An ghrian ag éirí arís agus na Cluichí Oilimpeacha ag filleadh ar Thóiceo

$282,000,000 a chosain Cluichí Oilimpeacha 1964 i dTóiceo, 1% de bhuiséad chinn 2020

An ghrian ag éirí arís agus na Cluichí Oilimpeacha ag filleadh ar Thóiceo

Den chéad uair le mo linnse, fillfidh na Cluichí Oilimpeacha ar chathair inar facthas cheana iad an bhliain seo amach romhainn. Bhí dhá bhliain meánscolaíochta déanta agam nuair a sheol an tImpire Hirohito na himeachtaí i dTóiceo i 1964. Shíl mé go raibh sé chomh sean leis an gceo nuair a chonaic mé ar an scáileán gráinneach teilifíse é, cé nach raibh sé mórán le cois na trí scór. Is sine mé féin anois ná an an tImpire Naruhito a dhéanfas an cúram ar an 24 Iúil seo chugainn.

Ba iad Cluichí 1964 na cinn ba thúisce a reáchtáladh san Áise agus na cinn ba thúisce freisin a ’spáineadh ar fud an domhain ar an mboiscín dubh agus bán a raibh mise ag brath air. Sa bhfómhar a bhíodar ar bun ar mhaithe le teas mór an tsamhraidh a sheachaint.

Den chéad uair facthas iad siúd a bhí i mbun na léimní cuaille ag baint úsáid as polla déanta as snáithín gloine agus den uair dheireanach ba ar thraic a bhí déanta as cnámhóga (cinders) a bhí na reathaithe ag rith. Faoin am a dtáinig cluichí Mheicsiceo bhí an plaisteach ar an saol.

Dornálaí darbh ainm Joe Frazier a bhuaigh an bonn óir i roinn an trom-mheáchain, bhí Peter Snell na Nua-Shéalainne ar an gcéad duine a rinne amhlaidh i rásaí an 800m agus 1500m agus bhuaigh snámhaí de chuid na hAstráile Dawn Fraser an rás ceannais 100m saorbhuille den tríú huair as a chéile.

Ba iad na Cluichí Oilimpeacha sin an sprioc a bhí ag na hinnealtóirí a rinne dearadh ar an traein philéir a raibh luas 200 ciliméadar san uair inti agus a rinne an turas ba thúisce aici as Tóiceo go Osaka cosamar seachtaine sular thosaigh na Cluichí. Tuairim ceithre huaire an chloig a thóg an t-aistear.

Sin dúbailt an ama a thógann an 515 ciliméadar ar thraein philéir an lae inniu.

$282 milliún ($280,000,000) a chosain Cluichí Oilimpeacha 1964 – tógáil na n-ionad iomaíochta, teicneolaíocht, pá oibrithe, costas riaracháin, lónadóireacht, taisteal agus lárionaid na lúthchleasaithe agus na meán san áireamh.

Caithfidh tú dhá neamhní lena chois sin a chur leis an bhfigiúir $2.5 billiún ($25,000,000,000) a bhaineann le heagrú na gCluichí seo atá ag teacht. Sin le rá gur reáchtáladh Cluichí 1964 ar 1% de bhuiséad chinn 2020.

Dá mbeadh luas na traenach méadaithe ar an ráta céanna sin bheadh Osaka sroichte aici leathuair an chloig sular fhág sí Tóiceo beag ná mór!

Is é éirí na gréine an mana a bhain le Cluichí Oilimpeacha 1964 – sin a thugann na Seapánaigh féin ar na hoileáin ar a maireann siad mar go samhlaítear dóibh gur ó na háiteacha céanna a ardaíonn sí sula scaipeann a solas ar an gcuid eile den Áise. Sin freisin ar ndóigh an bhratach náisiúnta.

