An gradam do ‘Leabhar Gaeilge na Bliana’ buaite ag ‘Tairngreacht’ ag Irish Book Awards An Post

Is é Proinsias Mac a’Bhaird, údar ‘Tairngreacht’, a thug leis an duais do Leabhar Gaeilge na Bliana i rannóg LoveLeabharGaeilge ag gradaim litríochta An Post i mBaile Átha Cliath anocht

An gradam do ‘Leabhar Gaeilge na Bliana’ buaite ag ‘Tairngreacht’ ag Irish Book Awards An Post

Tá an gradam do ‘Leabhar Gaeilge na Bliana’ buaite ag Tairngreacht le Proinsias Mac a’Bhaird ag na mórghradaim litríochta, An Post Irish Book Awards, a bhí ar siúl i mBaile Átha Cliath anocht. Ag ócáid speisialta san Ionad Comhdhála a fógraíodh na torthaí.

Bhí ceithre úrscéal i measc na sé leabhar a bhí ainmnithe do ghradam ‘Leabhar Gaeilge na Bliana’ An Post i mbliana: Gráinne – Gaiscíoch Gael (Cois Life) le Siobhán Parkinson; Cití na gCártaí le Réaltán Ní Leannáin; An Tromdhámh (Leabhar Breac) le Feargal Ó Béarra; agus Tairngreacht le Proinsias Mac a’Bhaird. Cnuasach gearrscéalta, Gáire in Éag (Éabhlóid) le Seán Ó Muireagáin, agus cuimhní cinn, Mar a Bhí ar dTúsCuimhne Seanghasúir le Joe Steve Ó Neachtain, a bhí sa dá leabhar eile a bhí san iomaíocht don duais.

Is as Árainn Mhór Thír Chonaill do Phroinsias Mac a’Bhaird. Bhain a chéad leabhar Cogar san Fharraige (Coiscéim, 2002) le béaloideas Árainn Mhór. Tá trí chnuasach filíochta scríofa aige, trí úrscéal, An Tairiscint (Coiscéim, 2005), Rún an Bhonnáin (LeabhairCOMHAR, 2010),  agus Fatwa (Coiscéim 2019) agus leabhair do dhaoine óga. Tá gearrscéalta, drámaí agus amhráin scríofa aige chomh maith.

Leabhar ficsin é Tairngreacht atá suite sa Vatacáin agus mistéir, dúnmharú agus comhcheilg mar théama ann. Tá dúnmharú agus iarracht ar chomhcheilg a bhainfeadh an bonn de chumhacht an Phápa agus a chuirfeadh deireadh leis an Eaglais i gcroílár an scéil.

Cuirtear saol phríomhcharachtar an úrscéil, Conchúir Ó Braonáin bunoscionn go hiomlán nuair a thagann sé ar dhúnmharú scáfar ar mhullach uaigheanna Uí Néill agus Uí Dhónaill sa Róimh. Gan mhoill tá a bheatha féin i mbaol agus caithfidh sé aghaidh a thabhairt ar sheict dhorcha a bhfuil a fréamhacha aici sa luathChríostaíocht agus ar thairngreacht a d’athródh an saol go deo.

Bronnadh an chéad duais i gComórtais Liteartha an Oireachtais ar an úrscéal seo. LeabhairCOMHAR a d’fhoilsigh an saothar.

Fág freagra ar 'An gradam do ‘Leabhar Gaeilge na Bliana’ buaite ag ‘Tairngreacht’ ag Irish Book Awards An Post'

  • Máiread

    Francis Mc Carthy is hardly the correct translation for Proinsias Mac A Bhaird!

  • Con Ó Murchú

    They don’t care, a Mhairead.