Glór Chorca Dhuibhne ag caint anois leat ar Abair.ie! (LE FUAIM)

Seolfar áiseanna nua a cuireadh leis an suíomh urlabhra ABAIR le deireanas ag Oireachtas na Samhna in Óstán an Citywest Déardaoin

Abair.ie

Beidh blas Muimhneach le cloisteáil ar an suíomh ABAIR nuair a sheolfar trí áis nua ar an suíomh ag Oireachtas na Samhna in Óstán an Citywest.

Le blianta beaga anuas, ní raibh ach blas Chonamara agus blas Ghaoth Dobhair ar fáil ar an nglór a abrann aon téacs Gaeilge os ard. Tá sé mar aidhm ag forbróirí an tsuímh go mbeidh glórtha na gcanúintí ar fad ar fáil amach anseo.

“Tá sé tábhachtach go mbeadh daoine in ann a rogha glóir agus canúna a phiocadh le haghaidh na n-áiseanna a eascraíonn as ABAIR,” a dúirt urlabhraí ón tionscadal taighde.

Tá córas ‘HTS’ á úsáid i láthair na huaire chun glór Chorca Dhuibhne a ghiniúint. Léann an córas HTS go sciobtha, ach ní bhíonn an blas chomh nádúrtha sin i gcomparáid leis an gcóras eile atá in úsáid ag ABAIR don dá chanúint eile.

Mar sin féin táthar sásta leis an gcóras nua agus táthar ag obair lena fheabhsú. Amach anseo, tá sé i gceist go mbeidh lucht ABAIR ag úsáid modhanna eile leis an tsintéis a ghiniúint agus go mbeidh feabhas á chur ar na glórtha.

Is é an tAire Stáit Gaeltachta Joe McHugh a dhéanfaidh Glór Chorca Dhuibhne a sheoladh chomh maith le léitheoir scáileán nua le Gaeilge agus áis litearthachta nua darb ainm ‘CabairE’.

Is éard atá i gceist leis an léitheoir scáileáin ná clár ríomhaireachta a léann gach a bhfuil ar scáileán amach os ard. Is féidir le daoine atá faoi mhíchumas a ríomhaire a úsáid mar a dhéanann gach duine eile nuair atá an léitheoir scáileáin ar siúl.

Ní raibh a leithéid de bhogearra ar fáil i nGaeilge le fada an lá mar is annamh a dhéantar áiseanna den chineál sin do mhionteangacha toisc go mbíonn infheistiú mór taighde i gceist agus go mbraitear go bhfuil an margadh róbheag.

Tá lucht ABAIR ag súil go mbeidh lucht labhartha na Gaeilge atá faoi mhíchumas in ann páirt níos mó a ghlacadh i saol digiteach na Gaeilge ach a mbeidh fáil acu ar an léitheoir nua seo. Táthar ag súil go gcabhróidh sé i réimse an oideachais agus i réimse na hoibre chomh maith. Táthar ag súil go mbeidh sé mar chabhair chomh maith do dhaoine atá scartha amach ón ‘nGaeltacht Dhigiteach’ toisc nach féidir leo tairbhe a bhaint as na háiseanna ar fad atá ar líne.

Tá an áis litearthachta CabairE bunaithe ar na glórtha sintéiseacha a forbraíodh mar chuid den tionscadal ABAIR. Mar thacaíocht d’fhoghlaimeoirí agus do mhúinteoirí na Gaeilge, déanann CabairE aibhsiú focal ar fhocal nó frása ar fhrása ar pé téacs a thugtar don chóras. Is féidir luas na cainte a rialú – ag dul ó luas fíormhall go hardluas. Is féidir zúmáil isteach agus amach agus is féidir éisteacht le fuaimniú focail aonair nó éisteacht le hailt iomlána leis an áis seo.

Fág freagra ar 'Glór Chorca Dhuibhne ag caint anois leat ar Abair.ie! (LE FUAIM)'

  • sean@hotmail.com

    más maith is rímhithid!