Tá ciorcal i gcroílár lógó 2020 freisin ach anois gur dath gorm nó indeagó atá air agus gur as dronuilleoga atá sé cruthaithe. Tá ceangal faoi leith idir an dath sin agus stair na Seapáine agus baineadh úsáid as dronuilleoga de mhéideanna difriúla lena thaispeáint gur féidir go mbeadh ‘aontas san éagsúlacht’.

Beidh iomaíocht ar leathdhosaen spórt i dTóiceo an bhliain seo ag teacht nár fachthas i Londain – daorchluiche (baseball) don na fir agus bogliathróid do na mná, karate, clárscátáil, dreapadóireacht agus surfáil.

Aontas na Sóivéide, mar a bhí, ba mhó a thug boinn abhaile leo i 1964, iad i bhfoisceacht ceithre cinn den chéad – 30 bonn óir, 31 bonn airgid agus 35 bonn cré-umha, ní bheidh aon ionadaíocht i dTóiceo ag an tír is mó atá fanta den Aontas sin – tá fionraíocht ceithre bliana le cur isteach ag an Rúis sula scaoilfear i mbun iomaíochta arís í in aon mhórchomórtas spóirt siocair nár chloígh siad le rialacha a bhain le dópáil.

Beidh sé de chead ag lúthchleasaithe de chuid na tíre sin atá in ann a chruthú go bhfuileadar glan ar neamhchomhlíonadh na Rúise páirt a ghlacadh sna Cluichí agus sna Cluichí Parailimpeacha i dTóiceo ach ní faoi scáth a mbrataí náisiúnta a dhéanfaidh siad amhlaidh.

M’fhearacht féin is dócha gur ar an teilifís a bheas formhór agaibh ag brath idir an 24 Iúil agus an 9 Lúnasa. Ní taobh leis an sean-Pye a bhí againne fadó a bheas sibh ach an oiread, ceann a raibh bundún crainn de thóin siar as agus línte de shíor ag dul óna bhun go dtína bharr. Tá cinn ardghléine a bhfuil leithead geata cúig troithe iontu, chomh caol le snáthaid agus carnán ‘subwoofers’ ag tafann as chuile chúinne chomh fairsing le sprémhóin na laethanta seo!

Naoi n-uaire an chloig chun cinn ar Éirinn atá Tóiceo ó thaobh ama. Le linn sheisiúin an tráthnóna ansiúd (7pm – 9.30pm den chuid is mó) a rithfear bunáite na rásaí ceannais is tábhachtaí ar an traic – feilfidh sé sin an té a bheas ag breathnú anseo orthu mar gur idir 10am agus beagán tar éis an mheán lae a bheas sé in Éirinn.

Más uait iomaíocht na maidine a fheiceáil ina theannta sin, tá sé chomh maith duit an tocht a tharraingt síos sa seomra suite, nó an teilifís a leagan ag cos na leapan mar gur idir meán oíche agus 3.30 ar maidin, am na tíre seo, a bheas siad siúd ar bun thall.

Triúr reathaithe Éireannach atá cáilithe go dtí seo – Fionnuala McCormack agus Paul Pollock (maratón) mar aon le Ciara Mageean (1500m). Beidh Liam Jegou sa gcanú C1, Rhys McCleneghan ag gleacaíocht, foireann eachaíochta, an rámhaí Sanita Puspure agus trí fhoireann ina teannta, an seoltóir Aisling Keller, na snámhaithe Darragh Greene agus Shane Ryan agus Natalya Coyle sa nuapheantatlan.

Beidh cúpla mí eile ag tuilleadh lúthchleasaithe lena dticéad a chur in áirithe – i gcás na ndornálaithe comórtais a bheas ar siúl i Londain i mí an Mhárta agus Craobhacha an Domhain i bPáras faoi Bhealtaine a shocróidh sin agus tá go deireadh an Mheithimh ag na reathaithe.

Sonas orthu agus oraibh ar fad.

Fág freagra ar 'An ghrian ag éirí arís agus na Cluichí Oilimpeacha ag filleadh ar Thóiceo'