An i dTiobraid Árann, Ciarraí nó Gaeltacht Chorcaí a buaileadh an chéad bhuille i gCogadh na Saoirse?

Is minic ráite é gurbh é an luíochán i Sulchóid Bheag tús Chogadh na Saoirse, ach níl chuile dhuine ar aon intinn faoi sin Seosamh Ó Cuaig

An i dTiobraid Árann, Ciarraí nó Gaeltacht Chorcaí a buaileadh an chéad bhuille i gCogadh na Saoirse?

D’éirigh thar barr leis an gcomóradh i Sulchóid Bheag de réir gach tuairisce. Dúradh i nuachtán amháin go raibh míle duine ann. Míle go leith duine a bhí ann a dúradh i nuachtán eile.

Ócáid dhínitiúil a bhí inti. Bhí gaolta an dreama a rinne an luíochán ansin agus muintir an dá phóilín a maraíodh.

Labhair Éamon Ó Cuív go maith ann. Níor ghéill sé don dream atá ag iarraidh beag is fiú a dhéanamh do Chogadh na Saoirse agus amhras a chaitheamh go háirithe ar an luíochán a rinneadh i Sulchóid Bheag.

Is é an deilín is minice acu siúd nach raibh a mbeannacht tugtha ag Ceanncheathrú na nÓglach i mBaile Átha Cliath don luíochán. Tá freagra an-soiléir ag Éamon Ó Cuív orthu. Deir seisean go raibh ordú tugtha i bhfad roimhe sin do na hÓglaigh gunnaí, armlón agus ábhar pléascach a fháil in áit ar bith a bhféadfaidís a theacht orthu.

Is minic ráite é gurbh é an luíochán i Sulchóid Bheag tús Chogadh na Saoirse. Níl sin ceart ach oiread a dúirt Tim Pat Coogan in alt leis a foilsíodh san Irish Independent.

I gCiarraí ar an 13 Aibreán an bhliain roimhe sin a rinneadh an chéad ionsaí, a dúirt seisean.

Óglaigh Bhaile Mhic Eileagóid a rinne ionsaí ar bheairic Ghort an tSléibhe. Sa chás sin ba iad na póilíní a thosaigh ag scaoileadh na bpiléar. Níor thug siad fógra ar bith ach oiread agus mharaigh siad beirt de na hÓglaigh.

Fuair an dá phóilín ardú céime láithreach: rinneadh sáirsint de dhuine acu agus Cigire Ceantair don fhear eile.

Ba iad Tom McEllistrim agus John Cronin a bhí i gceannas ar Óglaigh na hÉireann sa gceantar. Shocraigh siadsan an bheirt phóilíní a mharú.

D’fhan siad i dteach tábhairne Harty i dTrá Lí mar a raibh amharc maith acu ar an bpríomhshráid. Bhí dhá ghránghunna acu i mála. Nuair a tháinig na póilíní an bealach rith siad amach agus na gránghunnaí tarraingthe acu. Ar an drochuair bhuail McEllistrim faoi dhuine eicínt, baineadh tuisle as agus leagadh é. Lig bean scread. Thug sin fógra do na póilíní.

Bhuail piléar an póilín Fallon sa muineál ach níor maraíodh é. Tháinig an póilín eile, Boyle, slán freisin.

Chaith Cronin agus McEllistrim uathu na gránghunnaí ar an tsráid, rith siad ar ais sa teach tábhairne agus d’éalaigh siad trí chúldoras.

Is maith le muintir Chorcaí a cheapadh gur i nGaeltacht a gcontae féin a buaileadh an chéad bhuille feidhmiúil i gCogadh na Saoirse.

Feis a bhí i mBaile Bhuirne ar 7 Iúil, 1918. Tháinig fórsa mór póilíní ann a raibh meaisínghunna agus raidhfilí acu. D’ordaigh siad don slua scaipeadh.

Tháinig lucht na Feise le chéile arís i gCúil Aodha agus bhí tráthnóna croídhílis acu.

Rinneadh luíochán ar an dá phóilín, Butler agus Bennett, agus iad ar a mbealach as Baile Bhuirne. Nuair a fógraíodh orthu géilleadh tharraing siad a gcuid gunnaí.

Sa rúcam a tharla goineadh Butler sa muineál agus síneadh Bennett gan aithne gan urlabhra. Tháinig an bheirt acu chucu féin ina dhiaidh sin.

Chroch na hÓglaigh leo 100 piléar 303.

B’in ionsaí eile nár ordaigh Ceanncheathrú na nÓglach i mBaile Átha Cliath.

Le filleadh ar Shulchóid Bheag, in alt a bhí ag Joe O’Toole san Irish Independent thagair sé do Mháirtín Mac Cormaic, an Gaeilgeoir a bhíodh ag obair don nuachtán sin. Mhol sé Máirtín, a raibh a athair páirteach i luíochán Shulchóid Bheag, as ucht a rá gur cheart ainmneacha an dá phóilín a maraíodh i Sulchóid Bheag a chur ar an leacht ansin.

Rinne Joe botún mór amháin, áfach: dúirt sé gur cailleadh Máirtín cúpla bliain ó shin.

Go deimhin, muis, níor cailleadh: bhí mé ag caint leis ar an nguthán an lá faoi dheireadh agus is é a bhí beo bíogach agus chomh meabhrach le luch.

Fág freagra ar 'An i dTiobraid Árann, Ciarraí nó Gaeltacht Chorcaí a buaileadh an chéad bhuille i gCogadh na Saoirse?'

  • Concubhar Ó Liatháin

    Níl Seosamh cruinn ó thaobh na feise a bhí le bheith i gCúil Aodha, i bPáirc na Manglaí, congarach don áit a bhfuil Muintir Riada ina gcónaí anois. Ní raibh i gceist go mbeadh an feis i mBaile Mhúirne. Chuir na h-údaráis cosc ar an bhfeis ach cuirtear síos i leabhar Dhonnchá Bháin Uí Chéilleachair, Mo Scéal Féin, gurb iad na múinteoirí áitiúla, Cáit Ní Shuibhne Uí Liatháin, mo sheanamhathair, agus Miss Murphy, a d’eagraigh an fhéis agus in áit é a chur ar ceal de réir cosc an údaráis, cuireadh siar go Cúm Uí Chlúmháin é agus lean sé ar aghaidh gan cur isteach.
    Féach ar an bhfíseán seo chun an scéal cruinn faoin bhfeis a fháil….

  • Seosamh Ó Cuaig

    Go raibh míle maith agat, a Chonchubhair.