ceithre bliana déag.
Ní hé Maitiú a bhí ann ar chuma ar bith mar bhí na glúine clúdaithe aige siúd le trí bliana nuair a chuir seisean suim sa júdó i 1959.
Go gairid ina dhiaidh sin bhain sé cáilíochtaí amach mar Oifigeach Raidió agus chaith sé na deich mbliana a lean ag taisteal an domhain ar bháid lastais.
Is í an tSeapáin ar ndóigh cliabhán an júdó. Cheap mise go raibh sí á cleachtadh ansiúd ó Dhia is ón saol, ach féach nach amhlaidh a bhí. Meascán atá ann den súmó (a bhí á chleachtadh sa seachtú céad) agus den Jú-jiotsú (a chleacht na samurai a bhí i gceannais ón 12–19ú céad). Bhí sé siúd i mbaol a bháis gur mheasc fear a raibh Jigoro Kano mar ainm air an péire i 1868, nuair a bhaist sé júdó mar ainm air.
Scaip an spórt ar fud na cruinne, cé nár tugadh stádas Oilimpeach dó go dtí 1964.
A ghairm bheatha a thug Maitiú Ó Cualáin ar fud an domhain, ach uair ar bith a mbíodh sé sa tSeapáin, sa Chóiré nó sa gCianoirthear thapaíodh sé a dheis agus thugadh cuairt ar chlubanna júdó i pé calafort a mbíodh a bhád le céibh ann.
Iontu siúd a d’fhoghlaim sé go leor de na cleachtais maidir le traenáil agus teicníc a chuir sé i gcrích ina chuid iomaíochta féin agus mar oiliúnaí ar fhoirne Júdó na hÉireann a chuaigh chuig na Cluichí Oilimpeacha i Montréal i 1976 agus i Moscó i 1980. Bhí sé ina uachtarán ar Chumann Júdó na hÉireann le linn an achair sin freisin.
Fearacht go leor eile a théann ag plé leis na hEalaíona Comhraic, bhí suim ag Maitiú Ó Cualáin i chuile chineál beo de na healaíona sin. Bhí sé ar an Éireannach ba thúisce a bhain crios dubh amach sa Kōdōkan agus blianta ina dhiaidh nuair a bhí sé ag teagasc Club Júdó Choláiste na Tríonóide, chuir sé a chuid daltaí ar an eolas faoi leagan eile den spórt a bhfuil Aikido mar ainm air.
28 iomaitheoir a bhí i roinn an trom-mheáchain i gcraobhacha júdó na gCluichí Oilimpeacha i Munich i 1972 – fuair an Cualánach áit gan choimhlint sa dara babhta. Ansiúd, mhair an choimhlint idir é agus Tijini Ben na 6 nóiméad a bhí ceadaithe ag an am, ach ba d’fhear Mharacó a tugadh an bua.
An bhliain dár gcionn i Lausanne na hEilvéise bhain Maitiú na babhtaí ceathrú ceannais amach agus ba é an Seapánach a bhuaigh an chraobh amach a fuair an bua an uair sin féin air.
Tá Maitiú luath, láidir i gcónaí agus é ina chónaí i mBleá Cliath.
Col cúigear ab ea Maitiú Tom Mhaitiú agus file an tSiáin Rua, Beartla Sheáin Ó Cualáin, ar foilsíodh cnuasach dá chuid filíochta a chuir Mike P. le chéile cúpla bliain ó shin.
Tá pictiúir d’uncail de mo chuid féin, Ned Mhicilín Ó Neachtain, sa leabhar freisin, fear a bhí ag an scoil in éindí leis an bhfile, cé de réir dealraimh gur beag suim a chuir ceachtar acu inti, fearacht formhór a gcomhaoiseanna.
Bhí dhá lochta beag chaon taobh den simléar Tigh Mhicilín. Ba mhinic a dúirt Ned liom agus mé i mo lad óg gur bhain sé torann as an tóin thiar i gceann acu leis an teannadh a chuir sé leis an ‘satchel’ an lá a bhfuair sé cead stopadh ón scoil – bhí a oiread sin gráin aige uirthi.
Níor fhan Beartla Sheáin le sin féin a dhéanamh, de réir an chur síos atá ag Mike P. i Feasta.
“Nuair a bhí Beartla réidh leis an gceathrú rang i Scoil Éinde sa Spidéal fadó agus é ar a bhealach abhaile ón scoil, chuir sé a mhála scoile trí léig i bhfarraige agus níor thaobhaigh sé an scoil ní ba mhó…”
Rinne siad graithe dá uireasa, trócaire orthu.
Fág freagra ar 'An lá eile a fuair mé amach go raibh duine de na comharsana ina lúthchleasaí Oilimpeach'