A fhad is atá Arlene Foster agus baill eile den DUP ag casadh le grúpaí Gaeilge le ceist an Achta Gaeilge agus cearta eile cainteoirí Gaeilge a phlé, tá Aontachtaithe eile ag cur cosa i dtaca maidir le cás na Gaeilge ó thuaidh.
Dúirt ceannaire an TUV, Jim Allister, inniu gur léiriú ar mheon Arlene Foster agus an DUP é “an ghlúin a bheith á feacadh acu do lucht na Gaeilge” i leith “díBhreatainiú Thuaisceart Éireann”, agus gur comhartha é go mbeidh an DUP “sásta praghas Shinn Féin a íoc” le greim a choinneáil ar an gcumhacht i Stormont.
“Diúltóidh an TUV scun scan do chur i bhfeidhm Acht Teanga de chineál ar bith. Cheana féin, tá maoiniú speisialta á chaitheamh go fial flaithiúil ar an nGaeilge, tá foras teanga Thuaidh/Theas ann, agus tá earnáil Ghaelscolaíochta ann a dtugtar cóir mhíchothrom di.
“Tá Sinn Féin agus dreamanna cosúil leo, nach féidir a shásamh, ag éileamh níos mó fós: stádas oifigiúil don Ghaeilge i dTuaisceart Éireann, Gaeilge sna cúirteanna, ar na comharthaí bóthair agus ar cháipéisí uile an rialtais; tabharfar tús áite do chainteoirí Gaeilge san earnáil phoiblí agus is iad na daoine gan Ghaeilge a bheidh thíos leis.
“Anuas air sin, beidh costas mór millteach ó thaobh airgead poiblí de i gceist leis an gclár díBhreatainithe seo a mhaoiniú,” a mhaígh Allister, ar iarbhall den DUP é.
Cháin sé an “lagú” atá tagtha ar sheasamh an DUP maidir leis an nGaeilge le roinnt seachtainí anuas agus thug sé “rabhadh” d’Aontachtaithe an Tuaiscirt gan aon mhuinín a chur sa DUP.
“D’fhógair an DUP go dána nach ‘mbeathófaí an crogall’ agus nach nglacfaí ‘riamh ná choíche’ le hAcht Gaeilge, ach is léir anois go bhfuil an seasamh sin á lagú agus go bhfuil an DUP ag ullmhú leis an bpraghas a íoc i ndiaidh an toghcháin. Fainic, a Aontachtaithe,” a dúirt sé.
Ní hé í an chéad uair a léirigh ceannaire an Pháirtí Thraidisiúnta Aontachtach imní faoi mheon an DUP i leith an Achta Gaeilge. Dúirt sé an mhí seo caite go raibh faitíos air go n-aontódh an DUP leis an reachtaíocht teanga agus go bhféadfadh go mbeadh “impleachtaí tromchúiseacha” ag an reachtaíocht chéanna.
“Dar le Sinn Féin, is é atá sa cheist seo ná deis an tionchar atá ag an mBreatain ar an tír seo a laghdú. Ní dóigh liom gur féidir géilleadh dóibh maidir le hAcht Teanga ach ní bheadh muinín agam nach ngéillfeadh an DUP don éileamh,” a dúirt Allister.
Dúirt sé go dtarlaíonn sé go minic nach mbítear sásta leis an méid a thugtar agus go n-éilítear tuilleadh lena chois. Dúirt sé go bhfuil eagla air gur amhlaidh a tharlódh i gcás an Achta Gaeilge agus Sinn Féin.
Sa phlécháipéis faoi Acht Gaeilge a d’eisigh Conradh na Gaeilge an mhí seo, maítear go gcosnódh an reachtaíocht £2 milliún in aghaidh na bliana agus £9m thar thréimhse cúig bliana.
Déantar costáil sa phlécháipéis nua ar an soláthar don Ghaeilge a dhéanfaí san Acht i dTionól Stormont, sna húdaráis áitiúla, i gcúrsaí craolacháin agus sa roinn oideachais. Tá caiteachas luaite chomh maith le Coimisinéir Teanga agus le húsáid logainmneacha Gaeilge.
Mhaígh an DUP go gcosnódh sé £100 milliún sa bhliain Acht dá leithéid a thabhairt isteach. Figiúr ‘a fuair an DUP ó Phlútó’ a thug an t-iar-aire airgeadais Máirtín Ó Muilleoir ar an meastachán sin.
Fág freagra ar '‘An ghlúin á feacadh ag an DUP roimh lucht na Gaeilge’ — Jim Allister'