An lá ar bhris ar fhoighne cheannaircigh na gcamán cois Laoi

Cuimhníonn ár gcolúnaí ar lá cinniúnach i bPáirc Uí Chaoimh in 2001

An lá ar bhris ar fhoighne cheannaircigh na gcamán cois Laoi

Diarmuid O'Sullivan (Corcaigh) agus Ciarán Carey (Luimneach) i ndiaidh an chluiche in 2001. Pictiúr: INPHO/Patrick Bolger

Bhí alt agam an tseachtain seo caite faoin míshástacht i measc imreoirí idirchontae Chorcaí ag tosach na mílaoise. Taca an ama chéanna bunaíodh Cumann na nImreoirí Gaelacha, an GPA, agus bhí cúl báire Chorcaí Dónal Óg Cusack agus a dhlúthchara Seán Óg Ó hAilpín go láidir ann.

Ach mar a bhíonn le haon ghluaiseacht nua, bhí fadhbanna agus dúshláin rompu agus, dar ndóigh, bhí formhór na mbord contae agus ceannairí CLG glan i gcoinne an chumainn nuabhunaithe seo. Chomh maith leis sin bhí mórán imreoirí ann a bhí thar a bheith sásta a bheith ag imirt dá gcontae agus gan aon fhonn orthu a bheith glórach nó cáinteach.

Ach bhí ceannairí láidre misniúla timpeall na tíre a bhí sásta dul sa tseans agus seasamh i gcoinne an chórais.

Lean an GPA ar aghaidh cé go raibh mórán constaicí rompu.

Ach oiread le gach contae sa tír bhí imreoirí i measc iománaithe Chorcaí nach raibh sásta seasamh i gcoinne an bhoird. B’fhearr leosan gan aon aird a tharraingt orthu féin agus díriú ar an iomáint. Bhuadar craobh na Mumhan faoi stiúir Jimmy Barry Murphy don dara bliain ach chailleadar cluiche leathcheannais na hÉireann i gcoinne Uíbh Fhailí. Ag deireadh na bliana d’éirigh Barry Murphy as a phost mar bhainisteoir agus ceapadh duine dá roghnóirí, Tom Cashman, mar bhainisteoir.

Ach séasúr gearr a bhí aige in 2001 mar chaill siad an chéad bhabhta in aghaidh Luimnigh agus b’in deireadh leo de réir an tseanchórais.

I ndiaidh an chluiche sin bhí mórán scéalta sna meáin faoi na fadhbanna a bhí ag an bhfoireann roimh an gcluiche agus, dar ndóigh, le linn an chluiche.

Na fadhbanna a tharla roimhe is mó a bhí sna ceannlínte.

Bhí an cluiche i bPáirc Uí Chaoimh agus deineadh cinneadh go mbeadh an béile roimhe i bPáirc Uí Rinn. Is leor a rá nach mbeadh aon réalta Michelin tuillte ag an gcistin sin don bhia a d’ullmhaítí inti. Ní róshásta a bhí na himreoirí leis an mbia an lá sin.

I ndiaidh an bhéile, agus an lá fíorthe, thóg an turas gearr (cúig nóiméad) go dtí Páirc Uí Chaoimh timpeall leathuair an chloig mar bhí an-trácht ar an mbóthar agus an slua ar fad ag siúl i dtreo na staide. Ní raibh aon ghluaisrothaithe de chuid an Gharda Síochána ann leis na himreoirí a thionlacan go dtí an pháirc agus deirimse leat go raibh strus agus frustrachas le braistint faoin am ar shroicheamar an staid agus muid déanach go leor.

Ach ní raibh an anachain thart go fóill.

Bhí ar na himreoirí brú tríd an slua ollmhór isteach an doras go dtí an tollán a bhí dubh le daoine. Cinneadh go ndéanfaí prapáil sa halla a bhí tamall beag ós na seomraí feistis, rud a chiallaigh go raibh ar na himreoirí brú isteach sa tollán arís agus é fós plódaithe.

Ní raibh aon leithreas sa halla agus fonn leithris ar dhuine nó beirt imreoirí ar a laghad, mar a bhíonn i gcónaí ag an nóiméad deireanach roimh chluiche. I gceann de chúinní an halla a rinneadar an beart an lá sin.

Ina dhiaidh sin uile, chailleadar an cluiche.

Chuir drocheagrú an lae sin go mór leis an tuairim a bhí ag cuid maith de na himreoirí gur beag an meas a bhí ag na húdaráis orthu.

I mo thuairimse b’in ceann de na laethanta a chuir go mór leis an bhfrustrachas a bhí ag fiuchadh le tamall. Roimhe sin ní raibh aon dream toilteanach an fód a sheasamh agus iad féin a chur sa bhearna bhaoil.

D’éirigh Cashman as a phost mar bhainisteoir. Bhí i bhfad Éireann níos mó aighneas agus i bhfad níos mó de le teacht in 2002.

Fág freagra ar 'An lá ar bhris ar fhoighne cheannaircigh na gcamán cois Laoi'