Beidh An Gúm ag fágáil na hoifige atá acu ar Shráid Fhreidric i dtuaisceart Bhaile Átha Cliath an tseachtain seo chugainn agus oibrithe na háisíneachta foilsitheoireachta le hathlonnú chuig 7 Cearnóg Mhuirfean, mar a mbeidh ceannáras Fhoras na Gaeilge nó go n-aistreoidh an eagraíocht go dtí Sráid Amiens i gceann sé mhí.
Fanfaidh an Gúm in oifigí an Fhorais go ceann leathbhliana a fhad is atá an ceannáras nua a bheidh ag Foras na Gaeilge ar Shráid Amiens ar an taobh eile den chathair á réiteach.
Thug an tAire Stáit Gaeltachta Seán Kyne le fios sa Dáil ag tús na míosa go bhfuil cead ‘foirmeálta’ faighte ag an eagraíocht trasteorann ó Roinn na Gaeltachta agus an Roinn Pobal aistriú go 63-66 Sráid Amiens.
Tá an Gúm lonnaithe ar Shráid Fhreidric le tamall maith de bhlianta agus is ann atá foireann an Fhoclóra Nua Béarla-Gaeilge lonnaithe chomh maith.
Beidh an eagraíocht, a chuireann foilseacháin agus áiseanna eile ar fáil a thacaíonn leis an oideachas trí mheán na Gaeilge agus le húsáid na Gaeilge i gcoitinne, ag bogadh in éineacht leis an bhForas go dtí an ceannáras nua ar Shráid Amiens an fómhar seo.
Tá obair athchóirithe le déanamh ar an bhfoirgneamh sula mbogfaidh an fhoireann isteach, agus síneofar an léas foirmeálta don fhoirgneamh nuair a bheidh an obair sin curtha i gcrích agus an fhoireann réidh le haistriú.
Is san fhoirgneamh seo a bhíodh comhlacht cuntasaíochta an iarThaoisigh Charlie Haughey agus a chomhpháirtí Harry Boland, agus is ‘Haughey and Boland’s’ a thugann cuid mhaith de mhuintir na háite ar an bhfoirgneamh go fóill, in ainneoin tionóntaí eile a bheith lonnaithe ann le blianta fada.
Ó d’fhág Haughey Boland an foirgneamh, bhí oifigí ag Telecom Éireann, agus níos deireanaí ag Eircom ann. Bhí an foirgneamh folamh ar feadh i bhfad i ndiaidh d’Eircom aistriú chuig oifigí nua i dTeach Liatroma. Bhí oifigí ar cíos ag Clúid Housing ann le blianta beaga anuas, ach tá an eagraíocht sin lonnaithe anois ar Shráid Sirriam.
Tuairiscíodh i mí Feabhra go raibh aighneas idir foireann agus lucht bainistíochta Fhoras na Gaeilge maidir leis an gcinneadh go mbogfaí ceannáras na heagraíochta teanga ó Chearnóg Mhuirfean chuig Sráid Amiens i dtuaisceart na cathrach.
Shéan Cathaoirleach Bhord Fhoras na Gaeilge, Pól Ó Gallchóir, go raibh aon bhunús le líomhaintí a rinne ball foirne faoin bpróiseas aistrithe oifige, líomhaintí a rinneadh faoi scáth na reachtaíochta a tugadh isteach mar chosaint do sceithirí.
Fág freagra ar 'An Gúm le bogadh ó Shráid Fhreidric go Cearnóg Mhuirfean agus as sin go Sráid Amiens'