An ionann an Béarla ar TG4 agus ‘milseán rómhilis’ a dhéanann dochar don teanga?

Cur chuige dátheangach na stáisiún teilifíse ceilteach faoi chaibidil ag Féile na Meán Ceilteach in Inbhir Nis ar maidin

Telefís TG4

An Béarla, na fotheidil agus an ceol tíre ar TG4 – an ‘milseáin rómhilse’ iad a dhéanann dochar don teanga?

An íocann TG4 praghas ró-ard ar bheith istigh a thabhairt do chách?

An mbíonn lucht bainistíochta TG4, S4C agus BBC Alba chomh tógtha sin le figiúirí féachana go bhfuil an baol ann go gcuirfidh siad an lucht féachana is dílse acu ó dhoras agus go mbainfidh siad an bonn de na teangacha ar bunaíodh iad chun freastal orthu?

Gealltar go mbeidh na ceisteanna sin ar fad i measc na n-ábhar a phléifear agus cur chuige dátheangach na stáisiún teilifíse ceilteach faoi chaibidil ag Féile na Meán Ceilteach in Inbhir Nis ar maidin.

Sport, Subtitles, and Country Music – Healthy supplements or addictive sweeteners for indigenous language broadcasters? is teideal don ndíospóireacht a mbeidh Pádhraic Ó Ciardha, Leas-Phríomhfheidhmeannach TG4, ina chathaoirleach uirthi.

Ar an bpainéal don díospóireacht, beidh Grúpcheannasaí Gaeilge RTÉ, Rónán Mac Con Iomaire, Cerith Williams, léiritheoir ón mBreatain Bheag, agus an scríbhneoir Albanach, Aonghas MacNeacail.

Ceist achrannach do na craoltóirí ceilteacha í ceist an Bhéarla go háirithe, agus tá feachtas ar bun in Albain le tamall maidir le húsáid fotheidil Bhéarla ar BBC Alba.

Maíonn lucht an fheachtais nach bhfuil aon dualgas a thuilleadh ar BBC Alba lucht féachana mór a bhaint amach agus nach bhfuil aon leithscéal dá bharr faoin méid Béarla a bhíonn ar an stáisiún.

Níl aon fheachtas dá leithéid bunaithe fós i gcoinne pholasaí dátheangach TG4 agus dar leis an saineolaí ar chúrsaí aistriúcháin, an Dr. Eithne O’ Connell, go bhfuil lucht na Gaeilge ‘ceart dom, ceart duit’ faoi cheist na bhfotheideal.

“In any case, however annoying some Irish speakers may find open English subtitles, many of them to date have adopted a ‘live and let live’ attitude, probably accepting the TG4 line that Irish language programmes with English open subtitles represent a fair compromise between the needs of competing linguistic groups,” a scríobh an Dr. O’ Connell le déanaí.

Dar leis an Dr. O’ Connell go bhfuil “something bogus” faoin maíomh “that an Irish (or Gàidhlig) language programme broadcast with open English subtitles is in any meaningful way really serving the linguistic needs of its speakers”.

Deir sí go bhfuil sé thar am aghaidh a thabhairt ar na himpleachtaí teangeolaíocha a bhaineann le polasaithe aistriúcháin TG4 agus BBC Alba.

Fág freagra ar 'An ionann an Béarla ar TG4 agus ‘milseán rómhilis’ a dhéanann dochar don teanga?'

  • Gabriel Rosenstock

    Litearthacht sa Bhéarla atá á cur chun cinn le fotheidil Bhéarla, nach ea?
    Fotheidil Ghaeilge atá uaimse! (Scannáin i dteangacha eile agus fotheidil Ghaeilge leo, abair).

  • CríostóirOF

    Is fuath liom na fotheidil Béarla eiginteach ar TG4, tá sé i bhfad thar ama go mbeidh rogha ann Gaeilge, Béarla nó gan na fotheidil a bheith ann. Tá sé ar fáil do S4C ar Sky, ní thuigim cén fáth nár féidir é a dhéanamh ar TG4.

    • Tuigim

      Go díreach

  • Lisa Storey

    Taing airson seo a sgrìobhadh. Tha an deasbad a’ dol gu làidir ann an Alba. Tha sinn air litir a chur gu na h-ughdarasan, MG ALBA agus BBC Scotland, a tha os cionn BBC Alba:

    https://www.gaidhlig.tv/post/114210233687/litir-fhosgailte-bbc-alba-23-04-2015

    Tove Skutnabb-Kangas agus Prof Robert Phillipson, Copenhagen air an liosta.

  • Tuigim

    Ba chóir go mbeadh daoine atá ag iarraidh an teanga a fhoghlaim fotheidil a fheiceáil má roghnaíonn siad é sin le cnaipe.

    Nuair a scaoil Coláiste Lurgan amhráin ar nós ‘Saor ón Suan’ amach, spreag siad suim sa teanga.
    Is bhí daoine ag iarraidh an teanga a fhoghlaim.
    Ceist #1 An bhfuil bhur dteanga féin agaibh? úaú! Iontach ar fad. Iad dáiríre faoin ionadh & an meas.
    Ceist #2 Céard is brí leis na liricí?
    Ceist #3 Cén chaoi an féidir liom an teanga a fhoghlaim?
    Neart daoine ag foghlaim Gaeilge anois i dtíortha i bhfad i gcéin mar gheall ar Choláiste Lurgan.
    Cabhraíonn sé go mór le teanga a fhoghlaim na fotheidil a fheiceáil. bealach an teanga a shábháil.

    ACH
    is muid ag breathnú ar an nuacht as Béarla, níl fotheidil as Gaeilge ar fáil dúinn. Agus ní gá. Sin an rud. Nuair nach bhfuil gá le rud, ná déan é mar cuireann sé isteach ar dhaoine.

    Mar sin,
    tuig go bhfuil na fotheidil ag cur isteach ar na daoine le greim mhaith acu ar an dteanga.
    Tuig gur ionsaí ar an dteanga an Béarla sa chás sin. Ná hionsaigh an teanga.

    Tuig FREISIN go gcaithfimid ár dteanga a shábháil mar tá sí i gcontúirt. Cabhróidh sé le go leor daoine na fotheidil a fheiceáil is iad ar an mbóthar go flúirseacht.

    Tabhair rogha do dhaoine.
    Bíodh bealach ann fotheidil a chur air nó a mhúcadh de réir mar a oireann sé do dhaoine.

  • Tuigim

    Mar a scríobh GR thuas, chuir fotheidil as Gaeilge isteach sa rogha sin le bhur dtoil.

  • Ceolinis

    Sea. Táim ag foghlaim Fraincise faoi láthair agus is mó an cabhair a thugann fótheidil Fraincise dom. D’fhéadfadh foghlaimeoirí na Gaeilge, agus feabhsóirí fosta, leas a bhaint as fótheidil Gaeilge ar an gcaoi céanna.

    Ach tháining mé ar rud níos measa ar TG4 anocht, i.e. fógra faoin reifreann i mBéarla. Má leanann TG4 sa treo seo, seans go mbeidh a raison d’être caillte aici?